Moltai Caighdeain

Seolfaidh an tOllamh Ruairí Ó hUiginn an leabhrán Caighdeán Nua don Ghaeilge leis an Dochtúir Nicholas Williams san oíche amárach…

Seolfaidh an tOllamh Ruairí Ó hUiginn an leabhrán Caighdeán Nua don Ghaeilge leis an Dochtúir Nicholas Williams san oíche amárach ag 6.30 p.m. i gceannáras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.

Molann Williams ina aiste roinnt rialacha a athrú sa Chaighdeán Oifigiúil leis an teanga a éascú do lucht foghlama: "Gaeilge don fhoghlaimeoir agus don scoil atá ar intinn agam; is é an chéad bhlaiseadh den teanga a bheidh ann."

An Aimsir Óg a fhoilsíonn agus €5 luach an fhoilseacháin.