Lingua Luimnigh

D’OSCAIL AN tAire Stáit um Fhorbairt Choigríche, Peter Power, TD, Áras na dTeangacha ar Ollscoil Luimnigh go hoifigiúil ar Lá…

D’OSCAIL AN tAire Stáit um Fhorbairt Choigríche, Peter Power, TD, Áras na dTeangacha ar Ollscoil Luimnigh go hoifigiúil ar Lá Fhéile Bríde.

Beidh an t-áras, a chosain €6.14 milliún le tógáil, mar bhaile ag Lárionad Teanga na hollscoile, ag Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir agus ag Aonad na Gaeilge, aonad atá freagrach as chun cinn na Gaeilge ar fud an champais.

Lena chois sin, tá Seomra na Gaeilge ann, seomra atá curtha in áirithe do chainteoirí Gaeilge as gach earnáil de lucht an champais, teanglann ilmheáin, seomraí seimineáir agus Aonad Tacaíochta Teanga. Beidh ranganna oíche samhraidh don phobal san fhoirgneamh le cuidiú le clár teangacha na hollscoile.