Iomramh achrannach Bhrian

BEOCHEIST: NÍ FADA uainn anois an chéad chuid den mbille a d’fhág an Tíogar Ceiteach ina dhiaidh

BEOCHEIST:NÍ FADA uainn anois an chéad chuid den mbille a d'fhág an Tíogar Ceiteach ina dhiaidh. Fágadh samhradh iomlán inar sceith airgead an Stáit amach as an tír mar a bheadh uisce ag brúchtadh as abha na Sionainne. Chuir an tAire Airgeadais cúpla fód i bpoll sa mbruach agus dúirt go bhfanfadh sé go mí na Nollag chun iomlán na péine a fhógairt.

Bhuel, ní féidir lá an drochscéala a chur ar ceal a thuilleadh. Tá an cur is cúiteamh faoi thuarascáil Mhic Cárthaigh agus faoi na tuarascálacha eile thart. Tá a gcuid bagairtí scaoilte ag na ceardchumainn.

Anois tá lá an Luain eacnamaích tagtha agus tá an pobal, nó an méid den bpobal a dhéanann machnamh dian air, ag súil nach sop in áit na scuaibe a chuirfear os a gcomhair.

Tuigeann an chuid is mó den bpobal doimhneacht an phoill ina bhfuilimid agus tá siad réidh don ualach breise airgeadais a chuirfear orthu má roinntear go cothrom é.

READ MORE

Ach tuigeann siad freisin nach aon am teite é seo, nach bhfuil aon áit don gcladhaireacht i gceannaireacht. Is eol dóibh gur bagairt í an ghéarchéim seo, ní amháin dár neamhspleáchas mar Stát a ceannaíodh go daor, ach do thodhchaí a gcuid leanaí.

Ní haon deis í seo d’aon pháirtí a bheith ag tochras ar a cheirtlín féin agus ní mhaithfear don bpáirtí a dhéanfadh é sin nó a sheachnódh cinneadh crua ar mhaithe le vótaí. Is é an meon mífhreagrach céanna chun saint daoine a shásamh a d’fhág sa bhfaoipeach muid ar an chéad dul síos.

Tuigtear go gcaithfidh muid tosnú láithreach ar na fiacha ollmhóra laethúla atá á dtógáil againn a stopadh. Tá an pobal réidh ach an bhfuil na polaiteoirí?

Tá siad ann a déarfadh nár chóir gurb é an Rialtas seo, agus Fianna Fáil go háirithe, a bheadh ag stiúradh cúrsaí eacnamaíochta ós iad a d’fhág ina phraiseach iad sa chéad dul síos. Agus nuair a léitear liosta na meancóg a rinneadh thar na deich mbliana deiridh dá réimeas tá loighic leis an gceist.

Tá mímhuinín go forleathan i measc an phobail faoi chumas na ndaoine atá i gcumhacht agus Brian Cowen go speisialta mar iar-Aire Airgeadais chun an Stát a shábháil. An féidir le dream nach n-admhóidh fiú gur chaith a gcuid polasaithe peitreal ar an tine chnámh a scrios muid an tine chéanna a mhúchadh?

Is ceist í seo atá ardaithe arís ag Garret Fitzgerald a bhí ag moladh ar dtús go bhfágfaí Fianna Fáil i gcumhacht chun an phraiseach a ghlanadh suas. Anois measann sé gur chóir dóibh éirí as tar éis an bhuiséid chrua seo.

An cheist eile, áfach, atá dó na geirbe ag an bpobal ná cumas an fhreasúra chun cruachinneadh a dhéanamh. Baineann sé seo go háirithe le páirtí an Lucht Oibre atá ceangailte go dlúth agus faoi chomaoin ag na ceardchumainn.

In ainneoin go léiríonn na pobalbhreitheanna go dtabharfaí bata agus bóthar don Rialtas dá mbeadh toghchán ann amárach, tá éiginnteacht ann faoi ábaltacht na foirne eile. Má tá gearradh pá agus ísliú chaighdeán na beatha lárnach don leigheas atá le teacht, bheadh fadhb mhór ag comhrialtas d’Fhine Gael leis an Lucht Oibre.

Tá, ar ndóigh, an dara tuairim ann. Is í sin nach bhfuil duine níos fearr ná níos cáilithe ina phearsantacht chun an fód a sheasamh in aghaidh na stoirme atá le teacht ná Brian Cowen. Más aisteach le daoine áirithe an bharúil sin tá cúiseanna láidre taobh thiar de.

Sa chéad dul síos, ní theastaíonn ó Cowen go gcuimhneofaí air mar Thaoiseach deireanach Fhianna Fáil in Éirinn. Cé nach n-admhaíonn sé é, tá a fhios aige go bhfuil sé féin agus a pháirtí ciontach i mbriseadh eacnamaíoch agus tá fonn air, ní hea, tá dualgas air, é sin a dheisiú.

Ach thar aon rud eile, is í an phearsantacht atá aige a bheidh luachmhar sna míonna atá le teacht. Is léir nach duine é Cowen a bhíonn iontach buartha faoi mheas an phobail nó na meán air. Bhronn a dhúchas craiceann crogaill air. Má chuireann tú leis sin an cheanndánacht agus an teacht aniar atá léirithe aige nuair a bhíonn a pháirtí i sáinn, tá an duine ceart aimsithe chun an beart crua a dhéanamh.

Thar aon cheannaire páirtí eile, tá an meascán tréithre díreach ceart aige chun brú ar aghaidh in éadan gach cáineadh le clár polasaithe nach dtaitneodh leis na heagrais is cumhachtaí .

Cén rogha eile atá roimhe? Tá scrios toghchánaíochta i ndán d’Fhianna Fáil luath nó mall. Ach d’fhéadfadh Cowen a pháirtí a shábháil dá léireodh sé an misneach agus an cur chuige a theastaíonn chun cúrsaí a fheabhsú.

Bímis macánta, níl aon rud le cailliúint aige agus gach rud le buachaint. Beidh le feiceáil an bhfuil an chrógacht agus an acmhainn i mBrian don iomramh achrannach seo.