Lá grianmhar ag lomadh an fhéir i gcuideachta an bháis

Tuarascáil/Pól Ó Muirí: TÁ an fear a dhíol an lomaire faiche liom marbh

Tuarascáil/Pól Ó Muirí:TÁ an fear a dhíol an lomaire faiche liom marbh. Bhí sé amuigh ar a rothar agus leag carr é. Chonaic mé a phictiúr ar an pháipéar áitiúil; ball den chór ina eaglais a bhí ann. Níor labhair muid faoi iomainn an lá ar dhíol sé an lomaire liom ach faoi innill.

"Tá an t-inneall sin maith," a dúirt sé. "Ach bí cúramach nach bhfaigheann tú oiread agus deoir amháin ola ar scagaire an aeir. Scriosfaidh tú an scagaire sa chás sin. Tharla sé domsa. Aon deoir amháin ola a fuair mé uirthi agus bhí orm ceann nua a chur isteach."

Ghabh mé buíochas leis agus chuidigh sé liom an trealamh a chur sa charr. Rinne sé iontas den charr fosta agus labhair muid tamall ar a áisiúla agus a bhí sé bheith ábalta suíocháin a bhaint as carr le rudaí ar nós lomaire a chur isteach ann. Scar muid ansin agus d'iarr sé orm arís aire a thabhairt don lomaire agus bheith cinnte de go dtiocfainn ar ais le go mbeadh deis aige é a chóiriú go rialta.

Ach tá an fear a dhíol an lomaire faiche liom marbh. Téim thar bráid a shiopa agus mé ag fágáil na bpáistí ar scoil ar maidin. Tá na doirse ar oscailt, a ainm ar an siopa fós. Leanann an obair ar aghaidh.

READ MORE

Bhí mé sa ghairdín Dé Sathairn ag lomadh an fhéir. Ní thabharfainn garraíodóireacht air. Tosaím an t-inneall agus leanaim liom ó cheann ceann an ghairdín, ag bearradh go fíochmhar.

Lá glórmhar a bhí ann Dé Sathairn san áit a raibh mise. Bhí an ghrian in airde agus bearradh fuar ar an ghaoth a d'fhág cúr ar uisce Loch nEathach; ach níor chorraigh Sliabh Speirín faoina lann. Lom mé a raibh le lomadh agus d'fhág an t-inneall ar ais sa gharáiste in aice le mo rothar féin.

Bóthar amháin

DÚIRT UACHTARÁN Shinn Féin, Gerry Adams, go mbeadh Éire aontaithe faoi 2016. Tá a leathbhádóir poblachtánach agus Leas-Chéad Aire, ahem, Thuaisceart Éireann, Martin McGuinness den tuairim go bhfuil Éire aontaithe "unstoppable".

Ní chreidim féin ceachtar acu ach creidim go mbeidh gné nua uile-Éireann ann ar ball - beidh seans ag vótóirí Thuaisceart Éireann tacú le hiarrthóirí Fhianna Fáil. Tá cainteanna ar siúl idir an SDLP agus Fianna Fáil faoi nasc a dhéanamh le tamall. Tá drogall ar roinnt den SDLP an cleamhnas a cheadú ach tá baill eile ann a bheidh sásta pósadh agus spré aneas a fháil.

Sea, beidh vótóirí ó Phort Láirge go Port Rois agus ó Chorcaigh go Carnlach ábalta tacú le Saighdiúirí na Cinniúna - agus creidim go seasfaidh mórán Ultach go fonnmhar leo.

Cuireann an gnó ar fad amhrán a chanadh aintín de mo chuid - ar dheis Dé go raibh sí - agus muid sa charr ag fágáil iarthar Bhéal Feirste le dul ar saoire sa Deisceart: "We're on the one road/Sharing the one load/We're on the road to God knows where/We're on the one road/It may be the wrong road/But we're together now who cares/North men, South men, comrades all/Dublin, Belfast, Cork and Donegal/We're on the one road swinging along/Singing a Soldier's Song". Beidh mórán daoine ag canadh nuair a thiocfas Fianna Fáil - ach ní dóigh liom go mbeidh Gerry ná Martin ina measc.

Dráma den scoth

NUAIR A fheiceann tú Joe Steve Ó Neachtain i bpáirt Taimín Chualáin agus é ina shuí ar an stáitse, a mhaide láimhe sínte amach uaidh, a cheann ag luascadh anonn is anall, caillte agus uaigneach, tá a fhios agat go bhfuil tú gafa aige, a scríobhann Catherine Foley.

Tá dínit ag baint leis an duine seo. Is carachtar iontach casta agus spéisiúil é ón tús. Tá greann, brón agus briseadh croí fite fuaite sa dráma, Faoi Dheireadh Thiar, le Joe Steve Ó Neachtain, arna léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe, agus tá gach aisteoir ar an bhfoireann ábalta na mallachtaí agus an ghruaim, an greann agus an fuinneamh atá measctha le chéile tríd an ngníomhacht a láimhseáil go nádúrtha agus go héasca.

Tá Taimín Chualáin uaigneach in áras na seandaoine, fágtha leis féin ag a mhac leithleasach. Glaonn sé ar a mhadra, Fáinne. Agus é ag tóraíocht an mhadra lena mhaide, leagann sé an bata ar chloigeann Choilmín agus láithreach tosaíonn an spórt nuair a dhúisíonn an fear cantalach cruálach seo. Tá na carachtair seo go hiomlán sochreidte.

Bhí an bhanaltra óg, Brídín Nic Dhonncha i bpáirt Jackie, go hiontach. Léirigh sí neamhshuim an aosa óig ach de réir mar a théann cúrsaí ar aghaidh, foghlaimímid go bhfuil sí cráite ag cúrsaí an ghrá agus ag fulaingt cosúil le go leor eile.

Tá gach duine sa dráma gafa ag an ghrá agus ag réadachas agus brúidiúlacht an tsaoil. Ach ní leagtar béim ar an dorchadas sa léiriú agus tá sé níos treise dá bharr. Is leor go dtuigfimid go bhfuil sé ann.

Tá an dráma faoi stiúir Josie Uí Chualáin. Is sna mionmhothúcháin agus sna mionsonraí a fheictear draíocht an léirithe. Tá na soilse deartha ag Pat O'Reilly, na héadaí ag Blánaid Ní Nuanáin agus an seit ag Seán Ó Flaitheartha - chabhraigh gach gné den léiriú domhan a chothú agus a nochtadh.

Is mór an trua nach raibh canúint cheolmhar Chonamara níos éasca a thuiscint do mhuintir na Mumhan mar bhí sé deacair babhtaí Diarmuid Mac an Adhastair, i bpáirt Choilmín, a thuiscint. Ba chuma linn sa deireadh mar sáraisteoireacht agus léiriú den scoth atá i ndráma nuascríofa Uí Neachtain.

Bhí Faoi Dheireadh Thiar i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Beidh sé ar Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co na Gaillimhe, ón Aoine 2ú go dtí an Aoine, 9ú Bealtaine. Eolas: 091-562024

Straitéis teanga

D'FHÓGAIR AN tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, Dé hAoine go mbeadh a Roinn i mbun cruinnithe poiblí le deis a thabhairt don phobal plé a dhéanamh ar pholasaí teanga an Rialtais, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt Ó Cuív go raibh sé sásta go mbeadh ionchur ag an phobal sa phróiseas seo:

"Mar a chuir mé in iúl nuair a seoladh Ráiteas an Rialtais, tá súil agam go bhfeicfear an ráiteas seo mar bhunchloch do pholasaí nua ar a mbunófar gníomh praiticiúil don Ghaeilge a bheas bunaithe ar chur chuige nua-aimseartha agus straitéis fhoirfe."

Beidh na cruinnithe ar siúl ar bhonn dátheangach idir 7.30pm agus 9.30pm. Beidh cruinniú seachtain ón lá inniu sa Rochestown Park Hotel, Corcaigh. Beidh na cruinnithe eile ar siúl: Déardaoin, 1ú Bealtaine in Lynch's South Court Hotel, Luimneach; Dé Céadaoin, 7ú Bealtaine in O'Callaghan Mont Clare Hotel, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath; Dé Máirt, 13ú Bealtaine in Ardilaun House Hotel, Gaillimh; Dé Céadaoin, 14ú Bealtaine sa Clarion Hotel, Sligeach.

cantalach peevish - cór choir - dátheangach bilingual - draíocht magic - drogall reluctance - iomann hymn - foirfe perfect - garraíodóireacht gardening - gné aspect - lann blade - leathbhádóir colleague - lomaire faiche lawn-mower - plé discussion - scagaire filter - spré dowry - straitéis strategy - trealamh equipment