Mana nua: Feach an Ceart!

Beocheist: Ba chóir do ghluaiseacht na Gaeilge bheith buíoch den saineolaí teanga a bhí ciontach as an gcomhartha bóthair a …

Beocheist: Ba chóir do ghluaiseacht na Gaeilge bheith buíoch den saineolaí teanga a bhí ciontach as an gcomhartha bóthair a cuireadh suas ag bun Shráid Fhearchair san ardchathair le deireanas.

"Féach an Ceart" a bhí scríofa ar an gcomhartha nua i gcló Iodálach, agus thíos faoi, an leagan Béarla i gceannlitreacha móra "LOOK RIGHT".

Ar an gcomhartha céanna bhí ordú eile i nGaeilge agus i mBéarla agus, cé go mbeifeá ag súil le "Féach an mícheart" agus "LOOK LEFT", ba bheag nár aimsigh ár saineolaí an leagan "deiseal", mar a déarfadh seisean, den treoir a bhí uaidh. "Féach an Chlé" a greannadh ar an gceann sin.

Anois tuigimid na deacrachtaí a bhíonn ag ardoifigigh Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath leis na comharthaí nua seo.

READ MORE

Féach an strus a chuireann sé orthu i rannóg na gcomharthaí bóthair an leagan ceart Gaeilge a fháil.

Féach an cur amú ama agus airgid a bhaineann le freastal ar an líon beag daoine seo sa Stát a bhfuil Gaeilge acu.

Féach an pá bocht (€60,000 nó níos mó?) as an ualach breise oibre seo do dhaoine cantalacha nach dtabharfaidh faoi deara é, cibé ar bith, má bhíonn sé "mídheiseal".

Féach na laethanta saoire ag teacht.

Féach sangria agus an cluiche gailf lenár gcairde san árasán i Marbella.

Féach an t-am agus gan na comharthaí sin bheith déanta fós.

Féach an bhfuil Gaeilge ag duine ar bith san oifig.

Féach, níl éinne sa rannóg a bhfuil Gaeilge acu ach amháin an fear sin as an Rómáin a deir go bhfuil a mhac ag déanamh an mheánteastais i mbliana.

Féach an féidir leis an mbuachaillín seo an t-aistriúchán a dhéanamh.

Sea, d'fhéadfadh sé gur mar sin a tharla sé.

Nó, b'fhéidir, toisc nach bhfuil an Ghaeilge riachtanach do phostanna áirithe sa tseirbhís phoiblí a thuilleadh nach tábhachtach leo é. Ba chuma. Dúradh le duine éigin na comharthaí seo a chur ar fáil.

Agus tá an chuma ar an scéal go ndeachaigh sé nó sí díreach chuig Foclóir de Bhaldraithe agus Féach an Phraiseach.

Má tá Comhairle Bhaile Átha Cliath chun comharthaí gan chiall ó thaobh iompair ar an mbóthar a chur suas thart fán ardchathair, molaim dóibh buntáiste éigin a bhaint astu.

Mar shampla, d'féadfadh siad comharthaí liteartha ina mbeadh an t-aon fhocal amháin a bhí cruinn acu, "Féach", a chur suas agus ní bheadh le déanamh acu ach iad a thógáil as leabhair.

Nach mór an t-ardú meanman do lucht na Gaeilge, mar shampla, dá bhfeicfeadh siad línte filíochta crochta os a gcomhair ag na soilsí tráchta. Línte cosúil le "Féach a Chonchúir, ár mac", líne as dán le Máire Mhac an tSaoi.

Nó céard faoi "Féach anois mé lem aghaidh ar bhalla ag seinm cheoil do phócaí falamh'", líne as dán Raifteirí. Nó "Féach an bhfuil siad ann," as an amhrán Peigí Litir Mhóir.

Nó ceann a bheadh an-éifeachtach ó thaobh contúirt a chur in iúl "Féach, a Dhuine, Do Dheireadh" le file anaithnid.

Bheadh an oiread céanna céille ag aon cheann de na línte seo thuas agus atá ag "Féach an Ceart" i gcomhthéacs sábháilteacht bhóthair. Ach bheadh sé de bhuntáiste acu go mbeadh siad cruinn agus go scaipfeadh siad eolas faoin litríocht.

Dá mbeadh an iomarca taighde i gceist do rannóg na gcomharthaí, áfach, cuirim seift eile faoina mbráid. Ós rud é go bhfuil an chuid sin de na comharthaí sa gcló Iodálach, cén fáth nach gcuirfí suas leaganacha Iodáilise in áit na Gaeilge. Sure, ní thabharfadh duine ar bith faoi deara. Agus gach seans go bhfuil níos mó daoine sa tír a bhfuil Iodáilis acu ná lucht labhartha na Gaeilge. Féach na Chippers.

Agus bí cinnte de go mbeadh an leagan Iodáilise cruinn foirfe mar atá na comharthaí Gearmáinise atá curtha suas gan aon mhíniú ar chuid de na mótarbhealaí.

Ar ndóigh, más olc le lucht na Gaeilge an t-aineolas, an drochmheas agus an sotal gan teorainn a léirigh Comhairle Bhaile Átha Cliath dóibh, smaointigh ar na comharthaí eile nár cuireadh suas tar éis na raice faoin gceann i Sráid Fhearchair.

Mar bí cinnte de go raibh a leithéidí ann agus más as an stábla céanna a tháinig siad, is féidir cuid acu a shamhlú: Oibreacha Bóthair Ceann, Tabhair Bealach, Cruinn Timpeall Ceann, Ná Thar Glac nó Ná Páirceáil ar Soiléirbhealach.

Níl teora leo.