Macalla tostail

Agus an colúnaí seo ag ullmhú do Thóstal na Gaeilge i nGaillimh an deireadh seachtaine seo, tugadh spléachadh ar an mhéid a bhí…

Agus an colúnaí seo ag ullmhú do Thóstal na Gaeilge i nGaillimh an deireadh seachtaine seo, tugadh spléachadh ar an mhéid a bhí ar Thuarascáil i bhFeabhra 1999 agus an Tóstal deireanach ar na bacáin.

Cáineadh an tAire Stáit Éamon Ó Cuív - a bhí sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ag an am - as moill fhoilsiú an Bhille Teanga, á rá go raibh an chuma ar an scéal nach bhfoilseofaí go dtí an Fómhar é. Is é sin Fómhar 1999! Nárbh é an colúnaí seo a bhí soineanta?

An tseachtain ina dhiaidh sin, labhair Ó Cuív ag an Tóstal agus chosain sé é féin. Tuairiscíodh ar Thuarascáil gur thug sé le fios go raibh "ceithre mhór-phíosa reachtaíochta á láimhseáil ... Sin níos mó ná mar a ritheadh sna blianta ar fad ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956 go dtáinig mé isteach sa Roinn 40 bliain ina dhiaidh."

Lean sé leis: "Má tá an méid seo déanta i níos lú ná dhá bhliain is féidir libh bheith cinnte go mbeidh i bhfad níos mó ná sin déanta agam faoi cheann trí bliana nuair a thiocfaidh an chéad olltoghchán eile."

READ MORE

Agus seo muid i bhFeabhra 2002 agus go fóill féin níl iomrá ar an Bhille Teanga. Nó an bhfuil? Dúirt an tAire Stáit Máire Ní Chochláin le Foinse an tseachtain seo go raibh sí "dóchasach" go mbeadh an reachtaíocht i gcló i gceann trí seachtaine. Tamall roimhe sin, bhí an Rialtas féin ag tabhairt le fios nach mbeadh an reachtaíocht le feiceáil go dtí lár na bliana seo.

Trí seachtaine! Má tá dréachtú reachtaíochta chomh furasta sin, cad chuige nach ndearnadh roimhe seo é?