Inimirceach féin

Cúis mhór áthais dom go bhfuil beirt fheisirí de chuid Shinn Féin tofa do Pharlaimint na hEorpa an tseachtain seo, a scríobhann…

Cúis mhór áthais dom go bhfuil beirt fheisirí de chuid Shinn Féin tofa do Pharlaimint na hEorpa an tseachtain seo, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Mura mbeadh ann ach duine amháin bheinn sásta go raibh feisire ag an tír seo san Eoraip atá ina mball de pháirtí uile-Éireann.

Ach tá rud amháin faoin bhua seo ag Sinn Féin a chuireann imní orm. Agus mé ag éisteacht leis an tráchtaireacht éachtach a rinne Raidió na Gaeltachta ar thorthaí na dtoghchán agus an reifrinn, rinne tuairisceoir polaitiúil an stáisiúin, Eoin Ó Murchú, ráiteas a chuir ag smaoineamh mé.

Ag caint a bhí sé ar an dul chun cinn a bhí déanta ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha agus ar an chumas a bhí ag Sinn Féin na sluaite a tharraingt amach chun vótáil ar a son.

READ MORE

Ach, ar seisean agus iarracht de dhíomá ina ghlór, na daoine céanna a tháinig amach chun vótáil ar son Shinn Féin thapaigh siad an deis agus iad sa bhosca vótála chun tacú le seasamh an Rialtais sa reifreann faoi shaoránacht.

Ó cheantair bhochta do mhórchuid vótóirí Shinn Féin agus is mar gheall ar an obair atá déanta ag oibrithe an pháirtí chun cuidiú leo tithe agus seirbhísí sóisialta a fháil atá siad sásta tacú leis an pháirtí sin.

Is beag fonn a bhíonn orthu na háiseanna agus na seirbhísí atá faighte acu le mórchuid dua a roinnt le himircigh ó thíortha thar lear agus is lú an fonn a bhíonn orthu dul in iomaíocht leo le haghaidh jabanna.

Ar an ábhar sin, ghlac cuid mhór acu leis na bréaga a bhí á scaipeadh ag an Rialtas faoin bhaol a bhí ann do na seirbhísí sóisialta agus sláinte cearta saorántachta bheith ag páiste ar bith a bheirtear ar an oileán seo.

Agus cé go raibh Sinn Féin go hoifigiúil ag cur i gcoinne sheasamh an Rialtais sa reifreann, bhí a gcuid iarrthóirí an-chiúin faoi cheist na saoránachta le linn an fheachtas toghchánaíochta.

Mar náisiúnaí a tógadh i dtuaisceart na hÉireann is tábhachtach liom go fóill athaontú na tíre seo agus is cúis áthais dom feisirí a bhfuil an aidhm sin acu bheith i bParlaimint na hEorpa.

Ach is dóigh liom go gcaithfidh na feisirí sin agus ceannairí an pháirtí ar díobh iad a chur ina luí ar a lucht leanúna nach dtacaíonn siad ar chor ar bith leis an tuairim gurb ionann bheith i do náisiúnaí agus bheith ar son cead isteach agus cearta saorántachta a dhiúltú do lucht ciníocha eile.

Tá fianaise againn ó thíortha eile san Eoraip go mbíonn binb agus naimhdeas i leith inimirceach i gceantair ina bhfuil an pobal ag iarraidh teanga agus cultúr dúchais a chosaint.

Le linn thoghchán na huachtaránachta san Fhrainc, ba dhíol suntais an tacaíocht a tugadh sa Bhriotáin agus in Alsace Lorraine, mar shampla, do Le Pen a raibh sé mar pholasaí aige dianchosc a chur ar inimircigh sa tír sin.

Agus is eol dúinn go maith anseo in Éirinn gur dhoiligh go minic idirdhealú a dhéanamh idir náisiúnachas agus frith-Shasanachas.

Ach ní gá aidhm náisiúnta bheith ag pobal agus dearcadh cúng diúltach bheith acu i leith daoine nach bhfuil an aidhm chéanna acu.

Tá tromlach mór de mhuintir an Stáit tar éis cead a thabhairt don Oireachtas an Bunreacht a thugann saorántacht do gach duine a shaolaítear ar an oileán seo a athrú.

Cé go raibh mé féin ar an mhionlach a vótáil ina choinne sin, ní mór dom glacadh le cibé rialacha le haghaidh saoránachta a thabharfaidh an tOireachtas isteach.

Tá dul chun cinn iontach déanta ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla i mBaile Átha Cliath i gceantair ina bhfuil a lán eachtrannach ina gcónaí iontu.

Bheinn ag súil go ndéanfadh na hionadaithetofa sin oiread agus is féidir chun an saol a dhéanamh éasca do na heachtrannaigh sin atá ag iarraidh cur fúthu anseo agus go gcuirfidís in iúl dóibh go bhfuil fáilte rompu, sa pháirtí féin más toil leo é.

D'fhéadfaidís cuidiú leo chun eolas a chur ar stair agus ar chultúr na hÉireann. Cá bhfios nach dtiocfaidh an lá nuair a bheadh duine den chine dubh nó buí ina thaoiseach ar Éirinn aontaithe?