Na réaltaí

CROBHINGNE: D’FHÉACH MÉ isteach im chuid liathróidí criostail le déanaí agus chonaic mé an méid seo a leanas:

CROBHINGNE:D'FHÉACH MÉ isteach im chuid liathróidí criostail le déanaí agus chonaic mé an méid seo a leanas:

Taurus: Oibrí an-mhaith tú ach tú chomh dúr le cloch carraige. Ceapann daoine go bhfuil tú as do mheabhair ar fad.

Vótáil tú do na PDs tráth den saol, agus vótáilfeá dóibh arís dá bhfaighfeá an seans, rud nach bhfaighidh.

Is dóigh le daoine eile gur fimíneach gránna tú, agus tá an ceart acu. Bíodh go bhfuil tú thar a bheith praicticiúil, ní dhéanfaidh sin aon mhaitheas duit.

READ MORE

Gemini: Tá intinn bheo agat is fíor ach níl tú go maith ar do chosa. Cé go bhfuair tú marcanna maithe i scrúdú uair amháin, ní raibh ansin ach timpist. Is cosúil go raibh an marcálaí ar meisce ag an am, nó bhí breab i gceist.

Tá clú agus cáil ar mhuintir Gemini a bheith sa phríosún ar feadh i bhfad, go háirithe in Dodge City agus in Luimneach.

Cancer: Tá tuiscint an-mhaith agat d’fhadhbanna daoine eile, go háirithe iad siúd nár casadh riamh ort.

Tá réiteach agat ar chora crua an tsaoil, ach is trua nach n-oibreoidh siad go brách. Ceapann daoine gur breallsún agus gamal tú in éineacht. Bíonn scil faoi leith ag lucht Cancer ar phoill a thochailt sa talamh.

Leo: Tá tú thar a bheith go maith ag bullaíocht agus ag tromaíocht ar dhaoine eile. Ba cheart duit leas níos fearr a bhaint as an aigne shearbh atá agat.

Ní maith leat an fhírinne lom go fiú is má tá sí feistithe sa chulaith bhréige is fearr. Déanann na Leoiníní na dúnmharfóirí is fearr ar fad.

Virgo: Duine néata tú agus ní maith leat fo-éadaí ar an urlár. Ceapann an cúpla cara atá fanta agat go bhfuil seo ag dul thar fóir ar fad.

Níl intinn mar sin agat, áfach, agus is minic go dtiteann tú id chodladh nuair a bhítear ag caint leat. D’fhéadfá a bheith in Fianna Fáil.

Libra: Is é bua na healaíne atá agat fiú murar chuir tú peann le pár nó scuab le balla riamh. Ní raibh tú go maith ar scoil, agus d’aithin do chuid múinteoirí an méid sin.

Sin é an fáth gur buaileadh chomh fíochmhar sin tú. Is beag an seans atá agat obair thairbheach de shaghas ar bith a fháil. Tolgann Librathóirí galar tógálach níos túisce ná daoine eile.

Scorpio: Dhiúltaigh tú do na deich n-aitheanta ar fad nuair a bhí tú sa chliabhán. Déanfaidh tú baincéir an-mhaith agus beidh cairde agat a imreoidh galf.

Tá aithne agat ar an-chuid gadaithe chomh maith. Bainfidh tú an barr amach agus satalóidh tú ar mhórán daoine faoi bhonn do chosa. Maraítear mórán de mhuintir Scorpio i dtimpistí eitleáin.

Sagittarius: Is maith leat drugaí go mór, agus dá réir sin, feiceann tú an taobh is fearr den saol. Pé scileanna atá agat, coimeádann tú i bhfolach go sárchliste iad.

Níl seans ar bith agat aon rath a dhéanamh sa saol seo, agus is lú fós an seans atá agat i saol ar bith eile. Is maith le daoine a bheith ag magadh fút, agus cúis mhaith acu ort.

Capricorn: Níor dhein tú riamh mórán led shaol go dtí seo agus ní dhéanfaidh as seo suas. Sin toisc go bhfuil tú leisciúil ó rinn go sáil agus go dtaitníonn sé leat suí ar do thóin.

Uaireanta bíonn a laghad sin corraíle asat go gceapann daoine gur meacan bán nó dearg tú. Níor dhein Capricornach gaisce ar bith d’aon sórt riamh.

Aquarius: Tá samhlaíocht iontach agat agus dá réir sin bíonn samhluithe buile agat.

Bíonn éad ort le gach duine eile timpeall ort, agus bíonn tráthanna ann nuair a bhíonn éad agat leat féin.

Sin é a thugann ort rudaí amaideacha a dhéanamh, agus nuair a dhéanann tú botún is maith leat é a dhéanamh arís agus arís eile. Ní dóigh le daoine eile go bhfuil tú go deas.

Pisces: Bíonn taibhrithe agat, ach ní féidir leat iad a dheighilt ó do chuid smaointe féin. Chuige sin ceapann tú go bhfuil na Gardaí ag faire ort, go fiú is nuair nach mbíonn.

Tá aithne agat ar bhithiúnaigh agus ar choirpigh ach níl aon mhuinín acu siúd asat. Cé gur mhaith leat dochar a dhéanamh agus d’ainm a bheith ar an gcéad leathanach den nuachtán is meatachán agus cladhaire tú nach bhféadfadh urchar díreach a scaoileadh le duine eile.

Aries: Tá drochmheas agat ar an gcuid eile den saol. Níl foighne muice agat agus is é an drochsmaoineamh a chothaíonn tú ar chách a chéile.

Deireann daoine áirithe gur crosachán tú, daoine eile raillimín, agus mac bitsí daoine eile. D’fhéadfadh go mbeadh an ceart acu. Déanann Arieseachaí nithe gránna d’ainmhithe beaga a bhfuil clúmh orthu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar