Leabhair na hoige

Mar chuid d'Fhéile Leabhar na bPáistí, tá Bord na Leabhar Gaeilge ag reáchtáil Lá Gaeilge in Ionad Ealaíne Bhanc na hÉireann, …

Mar chuid d'Fhéile Leabhar na bPáistí, tá Bord na Leabhar Gaeilge ag reáchtáil Lá Gaeilge in Ionad Ealaíne Bhanc na hÉireann, Plás Foster, Baile Átha Cliath, Dé hAoine.

Is ag 11 a.m. a chuirfear tús leis an lá agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 5 p.m.

Beidh seó le hailteoirí, dráma leis an chomhlacht drámaíochta Branar, ceol agus damhsa do léitheoirí óga.

Tabharfaidh scríbhneoirí - Gearóidín Breathnach, Áine Ní Ghlinn, Daíríne Ní Dhonnchú agus Colmán Ó Raghallaigh - cainteanna agus ceardlanna do pháistí le go mbeidh deis acu leabhair a phlé le húdair bheo aitheanta.

READ MORE

Tá an lá dírithe ar thrí aoisghrúpa. Idir 11 a.m. agus 1 p.m. is ar pháistí idir 4-8 bliain d'aois a bheidh na cainteanna dírithe; ó 1 p.m. go 3 p.m. ar pháistí idir 8-12 bliain d'aois agus ó 3 p.m. go 5 p.m. ar dhéagóirí. Eolas: 046-9430419