Míreanna

Joe John ina amhránaí ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Joe John ina amhránaí ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Is é Joe John Mac an Iomaire atá ceaptha ina Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is as Ros Dugáin, Cill Chiaráin, Mac an Iomaire agus tá Corn Uí Riada buaite aige faoi dhó – 1975, 1977 – agus Comórtas na bhFear ag an Oireachtas, 1968, 1978.

Is minic é ag canadh ag féilte in Éirinn agus thar lear, go háirithe i mBoston mar aoi speisialta de chuid Chonradh na Gaeilge sa chathair sin.

READ MORE

Beidh sraith ceardlann saor in aisce á reachtáil aige ar an ollscoil agus in áiteanna eile san Earrach agus arís san Fhómhar agus fáilte roimh an phobal. Beidh a chuid amhrán á dtaifeadadh aige don chartlann sean-nóis atá á cur le chéile ag Ionad an Léinn Éireannaigh.

Foclóir nua ar líne

Seolfaidh an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn, Folcóir nua Béarla-Gaeilge amárach sa Ghailearaí Náisiúnta, Baile Átha Cliath.

Is é Foras na Gaeilge atá taobh thiar den fhoclóir agus iad ag plé leis ón bhliain 2000 le buiséad beagán le cois €6milliún. Beidh an foclóir le fáil saor in aisce ar líne ag www.focloir.ieamárach agus trian den ábhar deiridh a bheidh le feiceáil.

Mar thús, beidh teacht ag daoine ar 7,000 ceannfhocal, 40,000 frása samplach agus comhaid fhuaime agus treoracha gramadaí. Tá rún ag an fhoras an foclóir féin a chur i gcló sa bhliain 2015.

Ar na téarmaí nua atá ar fáil, tá “néalríomhaireacht” ar cloud computing; “cibearbhulaíocht” ar cyberbullying; “cothromas diúltach” ar negative equity; “tvuít” ar tweet agus “fiacha lofa” ar toxic debt.

Dúirt eagarthóir an fhoclóra, an Dochtúir Pádraig Ó Mianáin, i ráiteas go raibh an saothar “ag teacht le gnás an lae inniu san fhoclóireacht chomhaimseartha sa mhéid gurb í an úsáid an tslat tomhais maidir le cad é a chuimsítear i bhfoclóirí. Tá ábhar Béarla an fhoclóra nua bunaithe ar an tslí a n-úsáidtear an teanga sin in Éirinn agus mar an gcéanna tá an t-ábhar Gaeilge bunaithe ar Ghaeilge na Gaeltachta”.

Sraith leabhar le FÁS le seoladh in Ard Mhacha

Seolfaidh an scríbhneoir, an Moinsíneoir Réamonn Ó Muireadhaigh, trí leabhar nua le Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FÁS) i Leabharlann an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich in Ard Mhacha oíche Mháirt seo chugainn ag 7.30pm.

Tá An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm curtha in eagar ag an fhile agus ag an léachtóir, Ciarán Ó Coigligh.

Seolfar an tríú cuid sa tsraith, Machnaimh Shoiscéalacha, le Cothraí Gógan. Machnaimh Shoiscéalacha: Bliain C - Naomh Lúcas atá i gceist an iarraidh seo.

Lena chois sin, beidh leabhar leis an tSiúr Mairéad Ní Fhearáin, Litreacha San Clára, le seoladh fosta. Ceithre litir le Naomh Clára ón 13ú haois atá sa leabhar seo. Eolas: antimire@gmail.com