Moltaí teanga

BHÍ SEISIÚN eolais ag an ghrúpa teanga, Pobal, i mBéal Feirste inné le straitéis 20 bliain Gaeilge do Thuaisceart Éireann a ullmhú…

BHÍ SEISIÚN eolais ag an ghrúpa teanga, Pobal, i mBéal Feirste inné le straitéis 20 bliain Gaeilge do Thuaisceart Éireann a ullmhú.

Tá moltaí faoi chúrsaí oideachais, cumarsáide, reachtaíochta agus faoi na healaíona le fáil ina dtuairisc.

Molann siad gur chóir rannóg ar leith a bhunú sa Roinn Oideachais sa Tuaisceart a mbeadh an Ghaelscolaíocht agus an Ghaeilge ar scoileanna Béarla faoina cúram.

Creideann siad fosta gur mhaith an rud scéim scoláireachtaí Gaeltachta a neartú agus gearrchúrsaí sa réigiún a chur ar fáil do dhaltaí Gaelscoileanna agus scoileanna Béarla.

READ MORE

Molann siad an Ciste Craoltóireachta Gaeilge a chur ar bhonn “teann buan”; iarrann siad ar an BBC cláir theilifíse a chraoladh níos minice agus cur leis an tseirbhís reatha raidió ar BBC Uladh.

Creideann an grúpa gur chóir ciste d’fhorbairt na n-ealaíon agus ealaíontóirí Gaeilge a bhunú ar bhonn “ildisciplíneach” agus clár bliantúil d’imeachtaí Gaeilge ar “ardphróifíl agus ar ardchaighdeán” a fhorbairt.

Ag scríobh i réamhrá na tuairisce, deir cathaoirleach an ghrúpa, an tOllamh Dónal Ó Baoill, gur “cuid dhílis í an Ghaeilge de choimpléasc cultúrtha, sochtheangeolaíoch stairiúil Thuaisceart Éireann. Baineann sí le gach saoránach d’ainneoin í a bheith ina cnámh spairne polaitiúil; tarchéimníonn sí conspóid agus deighilt. Dhéanfadh forbairt nó leathnú na Gaeilge saibhriú ar an tsochaí neamhshocair iarchoinbhliochta seo”.