Maoiniu pobail

Sheol Foras na Gaeilge scéim nua, An Ghaeilge sa Phobal, do phobail áitiúla le linn an Tóstail

Sheol Foras na Gaeilge scéim nua, An Ghaeilge sa Phobal, do phobail áitiúla le linn an Tóstail. Cuirfidh an t-eagras fáilte roimh iarrataisó ghrúpaí beaga a eagraíonn imeachtaí leis an Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar féin.

Is féidir le gach grúpa suas go €5,000/£3,500 a fháil faoin scéim. Tabharfaidh an Foras tús áite go ghrúpaí a bhfuil ioncam bliantúil faoi €30,000/£20,000 acu agus a léiríonn go bhfuil nuálach ina gcur chuige agus iad ag gníomhú ar leibhéal áitiúil.

Dúirt príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seosamh Mac Donncha go gcuideodh an scéim le "grúpaí pobal ar spéis leo fíordhifríocht a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge ag leibhéal an phobail a neartú".

Eolas: 048-90890970.