Merriman na hEorpa

'Ní ceadmhach neamhshuim

'Ní ceadmhach neamhshuim." Cé gur ag deireadh a chuid cainte a rinne an craoltóir agus iriseoir, Cathail Mac Coille, tagairt do na focail sin sa dán le Seán Ó Ríordáin, is é go bunúsach an tátal a bhí le baint as an chaint a thug sé do Scoil Gheimhridh Chumann Merriman a bhí ar siúl i gCorcaigh ag an deireadh seachtaine, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

"Boston, Berlin agus Béal a' Mhuirthead" ba theideal do chaint Mhic Coille agus is iad na reifrinn faoi Chonradh Nice, an ceann atá imithe agus an ceann atá le teacht, is mó a bhí faoi chaibidil aige.

Maidir le cén rogha ba cheart do mhuintir na hÉireann a dhéanamh sa reifreann atá le teacht, mar iriseoir gairmiúil, dúirt an cainteoir go mbeadh air fanacht ina thost. Ach ní raibh aon amhras air ná go raibh dualgas ar gach saoránach vóta a chaitheamh. Ba dhíol náire, dar leis, gur vótáil níos lú ná ceathrar as gach deichniúr sa reifreann deiridh.

Phléigh sé roinnt de na cúiseanna leis an vóta íseal sa reifreann anuraidh. Chuir sé alltacht air, an deireadh seachtaine roimhe nár léir go ndearna an Taoiseach, ná ceannaire Fhine Gael ná ceannaire an Phairtí Dhaonlathaigh stocaireacht ar bith ar son sheasamh an Rialtais sa reifreann.

READ MORE

Ach níl neamhshuim i gcúrsaí na hEorpa teoranta d'Éirinn amháin. Dá mbeadh reifreann i gcuid de na tíortha eile faoi Chonradh Nice tá eagla ar chuid de na ceannairí go mbeadh an toradh céanna air, a dúirt sé.

Ag tús a chuid cainte rinne sé tagairt don fhealsamh Francach, Pierre Boredieu a fuair bás le déanaí. Bhí Boredieu i gcónaí géar ar na meáin chumarsáide agus é ag cur ina leith go mbídís ag brú tuairimí gan mianach iontu ar an phobal.

I gceann de na haistí is deireanaí a scríobh sé, thug Boredieu le fios go raibh an t-anam imithe as an pholaitíocht. Tuairim mar an gcéanna a nocht John Bruton an tseachtain seo caite agus b'oth leis an chainteoir a laghad poiblíochta a tugadh dó sna meáin.

Thagair Mac Coille fosta dá ndúirt an Coimisinéir Eorpach, Chris Patten, mar gheall ar chantal bheith ar mhuintir na Breataine agus na Gearmáine faoin Aontas Eorpach. Ní léir don phobal cén ceann scríbe atá aige agus go bhfuil faitios ar dhaoine nach bhfuil smacht daonlathach ar an obair.

Is amhlaidh an scéal anseo. Tá córas Eorpach na Dála faoi rún, a dúirt sé. Déantar rudaí i ngan fhios. Is lú an fhreagracht ar pholaiteoirí sa Bhruiséil rud ar bith a mhíniú. Is fusa margantaíocht a dhéanamh sa Bhruiséil faoi rún.

Ba chúis bhuartha dó fosta an bhéim a bhí ar chúrsaí eacnamaíochta san Aontas agus a laghad cainte a chloistear faoi chúrsaí cultúir. Má táimid chun bheith páirteach ann teastaíonn rud éigin seachas an euro, a dúirt sé.