Mandela

CROBHINGNE: TÁ AN dá shaghas polaiteora ann de ghnáth: an duine nach bhfuil mórán le rá aige, agus an duine nach bhfuil faic…

CROBHINGNE:TÁ AN dá shaghas polaiteora ann de ghnáth: an duine nach bhfuil mórán le rá aige, agus an duine nach bhfuil faic le rá aige.

Is é is iontaí faoi Nelson Mandela nach dócha go dtiteann sé isteach in aon cheann den dá champa sin, agus ní mó ná sin a bhfuil baol air titim idir dhá stól.

Fiche bliain ó shin cruinn díreach inniu a fuasclaíodh ón ngéibheann é ar a chosán fada chun na saoirse.

Ceann de na hócáidí sin ba ea é a raibh cuimhne air ar nós mar a bhí cuimhne ag daoine cá raibh siad nuair a hionsaíodh Nua Eabhrac sa bhliain 2001, nó nár tháinig an bhanphrionsa amach as an tollán, nó nuair a chuala siad faoi dhúnmharú John F. Kennedy, nó do ghlúin níos sine, nuair a ghabh na Francaigh port i gCill Ala.

READ MORE

Murab ionann agus na hócáidí eile sin, bhí daoine réidh ullamh d’fhuascailt Mhandela. Bhí a cháil leata roimhe amach ó laistigh de na carcracha inar chaith sé 27 mbliain. Ba chuma nó pearsa bhéaloidis cheana é, ba laoch é nár dhein gaisce le linn na mblianta fada sin, ach amháin an saghas gaisce ar féidir é a dhéanamh i bpríosún. Foghlaim, áiteamh, caidreamh, agus a bheith ina lóchrann d’idéal a bhí ag soilsiú an róid, ní hea amháin dá mhuintir féin, ach do chách a chéile eile a chreid sa tsaoirse.

Is ea: focal beag a bhfuil meirg air is ea an focal ‘saoirse’. Focal a bhfuil caonach na gcianta air agus a bhfuil caitheamh dulta air le hiomad mí-úsáide. Focal é a bhfuil easanóir tugtha dó ag polaiteoirí a bhfuil sé de bhua acu briathra gan chrích a chur timpeall ar smaointe gan bhrí. Focal é atá lascaithe timpeall ag an aos eacnamaíochta arb é atá sa ghnó poiblí dóibh ná cleas chun airgead a chur ina bpóca príobháideach féin. Ar nós drámaí Sean O’Casey in Amharclann na Mainistreach, ba cheart go gcoscfaí a úsáid ach amháin i gcás daoine atá i bpríosún nó nach bhfuil vóta nó guth acu. Bhí meáchan agus scamhard leis an bhfocal i mbéal Nelson Mandela, agus i gcroí na muintire sin a raibh cos thromspágach na dlí ar a mbolg san Afraic Theas.

Ba mhór an eachtra é gur sheas a cháil i gcaitheamh an scór bliain sin, agus is suaithinseach ar fad nár ghéill sé na hidéil sin aon phioc. Is minic clú duine ag dul i méid tar éis a bháis, agus is minicí fós gurb airde arís an clú sin an dá fhad is atá sé marbh.

Ní raibh de sheó ann ach gurbh iomráití é Mandela bliain i ndiaidh bliana: déanadh scannáin, dealbha, portráidí de; ainmníodh sráideanna agus foirgnimh as; cumadh dánta agus amhráin agus priontáileadh stampaí ina onóir. Táim ar mo dhícheall ag iarraidh cuimhneamh ar pholaiteoir ar bith eile lenár linn ar féidir an méid sin a rá ina thaobh. Táim fós ag cuimhneamh. Agus fós arís.

Táthar ann, gan amhras, adeireann go bhfuil díomá go forleathan ar fud na hAfraice Theas, agus go bhfuil na faithní bainte dá súile ar a lán. An seanphort céanna a chloistí agus a chloistear fós anseo.

Cad ab fhiú an ciapadh agus an spairn ar fad? Cá bhfuil an mhíorúilt a d’athraigh an tír bun barr, gan trácht ar a cuid meala agus uachtair ag teacht ina slaoda? Ní chun míorúilte eacnamaíochta a glaodh Nelson Mandela, ach chun míorúilte dínite agus daonnachta.

Bhain sé an méid sin amach ina shaol féin, agus bhronn a gcothrom féin ar na milliúin a raibh sin ceilte orthu. Ba chuma cad a dhéanfadh Thabo Mbeke ina dhiaidh, bhí i ndán dó gur teip a bheadh ann. Ní thagann an t-athaoibhneas thar oíche, ná an aimsir óg laistigh d’aon ghlúin amháin. Níor réitigh sé leis na cumhachtaí móra mar nár cháin sé Robert Mugabe sna téarmaí a d’éiligh siad; agus chas sé aghaidh na tíre soir agus soir ó thuaidh i dtreo na bagartha buí agus na ndreamanna eile úd amuigh ansin.

Ní raibh réabhlóid ar bith riamh ann nár éirigh cortha, nó nár fiaradh ar chuma thubaisteach éigin í ar ball. Stalin ar shála Leinin; tar éis ar bhain Cromail amach do na Sasanaigh, cuireadh an cloigeann ar ais ar Shéarlas II; Napoleon an deachtóir i ndiaidh réabhlóid na Fraince ar son cearta an duine; Enda Kenny mar mhalairt ar...

Ach níor chuaigh fiaradh ar réabhlóid na hAfraice Theas. Ba dhóigh leat gur tír í atá nach mór doriartha lena bhfuil de phobail is de náisiúin is de dhílseachtaí ann. Is amhlaidh gur coinníodh le chéile cheana í le fórsa, le fuip is le foréigean. Idéil arda Nelson Mandela atá á coimeád le chéile anois, idéil na comhdhaonnachta agus na dínite atá inbhainte amach i gcónaí.

Agus ansin, tá Corn an Domhain...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar