Moill na leabhar

Tá bac ar obair fhoilsitheoireachta na Gaeilge mar gheall ar mhoill an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus…

Tá bac ar obair fhoilsitheoireachta na Gaeilge mar gheall ar mhoill an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Máire Ní Chochláin, comhaltaí Bhord na Leabhar Gaeilge a cheapadh, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tháinig deireadh le téarma oifige Bhord na Leabhar Gaeilge ag deireadh mhí na Nollag agus níor ceapadh na comhaltaí don bhord nua go fóill.

Níl ar chumas an stiúrthóra nua-cheaptha, Gearóid de Grás, seiceanna a chur amach go foilsitheoirí mar níl comhaltaí boird ann chun iad a shíniú.

Seachtar a bhí ar an bhord faoi chathaoirleacht Éamoinn Uí Ógáin - Seán de Fréine, Áine Nic Gearailt, Ursula Ní Dhálaigh, Diarmaid Ó Cathasaigh, Vivian Uíbh Eachach agus Rhoda Uí Chonaire.

READ MORE

Chuir beirt chomhaltaí, Ursula Ní Dhálaigh agus Seán de Fréine, a raibh breis agus 20 bliain caite acu ar an bhord, in iúl i scríbhinn don Roinn anuraidh go raibh siad ag éirí as.

Aitheantas ar bith ní bhfuair siad go nuige seo as an obair dheonach a rinne siad thar na blianta.

Cuireann an mhoill chun comhaltaí a cheapadh isteach go mór ar obair na bhfoilsitheoirí nó tá a bhformhór ag obair ar bhonn deonach.

"Ní féidir linn pleanáil a dhéanamh nuair nach eol dúinn cé mhéad de dheontas a bheidh ar fáil dúinn ón Bhord," a dúirt foilsitheoir amháin. Ba cheart na pleananna foilsitheoireachta istigh ag deireadh mhí Eanáir ach níl aon duine ann chun iad a fhaomhadh.

Tá bac fosta ar an stiúrthóir, nach bhfuil ach mí sa phost, pleanáil a dhéanamh nó cinneadh a ghlacadh faoi rud ar bith lasmuigh de ghnáthriarachán na hoifige.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán go raibh an tAire Stáit "ag déanamh a díchill" chun daoine oiriúnacha a fháil a mbeadh scileanna ar leith acu chun tairbhe fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Ní raibh aon amhras air ná go gceapfaí bord go luath. "Bíonn hiatus mar sin i gcónaí idir seanbhord agus bord nua," a dúirt sé.

Dúirt comhalta den seanbhord le Tuarascáil go rabhthas ag súil go n-ainmneofaí comhaltaí nua anuraidh ionas go bhféadfaidís freastal ar chruinnithe agus eolas a chur ar mhodhanna oibre.

Ba chúis imní d'iarchomhalta eile go gcuirfeadh cúrsaí toghchánaíochta isteach ar cheapadh comhaltaí.