Mo chroi san Afraic

An Peann Coitianta: Is úrscéal spleodrach eachtraíochta do dhéagóirí atá lonnaithe i lár na hAfraice é Mo Chroí san Afraic (…

An Peann Coitianta: Is úrscéal spleodrach eachtraíochta do dhéagóirí atá lonnaithe i lár na hAfraice é Mo Chroí san Afraic (An Gúm) a aistríodh ón gCatalóinis le Victor Mora. Díothú goraillí móra agus smuigleáil ainmhithe ón gceantar teorann idir an tSáír agus Ruanda an fráma scéalaíochta atá ann.

Síneann líontán na gcarachtar ón gCatalaóin go dtí an Afraic, ón mBreatain go dtí an Áis. Garsún sna déaga, Tónaí, an príomhcharachtar agus é ag dul sna fir. Píolótaí atá i mbun chomhlacht eitleoireachta ón gCatalóin a tharrthálann lasta eitleán, tar éis dóibh crasieáil sa dufair, na compánaigh atá aige.

SeanAntonov Sóivéadeach acu. Sáinnítear iad i ngaiste. Eoráiseach mná, Madame Singh, atá i mbun buíon na mbithúnach. Í tiarnúil, buailimid lena leithéid go rialta i scannáin James Bond, bean leathair agus í dainséarach in éineacht. Tugann Tónaí na cosa leis ón tsáinn. Buaileann le cailín sna déaga, Goldie, a bhíonn i mbun feighlíochta sa dufair ar ghoraillí.

Titeann na déagóirí i ngrá. Le cabhair mhaoirseoirí fiadhúlra agus na saighdiúirí áitiúla faoin gCaptaen Tembo, eíríonn leo na píolótaí agus na hainmhithe a fhuascailt ó ghéibheann na mbithiúnach.

READ MORE

Sna mionsonraí a éiríonn le húrscéal, agus tá na mionsonraí go seoigh sa scéal seo. Ina chuma Eorpach mór-roinneach mar thoisí leabhair, ina mheon, ina éadroime, tá sé ar fheabhas.

Creidimid ann toisc gur mian linn creidiúint ann. Ní hionann agus scéal Bond, is peirspictíocht Chatalóineach in aghaidh an choilíneachais, in aghaidh chreachadh an chomhshaoil, in aghaidh éadáil ainmhithe a chuirtear chun tosaigh ann.

Spreagann a dtaithí féin ar réimeas na deachtóireachta, comhbhá na gcarachtar Catalóineach le scéal mhuinitr na Sáíre. Tá ábhar den sílteagasc scaipthe tríd an saothar, ach bíonn an sílteagasc scaipthe ina fhiailí trí fhíseán laethúil an tsaoil. "Mhínigh sé gurb í an tSáír an tír ba mhó de thíortha na hAfraice ina bhféadfaí an-dul chun cinn a dhéanamh. Ach, céad faraoir, ag an am céanna bhí sí ar cheann de na tíortha ba bhoichte ar domhan. Ba é 100 dollar in aghaidh na bliana meánteacht isteach mhuintir na Sáíre."

Bíonn déagóirí - an aicme a bhfuil Mo Chroí san Afraic dírithe orthu - an-tógtha le fíricí agus le hidéalachas, agus ní miste in ao'chor iad a chur ar an eolas.

Mé féin a bhain ardthaitneamh as an scéal. An déagóir síorghlas a léigh Maidhc Bleachtaire agus An Tíogar Daonna tráth, d'aimsigh Mo Chroí san Afraic an athuair é.

Chaitheas féin, fiú, dul i muinín na gluaise bunleathanaigh ó am go chéile. Ní raibh an focal 'duaithníocht' agam ar 'camouflage' mar shampla. Scéal lae eile is ea na déagóirí eile sa tigh a chur á léamh, muna léifear dóibh é.

Mar a tharla, bhíos ag léamh saothair a thrácht ar roinnt d'aistriúcháin an Ghúim i gcaitheamh na 1930í - aistriúcháin ar úrscéalta le R.L. Stevenson, Dickens, Scott, Maurice Walsh.

In imeacht na mblianta, is roinnt céadta cóip amháin a díoladh de na húrscéalta dá gcuid siúd. Cheannaigh breis is 250,000 duine an leagan Béarla d'urscéal Maurice Walsh, The Key Above the Door.

Níor buanaíodh nós coitianta na léitheoireachta riamh i nGaeilge ach amháin i gcás téacsanna cúrsaí scoile agus léinn.

Mac amháin dem chuid, atá ag plé anois le léitheoireacht Fraincise, taitníonn an cnuasach próis, filíochta agus drámaíochta leis mar bhlúirí scríbhneoireachta. Foghlaimítear an teanga tríd an dtaitneamh a thugtar di.

Deir sé liom go bhfuil na cnuasaigh i nGaeilge go hainnis. "Téann Seán isteach i siopa agus ceannaíonn sé milseáin," a deir sé mar mhagadh ar na buaiceanna tráchtaireachta agus eachtraíochta.

NÍ féidir aon dallamullóg a chur air siúd. An rogha atá ann: an léitheoireacht a athbhunú trí chnuasaigh den fhíorscríbhneoireacht chruthaitheach a thiomsú, seachas cnuasaigh atá paidhceáilte le chéile ag daoine neamhoilte ar mhaithe le spriocanna teagaisc. É sin, nó éirí as ar fad.

Is fíor gur mionlach scáinte atá i léitheoirí deonacha na Gaeilge, ar gach slí. Saghas samizdat, mar a bhí in Aontas na Sóivéide tráth, atá san ábhar léitheoireachta.

Fós, tá An Gúm ag comhlíonadh gné bhunúsach dá dhualgais, agus a leithéid seo a fhoilsiú. Is amach as cultúir mhionlaigh eile a chaitheann leithéid Mo Chroí san Afraic teacht, agus bheinn féin ag súil go dtiocfadh ábhar eile chugainn amach anseo as an tSlóivéin, cuirim i gcás.

Nasc eiseamláireach leis an gCatalóin is ea Mo Chroí san Afraic, agus tá creidiúint ag dul do Thomás Mac Síomóin atá lonnaithe sa Chatalóin, agus do Charl Mac Gabhann mar gheall ar an leagan Gaeilge.

Tá speach fós sa sean-inneall úd a bhíodh ag crónán chun iomthús a chur le scéal na beatha, fiú más i gcruth sean-eitleáin Antonov de chuid na Sóivéide via an Chatalóin agus lár na hAfraice anois é.