Leigh Leat

Tá veain, Renault Master SM, le bailiúchán leabhar Gaeilge do pháistí, ag dul timpeall ar bhunscoileanna i gcontaethe na Mí agus…

Tá veain, Renault Master SM, le bailiúchán leabhar Gaeilge do pháistí, ag dul timpeall ar bhunscoileanna i gcontaethe na Mí agus Átha Cliath ó thús na seachtaine. Is in Scoil Uí Ghramhnaigh i nGaeltacht Ráth Chairn a thosaigh an turas, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is cuid é seo d'fheachtas margaíochta dár teideal Léigh Leat atá ar bun ag Bord na Leabhar Gaeilge chun daoine óga a spreagadh chun leabhair a léamh. Cé go bhfuil leabhair Ghaeilge d'ardchaighdeán do pháistí á gcur ar fáil ag ocht gcomhlacht foilsitheoireachta léiríonn taighde, atá déanta ag fostaí de chuid an Bhoird agus ag daoine eile, gur beag cur amach atá ag múinteoirí, fiú i scoileanna lánGhaeilge, ar an réimse mhór leabhar atá ar fáil.

Tá catalóg lándaite curtha i gcló ag an mBord, ina bhfuil 57 teideal d'aoisghrúpaí éagsúla páistí agus tá rannóg ar leith inti chomh maith do thuismitheoirí ina bhfuil eolas faoi leabhair i nGaeilge shimplí don fhoghlaimeoir fásta. Tá beartaithe go dtabharfaidh an taistealaí leabhar cuairt ar na scoileanna agus go bhfágfaidh sí sampla de gach teideal ar sheastán sa scoil chomh maith le cóipeanna den chatalóg.

Fillfidh sí tar éis roinnt laethanta chun glacadh le horduithe agus beidh lacáiste 40 faoin gcéad ar ghnáthphraghas an leabhair do na scoileanna sin a thugann ordú di.

READ MORE

Tá an feachtas dírithe ar scoileanna Gaeltachta/Gaelscoileanna ar dtús ach tá súil ag an taistealaí cuairt a thabhairt ar scoileanna Béarla chomh maith ach eolas bheith aicí cad iad na scoileanna ag a mbeadh suim san fheachtas

Is ar bhonn trialach atá an feachtas seo agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Nollaig. Déanfar cinneadh ansin maidir le é a leathnú go háiteanna eile sa tír. Eolas: 046-30419.