Mo ghrá thú Harlem

Beocheist: Is iomaí straois ait a chuireann daoine orthu féin nuair a deirim leo go bhfuilim buailte fúm in Harlem

Beocheist:Is iomaí straois ait a chuireann daoine orthu féin nuair a deirim leo go bhfuilim buailte fúm in Harlem. "An bhfuil anois? Suimiúil..." a deir guthanna amhrasacha. Ní féidir leo a bhfaitíos a cheilt, a gcuid súl ag béiceadh orm: 'An. As. Do. Mheabhair. Atá. Tú?'

Ar mhaithe leis na daoine seo, is gá dom Harlem a chosaint. Ceantar stairiúil é Harlem. Tá pobal dlúth sa cheantar seo, rud atá neamhghnáthach i gcathair ar mhéid Nua-Eabhraic. Beannaíonn daoine dá chéile ar an tsráid, bailíonn siad páistí a chéile tar éis na scoile. Ar bhinsí na páirce is ea a bhailíonn seanfhondúirí an cheantair, iad ag caitheamh súile ar imeachtaí na maidine. Bíonn an dea-fhocal acu do gach éinne, mé féin san áireamh, fiú. Níl Starbucks ar gach cúinne anseo timpeall ach gnónna neamhspleácha.

Agus ní choimeádann trácht ó chodladh na hoíche mé, mar a tharlódh in áit eile ar oileán Manhattan (seachas an gnáthbhonnán póilíní lena mbeifí ag súil...)

Tá na buntáistí seo tugtha faoi deara ag go leor de lucht (bán) Nua-Eabhraic. Tá cuid acu ag bogadh anseo go Harlem de bharr síorardú cíosa i gceantair eile.

READ MORE

Ach, ar ndóigh, is gá slí a dhéanamh dóibh, is é sin le rá, na 'bundúchasaigh' a dhíbirt. 'Gentrification' a thugtar ar an bpróiseas seo, uaisliú as Gaeilge. Cheana féin, tá claonadh intuigthe sa téarmaíocht.

Mar bharrdonais ar scéal Harlem, tá an ollscoil is mó gradam sa chathair, Columbia, mar chomharsa acu. Agus tá spás de dhíth uirthi. Le blianta anuas, tá Columbia ag ceannach seanbhloic árasán sa cheantar go ciúin.

Nuair a b'fhacthas do thiarnaí talún na háite go bhféadfaidís fáil réidh le seanfhoirgnimh agus brabús deas a dhéanamh astu, ní haon ionadh cad a thit amach. Ní bhacadar puinn leis na hárasáin a dheisiú; iad ar lán a ndíchill fáil réidh lena dtionóntaí a bhí mar bhac ar fhorbairt Columbia.

Tá feachtas agus agóidí eagraithe agus á n-eagrú ag lucht cónaithe Harlem ach dealraíonn sé go bhfuilid ródhéanach ina n-iarrachtaí: Tá formhór na bhfoigneamh ó Shráid 125ú go 133ú thiar ó Bhroadway i seilbh Columbia cheana féin - is é sin 17 acra. Is léir go mbraitheann muintir na háite go bhfuilid á mbrú amach. Nuair a chuimhnítear ar stair chiníoch na Stát, is fuirist David is Goliath a shamhlú leis an dá thaobh.

Nuair a chuirtear bochtanas Harlem i gcoinne saibhreas dothomhaiste Columbia, ní deacair toradh an chatha a thuar.

Feictear domsa go nochtann cath Harlem-Columbia an choimhlint chiúin atá go tréan i Meirceá. Níor thuigeas nó gur chuireas fúm anseo a dhoimhne is atá an scoilt sa tsochaí go fóill. Tá sé ann idir daoine geala is gorma is Easpáineacha. Tá sé ann idir saibhir is daibhir. Tá sé ann idir Béarla Mheiriceá, Béarla na nGormach agus an Spáinnis. Is gá forbairt Columbia a láimhseáil go cúramach agus, ag an am céanna, caithfear caitheamh le lucht cónaithe Harlem go tuisceanach agus le meas.

In eagarfhocal san New York Times an mhí seo caite, aithníodh tábhacht Columbia do chathair Nua-Eabhraic ina hiomláine ach moladh don ollscoil bheith aireach i dtaobh a gcomharsan.

I measc na rudaí a moladh bhí athaicmiú sa cheantar le go gcuirfí bac ar fhoirgnimh ró-arda agus go mbronnfar buntáistí cánacha ar ghnónna beaga. Dúradh leis gur chóir tithíocht ar phraghas réasúnta a chur ar fáil i measc na tithíochta nua agus go bhfuil gá tionóntaí a chosaint ó thiarnaí talún atá á gciapadh.

Is deas iad na moltaí. Cheana féin, tá geallta ag Columbia talamh a chur ar fáil do scoil phoiblí, deontas $20 milliún dollar a íoc le ciste na tithíochta réasúnta agus páirc a thógaint ag Sráid 125ú agus Ascaill 12ú.

Anuas air sin, beidh 1,200 post tógála gach bliain ar feadh cúig bliana is scór arna 30 faoin gcéad geallta do dhaoine áitiúla, mionlaigh nó mná. Ar deireadh thiar, meastar go mbeidh 6,000 post ar an gcampas nua. In ainneoin na bhfigiúirí mealltacha sin uile, fós níl muinín ag lucht Harlem as pleananna Columbia. Tá siad ag déanamh a seacht ndíchill troid i gcoinne an 'ionsaithe' seo, mar a fheictear dóibh é.

Ní hé seo an chéad uair a sáraíodh a gcearta daonna le cuimhne na ndaoine. Nósfaidh an aimsir an éireoidh leo a gceantar a chosaint; is cumhachtach an fórsa atá ina gcoinnibh. Braitear gur mó i bhfad ná tithe atá i mbaol.

Tá Ailbhe Ní Ghearbhuigh ina scoláire Fulbright agus í ag múineadh Gaeilge in Lehman College, CUNY, i mbliana.