Macallai staire ar theilifis Eireannach an lae inniu

Is dócha gur beag duine a thug faoi deara go raibh Native Son ar siúl ar TG4 an tseachtain seo caite

Is dócha gur beag duine a thug faoi deara go raibh Native Son ar siúl ar TG4 an tseachtain seo caite. Movie meánlae a bhí ann agus bhí an colúnaí seo ag scimeáil leis ar na cainéil ag fanacht le Spin City ar Channel 4 na Breataine.

Taisme a bhí ann gur aimsíodh Native Son ar chor ar bith ach ba thráthúil an taisme í.

Richard Wright (1908-1960) a scríobh Native Son, úrscéal, sa bhliain 1940. Ba de bhunadh gorm Mheiriceá é Wright a saolaíodh i Mississippi. Bhog sé go Chicago i dtús na 1930í agus is sa chathair sin a lonnaigh sé an t-úrscéal is cáiliúla dá chuid. Cumannach a bhí ann agus sa bhliain 1947 d'fhág sé na Stáit Aontaithe agus chuir faoi i bPáras na Fraince.

Rinneadh scannán den úrscéal faoi dhó sa bhliain, 1950 agus 1986. Is é leagan 1950 a bhí ar TG4, dubh agus bán. Wright é féin a léirigh an fiontar agus is san Airgintín a rinneadh é don chuid is mó. Ní raibh fonn ar bith air pilleadh ar Mheiriceá na gceap milleáin in ainneoin é bheith aitheanta mar údar mór le rá.

READ MORE

Aisteach go leor, cé go raibh an t-úrscéal léite ag an cholúnaí seo, ní raibh aithne shúl agam ar an údar. Ach seo chugainn é sa scannán - Richard Wright é féin a ghlac príomhról an leabhair agus príomhpháirt an scannáin air féin - Bigger Thomas, an fear gorm a mharaíonn iníon gheal a fhostóra, a thugtar os comhair cúirte agus a dhaortar chun báis sa deireadh.

Is annamh a fheiceann tú údar leabhair i scannán atá bunaithe ar a leabhar féin agus é sa phríomhról. Samhlaigh, mar shampla, Máirtín Ó Cadhain nó Liam Ó Flaithearta i scannán dá gcuid gearrscéalta agus aithneoidh tú chomh saoithiúil is atá sé. Is beag ealaíontóir a thugann leis bua na scríbhneoireachta agus na haisteoireachta.

Tá éisceachtaí ann; an sárscríbhneoir sin de bhunadh Bhéal Feirste, Joseph Tomely, mar shampla, a bhíodh le feiceáil i scannáin le réaltaí na linne ar nós James Mason agus a scríobh dráma an-mhaith, All Souls Night, i measc saothair eile.

Ní hamhlaidh do Wright é. Is bocht an t-aisteoir é agus is ar éigean go n-éiríonn leis i ról Bigger Thomas. Níl an scannán féin thar moladh beirte, rud is trua, nó in ainneoin a anchumais, tá Native Son ar cheann de na húrscéalta is tábhachtaí a scríobhadh i Meiriceá le linn an 20ú haois.

Ba é Wright, b'fhéidir roimh dhuine ar bith eile, a chuir ar a súile do phobal geal Mheiriceá an leatrom a bhíothas á dhéanamh ar an chine gorm sa tír. Bhí ráchairt ar Native Son agus cuireadh ainm Wright i mbéal an phobail. Ach in ainneoin an chlú a tharraing an saothar air, ní raibh Wright ar a shuaimhneas i Meiriceá. Is ar an ábhar sin a d'aistrigh sé chun na Fraince agus ba ansin a mhair sé go lá a bháis.

Tá bua as an ghnách leis an saothar. Léiríonn Wright foréigean agus fimíneacht an stáit i leith an phobail ghoirm. Cuirtear an tóir ar Bigger Thomas as bean gheal a mharú ach, go sonraíoch, is de bharr gur chroch daoine geala sna stáit theas athair Bigger Thomas féin go ndeachaigh an chlann a chónaí i Chicago an chéad lá riamh. Tá luach ar bheo an duine ghil nach bhfuil ar bheo an duine ghoirm.

Tá nasc Éireannach sa scéal fosta. Fear de shliocht Éireannach, Dalton, a fhostaíonn Bigger Thomas mar thiománaí. Tá Dalton ina 'liobrálaí' mar go bhfostaíonn sé daoine gorma ach is súmaire de thiarna talaimh é fosta, é beo ar chíos na bplódcheantar gorm.

Gan amhras, bhí tionchar ag Wright ar scríbhneoirí a linne. Lean údair ghorma eile, ar nós James Baldwin, scríbhneoir breá dála an scéil, lean siad a eiseamláir agus chuaigh i mbun pinn.

Ní hionann sin is a rá gur réitigh siad le Wright ina dhearcadh polaitiúil nó ealaíonta. Cháinfeadh Baldwin lena sheal é.

GACH seans nach mbeadh aird ag foilsitheoirí ar údair ghorma chomh luath sin murach Wright. Léirigh sé go dtiocfadh leo lucht léitheoireachta a aimsiú agus go mbeadh spéis acu i scéal a phobail. Léirigh glúin nua scríbhneoirí dathanna uile Mheiriceá; léirigh siad a stair agus thug glór do ghlúnta a bhí ceilte, imithe i ndearmad, imithe chun an chrochta féin. (Ar ndóigh, is faoi Martin Luther King agus Gluaiseacht na gCeart Sibhialta a fágadh é an domhan sin a athrú.)

Tá saothar Wright ina scáthán luachmhar ar Éirinn ár linne. Tá cuid den phobal chomh haineolach dall leis na carachtair gheala a chruthaigh sé féin. Crochann daoine an t-eachtrannach ina n-aigne - dubh, difriúil, dainséarach. Tá barraíocht daoine ina gcónaí i Chicago comhaimseartha a gciníochais féin.

Ba chaochadh beag i dtreo cultúir eile é scannán Wright bheith ar TG4, fiú murar aithin lucht a chraolta a thábhacht. Is minic a mhothaíonn tú gur ag líonadh spáis atá na scannáin chéanna thar rud ar bith eile.

Mar sin féin, bhí toradh cinnte cultúir ar an ócáid. Cad é mar a thiocfadh le Wright a chreidbheáil go mbeadh a úrscéal le feiceáil ar bhealach teilifíse Gaeilge 60 bliain i ndiaidh dó é a scríobh agus go mbeadh tionchar ag a scéal ar phobal eile agus ról acu ann?

Níl an colún seo ag déanamh comparáide idir cás an phobail ghoirm i Meiriceá tá trí scór bliain ó shin agus cás phobal an oileáin seo sa lá atá inniu. Ní hionann iad ach tá macallaí agus ceachtanna ann ina ainneoin sin.

Scríobh Baldwin in aiste amháin: "I wanted to prevent myself from becoming merely a Negro; or even, merely a Negro writer. I wanted to find out in what way the specialness of my experience could be made to connect me with other people instead of dividing me from them."

Nach é sin an dúshlán céanna atá roimh gach scríbhneoir, cainteoir agus eagras Gaeilge?