Is cladhartha beal ina thost

Beocheist: Israeli forces are sowing dragon's teeth which will guarantee a ready supply of suicide bombers, writes Seán Ó hÉalaí…

Beocheist: Israeli forces are sowing dragon's teeth which will guarantee a ready supply of suicide bombers, writes Seán Ó hÉalaí

Shílfeá, ar an gcéad radharc, gur bábóg phoircealláin a bhí sa bpictiúr. Leanbh faoi dhá bhliain d'aois, na súile móra ag stánadh amach as an bpictiúr, stánadh gan tuiscint.

Culaith bhog chliabháin air, í breactha le patrún bláthanna. An sórt pictiúir a chuirfí in albam an teaghlaigh agus a thabharfadh a mháthair amach ar mhaithe le craic 20 bliain níos deireanaí chun é a náiriú os comhair a chailín.

Ach ní ghnáthphictiúr leanbaí é seo, mar thart timpeall ar an mbábóg ainglí tá criosanna pléascacha na bhféinmharfóirí Palaistíneacha.

READ MORE

Agus thart timpeall ar a chloigeann tá banda dearg Hamas, eagras a chuireann na féinmharfóirí buamála isteach in Iosrael chun iad féin a phléascadh i mbusanna agus i margaí.

Tháinig saighdiúirí Iosraelacha ar an bpictiúr in albam teaghlaigh i ndeisceart Hebron, áit a bhfuil siad gnóthach ag cur gnáthPhalaistíneach faoi chois mar dhíoltas ar obair fhuilteach na bhféinmharfóirí céanna cúpla seachtain ó shin nuair a mharaigh siad 31 Iosraelach.

Is nós fíochmhar míthrócaireach é an féinmharú le pléascáin nach ndéanann idirdhealú d'aon sórt. Ar an mbonn sin amháin, ba chóir do na heagrais Phalaistíneacha ar fad deireadh a chur leis.

Taobh amuigh de sin, féach an úsáid a bhain Iosrael as an bpictiúr sa gcogadh bolscaireachta atá ar siúl acu. Cuireadh ar fud na cruinne é mar shampla de mheon na bhfo-dhaoine barbaracha seo a bhfuil siad i ngleic leo.

Cabhróidh sé go mór leis an tuairim gur gealta contúirteacha de shórt éigin iad na Palaistínigh agus gur chóir do Mheiriceá tacú le pobal bocht sibhialta Iosrael atá ag cosaint "an domhain shaoir".

Cabhróidh sé freisin le haird a tharraingt ón méid atá ar siúl ag fórsaí Iosrael i Hebron agus áiteacha eile a bhfuil Palaistínigh á marú, á ngabháil agus á gciapadh go laethúil.

Ní chuirfidh Iosrael pictiúr de Muhamad Mubarak, buachaill Palaistíneach 12 bliain d'aois a mharaigh siad ag deireadh na seachtaine i Jenin thart faoin domhan. Nó pictiúr de Amina al-Loh, bean 31 bliain d'aois a maraíodh i nGaza, Dé Sathairn, nuair a lámhach saighdiúir Iosraelach í agus í ag siúl abhaile lena fear céile.

Cén áit eile sa "domhan saor sibhialta" ina bhféadfadh fórsaí stáit teacht isteach le tancanna agus feithiclí armúrtha i gcríocha pobail eile, cuirfiú a chur ar leathmhilliún duine, sliogán a scaoileadh isteach i slua siopadóireachta i margadh, dul ó theach go teach ag cuardach agus foirgnimh chathardha a phléascadh as a chéile?

Dá dtarlódh sé i gceann de thíortha na hEorpa nach dtógfaí raic idirnáisiúnta faoi?

Nach mbeadh na Náisiúin Aontaithe réidh le bacanna trádála ar a laghad a chur i bhfeidhm? Cá bhfuil an seasamh ard morálta sin a bhíonn chomh minic sin á ghlacadh ag ár mbráithre san Aontas Eorpach?

Ón Eoraip níl gíog le cluinstin faoi agus nuair a lig Cherie Blair gíog na fírinne aisti le déanaí, baineadh leithscéal aisti agus cuireadh ina tost í taobh istigh de 24 uair. Níor dhúirt sí ach an méid a chreideann go leor - is é sin nach bocht an scéal é go mbeadh a laghad sin dóchais ag daoine óga go bpléascfadh siad iad féin as a chéile ar son a gcúise?

Is deacair gan a chreidiúint go bhfuil eagla ar stáit na hEorpa aon rud a rá a mhaslódh Iosrael de bharr stair neamhaird cuid mhaith díobh ar fhulaingt na nIúdach.

AN tseachtain seo, tá ionadaithe na Náisiún Aontaithe, Mheiriceá, na Rúise, an Aontais Eorpaigh ag teacht le chéile chun réiteach a phlé.

Meastar go mbeidh an cruinniú seo bunaithe ar an "bhfís" a nocht George Bush don domhan coicís ó shin. Más amhlaidh atá, go bhfoire Allah ar na Palaistínigh!

San óráid "fhísiúil" sin d'iarr George Bush ar an bpobal Palaistíneach a gceannaireacht a chaitheamh amach i dtoghchán, comhartha nach bhfuil sé go fiú ag ligean air féin bheith neodrach a thuilleadh.

Níor iarr sé ar phobal Iosrael Ariel Sharon a chaitheamh amach as oifig. Ní hea, ar Yasser Arafat amháin a bhí a chuid drochmheasa dírithe agus ní dheachaigh sin amú ar an bpobal Palaistíneach.

Tuigeann siadsan gur thug Bush cead do Sharon agus dá fhórsaí a rogha rud a dhéanamh. An aon iontas é go gcuireann an tost idirnáisiúnta lena n-éadóchas marfach?

Fiacla dragúin atá arm Iosrael á gcur.