Na beala beo

An Peann Coitianta:  Dhá chnuasach éagsúla atá gortha ag an traidisiún béil iad ó Bhéal an Bhab (Cló Iar-Chonnachta), cnuas-…

An Peann Coitianta:  Dhá chnuasach éagsúla atá gortha ag an traidisiún béil iad ó Bhéal an Bhab (Cló Iar-Chonnachta), cnuas-scéalta Bhab Feiritéar Dhún Chaoin, agus An Béal Beo (An Gúm), eagrán nua den chnuasach stór focal aniar le Tomás Ó Máille. Cuireann siad araon "cith gealán, nó aithinní ag spréachadh tríd an gceárta".

Tá rogha idir léamh agus éisteacht, nó rogha an dá cheann in éineacht le ó Bhéal an Bhab. Pacáiste dhá dhlúthdhiosca agus leabhar ina dteannta, atá ann, iad curtha in eagar agus nótaí cuimsitheacha leo ag Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh.

Deineadh ath-thaifeadadh ar an gcnuasach seo scéalta de chuid an Bhab i Raidió na Gaeltachta, chun go mbeadh an fhuaim de réir a chéile. Má bhrostaíonn airc intleacht, faoi mar a deir Bab Feiritéar ina hinsint ar Cailleacha an Dúna, soláthraíonn an teicneolaíocht an deis, ar a laghad, ócáidí nua scéalaíochta a athchruthú. Beifear ag éisteacht le dlúthdhioscaí an Bhab in árasáin i Seattle, i gcarranna ar Highway 9, i seomraí suí i Springfield Mass, i seomraí léachta i mBoston. Beidh bóthar déanta ag Micí na Muc!

Ceann de na gnéithe is luachmhaire liomsa den chnuasach seo, ná na nótaí iomlána cúlra ar shinsir scéalaíochta an Bhab, chomh maith leis an eolas beathaisnéise. An scéal 'Paidir an Chailín Aimsire', mar shampla, is cri de coeur corraitheach sinseartha é, á chur san áireamh gur thug sean-aintín an Bhab, Máire Ruiséal, mórán dá saol féin ar aimsir. Is pictiúr iontach é, Máire agus Cáit Ruiséal i dteannta a chéile, sa leabhar.

READ MORE

Casann na scéalta ar fad ar roth úd na hintleachta, ó pheirspictíocht bhanúil. Níl na scéalta móra eachtraíochta anseo, ná scéalta na ngaiscíoch, ach siúlann na mainicíní amach chugainn ar an ardán taispeána, 'Cearc an Phrompa' néaróiseach ar dóigh léi gurb é an scéal atá ag dó na geiribe aici féin an scéal atá ag dó na geiribe ag gach éinne (bíonn a leithéid ar an raidió ó mhaidin go hoíche), nó 'Cailleacha an Dúna' a bhfuil leagan eile de in An tOileánach, agus leaganacha iomadúla ar fud an bhaill.

Teiripe agus garchabhair teileafóin a thabharfaí anois don mbean bhocht atá ag feitheamh lena fear agus a mac a theacht abhaile ón bhfarraige, in áit cíoradh agus slámadh na holla mar a dheineann sí agus aghaidh a thabhairt ar chorplár na heagla aici féin. Is folláine go mór i gcónaí uisce cos na sean-tuiscintí ná sícea-teiripe.

Teiripe an ghrinn is fearr ar fad agus is ardbhlúirí grinn sa chnuasach seo iad 'Paidir an Bhacaigh' agus 'Na Móraigh'. Saghas 'Ciarraígh', mar le cúrsaí grinn, iad na Móraigh ag muintir Dhún Chaoin.

Má tá focal amháin a ritheann liom i gcónaí agus mé ag éisteacht le Bab Feiritéar, is é glan é. Stíl ghlan inste. Guth glan cinn. Abairtí glana ar an leathanach. Uigeacht ghlan an scéil. Tá cáilíocht ghlan, leis, ag baint leis na dlúthdhioscaí in ó Bhéal an Bhab.

Saothar ar chuala trácht thairis seachas aon eolas beacht a bheith agam ina thaobh é An Béal Beo arb é Ruairí Ó hUiginn a dhein an t-atheagrán de. Ar an dara heagrán (1937) atá an t-eagrán nua bunaithe.

De shliocht gustalach feirmeoireachta as Gleann an Mháma i nDúiche Sheoigheach ab ea an Máilleach agus a dheartháireacha scolárthúla. "Scolaíocht phríobháideach a fuair Tomás is cosúil," a deir Ó hUiginn, agus ba dhuine é a tháinig faoi anáil na hathbheochana léinn ag tús an 20ú haois.

BUNAITHE ar léachtaí a thugadh an Máilleach sa Choláiste Ollscoile i nGaillimh, atá An Béal Beo, agus tá oiread earraíochta bainte aige as an litríocht agus amhráin, agus atá as an gcaint bheo, mar a bhí. Stór fíorluachmhar é an cnuasach seo, agus beidh aird air ag éinne atá ag plé go gairmiúil leis an dteanga, gan canúintí a bhac.

Tá gnéithe agus réimsí den saol a bhfuil trácht ag an Máilleach orthu glanta leo, ach tá sean-intleacht na teanga fós ag péacadh tríothu sna téarmaí.

D'ardaigh mo chroí féin go háirithe nuair a chonac an chaibidil ar an bhfarraige agus ar sheoltóireacht, ach deir an t-eagarthóir féin linn: "Ní maith, mar shampla, a réitíonn an cur síos atá aige ar bháid Chonamara leis an míniú a bheadh ar roinnt de na téarmaí bádóireachta anois. Déanamh na seolta agus ní hé meáchan an bháid an difríocht is mó idir an púcán agus an ghleoiteog, cuir i gcás"

Gan ach súil an-achomair a thabhairt ar an gcaibidil ar Cineálacha Daoine, ritheann sé liom go raibh focal ar chineál duine ag freagairt do gach máchail agus tréith dhiúltach dhaonna fén spéir.

Is leabhar bunúsach tagartha é An Béal Beo. Maidir liomsa de, tá gaol gairid aige leis an sarshaothar úd Cladaí Chonamara (An Gúm, 1985). Athchúrsáil riachtanach teanga atá mar bhun le An Béal Beo, agus é de dhualgas ar éinne atá ag plé go gairmiúil leis an dteanga leas a bhaint as mar áis athnuachana.