Moladh nár mhair

RINNE AIRE Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley tagairt ar leith do thábhacht neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga agus é ag …

RINNE AIRE Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley tagairt ar leith do thábhacht neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga agus é ag moladh athcheapachán Sheáin Uí Chuirreáin mar choimisinéir anuraidh.

Thacaigh an tAire Stáit, a bhí ina urlabhraí Gaeilge ar bhinsí an fhreasúra ag an am, go láidir le hathcheapachán an choimisinéara ar feadh sé bliana eile.

Thug sé ardmholadh do Ó Cuirreáin as a raibh bainte amach aige agus thug sé moladh ar leith dó as a neamhspleáchas.

Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go raibh agus go mbeadh neamhspleáchas ag Oifig an Choimisinéara mar oifigeach de chuid an Oireachtais.

READ MORE

“Molaim go mór an obair atá á dhéanamh ag an gcoimisinéir agus molaim go mór go ndéanfar é a athcheapadh. Is oifigeach de chuid an Oireachtais é agus tá sé léirithe aige go dtí seo go bhfuil sé neamhspleách. Tá sé iontach tábhachtach gur mar sin a bheidh sé,” a dúirt McGinley agus é ag caint sa Dáil ar an 18ú Feabhra 2010.

Tá imní léirithe ag eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra go mbainfidh an cinneadh d’údarás agus de neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara.

Dúirt McGinley agus an Taoiseach Enda Kenny an tseachtain seo caite nach mbainfeadh an cinneadh d’éifeacht na seirbhíse atá á cur ar fáil ag an gcoimisinéir, áfach.