Mein ruin Mhic Grianna faoi scrudu as an ur

Ní bréag a rá go bhfuil greim ag scéal agus ag scríbhneoireacht Sheosaimh Mhic Grianna ar shamhlaíocht léitheoirí - agus seo …

Ní bréag a rá go bhfuil greim ag scéal agus ag scríbhneoireacht Sheosaimh Mhic Grianna ar shamhlaíocht léitheoirí - agus seo beagnach 70 bliain i ndiaidh gur chuir sé de na línte is clúití sa litríocht: "Thráigh an tobar sa tsamhradh, 1935. Ní scríobhfaidh mé níos mó. Rinne mé mo dhícheall agus is cuma liom."

Murar scríobh féin, thug leabhair Mhic Grianna spreagadh do dhaoine ar cás leo nualitríocht. Agus seo anois an chéad mhórstaidéar acadúil atá i gcló ar a chorpus litríochta, Seosamh Mac Grianna: an Mhéin Rúin leis an Dochtúir Fionntán de Brún. Is de bhunadh Bhéal Feirste é de Brún agus post aige mar léachtóir i gColáiste Ollscoile Mhuire sa chathair. Tógadh le Gaeilge é agus rinne céim sa Ghaeilge agus Fhraincis ar Ollscoil na Ríona. Is ar a ábhar tráchtais PhD a bunaíodh an leabhar.

Aithníonn de Brún dhá chúis le tábhacht Mhic Grianna: is cuid den traidisiún Ultach é agus, dá bharr sin, tá suim ar leith ag Tuaisceartaigh ann. Bhí Mac Grianna i gcónaí sa chúlra liteartha acu. Thairis sin, ámh, ba mhian leis Mac Grianna a lonnú i measc "na mórscríbhneoirí Éireannacha. Tá gné idirnáisiúnta agus gné láidir Eorpach ina chuid scríbhneoireachta.

"Bhí Fraincis ag Mac Grianna agus é eolach ar litríocht na Fraince. Bhí eolas aige ar litríocht na Gearmáine agus bhí sé ag foghlaim Iodáilise."

READ MORE

Bhí mianach ar leith ann, a deir de Brún, agus baineann a shaothar go mór le hábhar sa lá atá inniu ann. Pléann sé ceisteanna móra ár linne - ról na meán cumarsáide agus cúrsaí polaitíochta, mar shampla - i leabhair ar nós An Druma Mór agus Dá mBíodh Ruball ar an Éan.

Cad é an chiall atá ag de Brún le méin rúin? "Intleacht agus samhlaíocht Mhic Grianna is mó atá i gceist," a deir sé. "Tig an nath féin as Dá mBíodh Ruball ar an Éan."

Tá obair ar leith déanta aige agus é ag tabhairt léargas nua ar an úrscéal sin. Is é tuairim na coitiantachta nár críochnaíodh an saothar seo riamh ach tugann de Brún droim láimhe leis an tuairim sin agus caitheann leis an leabhar mar aonad folláin liteartha.

Samhlaíonn sé an t-úrscéal mar film noir agus scríobhann gur bua seachas teip atá i gceist leis an leabhar: "Is éachtach an saothar é Dá mBíodh Ruball ar an Éan i gcomhthéacs nualitríocht na Gaeilge nó is ann is mó a d'fhíoraigh Mac Grianna an tionscnamh a chuir sé roimhe féin an chéad lá riamh, prós na Gaeilge a chur in oiriúint do shaol an 20ú haois. Is ann fosta a sháraigh Mac Grianna an t-oideas coimhthíoch a fuair sé sa litríocht in institiúidí éagsúla oideachais agus stáit, ón uair bhí Shakespeare ina mhála scoile leis go dtí an uair a cuireadh a aistriú úrscéalta Béarla é don Ghúm."

An ndearnadh dearmad de Mhac Grianna ó tharla nár scríobh sé leabhar ar bith ó lár na 1930í? "Cuireadh Seosamh in aon bhosca amháin lena dheartháir, Séamas Ó Grianna. Bíonn daoine den bharúil gur scríbhneoir Ultach é ach níos liteartha ná Séamas. Ach tá níos mó ná sin ag tarlú." Rinneadh aimhleas Mhic Grianna trí é a ionannú le mianta litríochta Shéamais, "Bhí sé faoi scáth a dhearthár." Dar le Seosamh, prapaganda a bhí ar siúl ag Séamas agus ealaín a bhí ar siúl aige féin. Ní raibh sé ábalta éalú óna dheartháir.

Bhí teacht ag de Brún ar chomhfhreagras Mhic Grianna leis an Ghúm, ábhar a bhí i gcartlann ach nach raibh le fáil roimhe seo. Cuireann an t-ábhar seo go mór leis an léargas atá againn ar Mhac Grianna agus é ag iarraidh bheith ina scríbhneoir lánaimseartha agus an saol intleachtúil a chleacht sé in Éirinn na 1930í. Lena chois sin, tá bunobair scolártha déanta ag de Brún trí smaointe Mhic Grianna a rianú siar go Thomas Carlyle agus scríbhneoirí Young Ireland.

Luaigh mé le de Brún an méid a bhí le rá ag Louis de Paor ar na mallaibh; nach raibh aischothú intleachtúil le fáil do leabhair Ghaeilge. An bhfuil imní air féin nach dtabharfar aird ar an leabhar?

Creideann de Brún go bhfuil "fóram don chritic féin agus don léirmheastóireacht de dhíth. Níor cheart an oiread sin de bhearna a dhéanamh idir an dá rud."

Tá tréimhseachán láidir de dhíth le freastal air sin ach ní hann dá leithéid faoi láthair, a deir sé.

Is é an meas is fearr is féidir a léiriú do scríbhneoir ar bith scagadh fiúntach a dhéanamh ar a shaothar. Tá an méid sin agus tuilleadh déanta ag de Brún.

Seosamh Mac Grianna: an Mhéin Rúin (An Clóchomhar) le Fionntán de Brún.