Míreanna

Today's other stories in brief

Today's other stories in brief

Dara cnuasach filíochta seoltai gCorcaigh

Sheol an scríbhneoir, Gabriel Rosenstock, cnuasach nua filíochta le Doireann Ní Ghríofa, Dúlasair (Coiscéim), i gCorcaigh an tseachtain seo caite. Is é seo an dara cnuasach dá cuid.

Tá filíocht Ní Ghríofa foilsithe i réimse leathan irisí in Éirinn agus thar lear: sa Fhrainc, i Meicsiceo, sna S.A.M., in Albain agus i Sasana.

READ MORE

Cumann sí filíocht i nGaeilge agus i mBéarla. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht uirthi.

Bhuaigh sí duais filíochta Ghaeilge Wigtown 2012 (duais náisiúnta filíochta na hAlban) agus bhí dánta léi ar ghearrliostaí chomórtas Jonathan Swift 2012, agus Comórtas Uí Néill i 2011 agus i 2012. Roghnaíodh Ní Ghríofa le páirt a ghlacadh sa tsraith Poetry Ireland Introductions fosta.

Beannachtaí na Nollag agus na Bileoig earárg cuidléitheoirí

Ba mhaith liom an deis seo a thapú mar Eagarthóir Gaeilge Nollaig shona a ghuí ar léitheoirí an leathanaigh seo. Is mór an t-ábhar mórtais é go dtagann an bhliain chun deiridh agus leathanach iomlán Gaeilge ar an nuachtán seo. Tá buíochas ar leith tuillte ag Eagarthóir an Irish Times, Kevin O’Sullivan, ag Leas-Eagarthóir an nuachtáin, Denis Staunton, agus ag na fo-eagarthóirí Liam Ryan agus Brian Kilmartin – as a ngaisce leis an fhís áirithe seo a fhíorú agus Bileog a bhunú.

Tá mé thar a bheith buíoch fosta de na hiriseoirí ar fad a d’fhreagair an glaoch agus a chuir ábhar ar fáil do Bileog go dtí seo.

Beidh Bileog ar ais Dé Céadaoin, 2ú Eanáir. Idir an dá linn, Nollaig shona agus Bliain Úr Faoi Mhaise ort.

Molann an tUachtarán Comhar

Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, a sheol Comhar na Nollag sa Leabharlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, seo caite, agus an iris ag ceiliúradh 70 bliain ar an saol.

Mhol an tUachtarán Comhar as “tuairimíocht neamhspleách ar cúis mhórtais agus dhóchais é. Cruthaitheacht, samhlaíocht, saor-smaoineamh agus, uaireanta, crógacht … Tá na tréithe sin ag teastáil i ngach foilseachán atá folláin agus fiúntach, mar atá Comhar i gcónaí, agus tá siad ag teastáil go géar sa tír i gcoitinne. Ní fháilteoidh mórán uaireanta roimh gach ábhar ar Comhar agus ní haon locht ar bhur saothar é sin ach a mhalairt”.

Mhol sé an bord reatha as a gcuid oibre agus mhol sé na tionscnaimh éagsúla nua a bhí ar siúl ag lucht na hirise: irisí ar leith a chur ar fáil do dhaoine óga agus ábhar a chur ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta.

Dúirt sé gur chothaigh an iris “smaoineamh agus dioscúrsa, saoithiúlacht agus éigse na hÉireann i ngach réimse is suim do phobal léitheoirí atá ag iarraidh lón intinne”. Thug scríbhneoirí na hirise faoi “scríbhneoireacht chruthaitheach a spreagadh agus a chothú, déantar cúrsaí reatha agus ábhair spéisiúla, tráthúla agus conspóideacha a phlé go calma agus go neamhspleách”.