'Ní leor 'ar son na cúise' - Ní Cheallaigh

Tuarascáil: 'Ní leor 'ar son na cúise' níos mó," le spéis daoine óga sa Ghaeilge a chothú agus a choinneáil, a chreideann príomhfheidhmeannach…

Tuarascáil:'Ní leor 'ar son na cúise' níos mó," le spéis daoine óga sa Ghaeilge a chothú agus a choinneáil, a chreideann príomhfheidhmeannach Choláiste na bhFiann, Caitríona Ní Cheallaigh agus í faoi agallamh ag an cholún seo.

Tá Coláiste na bhFiann, a reáchtalaíonn cúrsaí samhraidh agus clubanna óige, ag ceiliúradh 40 bliain ar an fhód. Dúirt sí go raibh "éacht" déanta ag na heagrais dheonacha ach nach bhfuair siad an chreidiúint as a gcuid oibre; bhí "dúshlán mór" rompu "le cinntiú go mbainfeadh daoine úsáid as na seirbhísí" teanga a bhí ar fáil.

Ag cur seirbhís nua ar fáil a bhí Coláiste na bhFiann Dé Luain, tráth ar sheol an láithreoir teilifíse, Hector, suíomh nua Idirlín dá gcuid. Is é mian Ní Cheallaigh go bhfeidhmeodh an suíomh úr mar áis teagmhála ag an 50,000 éigin mac léinn a d'fhreastail ar chúrsaí an choláiste ó bhí an chéad chúrsa le 60 mac léinn i Ros Muc, Co na Gaillimhe, sa bhliain 1968.

Ba as na cúrsaí sin a tháinig cumainn óige an choláiste, Cumann na bhFiann: "Tar éis cúpla bliain aithníodh go raibh daoine ag dul abhaile ó na cúrsaí agus iad lán líofa sa Ghaeilge ach is beag deis a bhí acu ina dhiaidh sin an teanga a úsáid. An chéad bhliain eile agus iad ag filleadh ar chúrsa bhí a lán den líofacht sin caillte.

READ MORE

"Go luath sna 1970í bunaíodh Cumann na bhFiann. An aidhm a bhí leis go simplí ná deis a thabhairt do dhaoine óga cuid dá n-am saor a chaitheamh tré Ghaeilge. As seo lean cairdeas agus gaol idir daoine tar éis dóibh aithne a chur ar a chéile ar an gcúrsa samhraidh.

"Seo é an phríomhdhifríocht idir Coláiste na bhFiann agus na coláistí samhraidh eile. Bíonn 2,000 dalta ag freastal ar Choláiste na bhFiann gach bliain agus d'fhéadfaimis sin a mhéadú 10 n-uaire, tá an oiread éilimh ar ár gcúrsaí ach tá cinneadh déanta gan sin a dhéanamh ar dhá chúis.

"An chéad cheann ná nach mbeimis in ann freastal orthu i rith na bliana de bharr easpa foirne agus an dara cúis ná cúrsaí caighdeáin. Bíonn na cúrsaí beag agus bíonn teorainn ar líon na ndaoine gur féidir freastal ar aon chlub." Cé go raibh an coláiste 40 bliain ag fás, ní raibh rún acu luí siar: "Má táimid dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge i measc daoine óga caithfimid é a thógaint go dtí an chéad chéim eile."

Faoi láthair, tá cumainn óige acu i ngach cúige agus tá taighde ar siúl fáil amach cad iad na riachtanais agus na nithe a bhfuil spéis ag daoine óga iontu: "Ag deireadh an tsamhraidh beimid in ann tabhairt faoi phlean a chur le chéile bunaithe ar thoradh an taighde. Caithfimid bogadh leo agus freastal orthu seachas bheith ag reáchtáil imeachtaí nach spéis leo. Tá ré na gcoistí thart agus déanfaidh daoine óga cibé rud a spreagann iad."

Ba mhian le Ní Cheallaigh lárionad spraoi cois locha a bhunú do dhaoine óga, ionad ina mbeadh Gaeilge ag gach aon duine agus a bheadh ar fáil d'eagraíochtaí óige na Gaeilge.

Ba cheart go mbeadh lóistín ann do 150 duine, áiseanna do theaghlaigh agus lucht scoile. Bheadh imeachtaí ann ar nós spórt uisce, ceol, rince, aclaíocht, ionad teicneolaíochta:

"Samhlaigh an deis a bheadh ann do pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna ar fud na tíre an Ghaeilge a úsáid mar theanga bheo agus an teanga a thógáil amach as an scoil. Thabharfadh sé seo cúis cheart do dhaoine óga bheith bródúil as an teanga. Caithfimid bheith 33 céim chun tosaigh i gcónaí ó thaobh áiseanna de."

Dúirt sí go raibh iarscoláirí de chuid Choláiste na bhFiann "ag obair i ngach réimse. Teastaíonn uainn anois teagmháil a dhéanamh leis an oiread acu agus is féidir, iad siúd atá anois mar thuismitheoirí agus b'fhéidir spéis nua sa teanga dá bharr sin.

"Tá a lán acu ag cur a bpáistí go dtí an coláiste anois ach níl aon struchtúr foirmeálta acu chun teagmháil a dhéanamh lena chéile ná le hiarchairde. Leis an suíomh beidh inneall nua chun tús a chur leis an teagmháil sin agus ag deireadh na bliana beidh dinnéar mór againn i bPáirc an Chrócaigh mar cheiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag an eagraíocht.

"Ag teacht as an teagmháil nua táimid ag súil go mbeidh a lán imeachtaí nua socraithe ar nós clubanna sainspéise."

Eolas: www.colaistenabhfiann.ie

Fís le fíorú

Tá Tóstal na Gaeilge, faoi choimirce Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, le tosú i nGaillimh seachtain ón Aoine. Is é "Ag fíorú na físe" téama na hócáide agus beidh plé ar cheist na n-óg.

Beidh seimineár ar "Buntáiste Breise na Gaeilge" faoi chathaoirleacht an láithreoir teilifíse, Síle Seoige. Labhróidh Gavin Ó Fearraigh, Gemma Ní Chionnaith, Bláthnaid Ní Dhonnchadha agus Seán Óg De Paor faoin bhuntáiste a thugann an Ghaeilge dóibh. Beidh cainteanna agus ceardlanna eile ar siúl faoi chúrsaí oideachais agus thodhchaí na teanga.

Eolas: 01-6794780 nó www.tostal.ie

Is é Glór na hInse, Co an Chláir, an príomhbhuaiteoir i gcomórtas Ghlór na nGael 2007; bronnadh €50,000 orthu, duais méadaithe le €10,000 ó bhí 2006 ann. Is é Comharchumann Ráth Cairn, Co na Mí, a tháinig sa dara háit le duais €12,500 agus Cumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, sa tríú háit le €7,500. Bhronn Glór na nGael €141,950 san iomlán ar choistí in Éirinn agus thar lear. Dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, go raibh coiste na hInse ina n-eiseamláir ag grúpaí Gaeilge fud fad na tíre: "Tá ionadaíocht leathan agus córas maith pleanála i bhfeidhm ag an gcoiste. Bhí na moltóirí an-tógtha leis an bplean straitéiseach agus leis an obair a bhí ag eascairt as sin. Tréaslaím le muintir na hInse as an phríomháit i gcomórtas Ghlór na nGael a bhaint amach don tríú huair, éacht nach ndearna ach coiste amháin eile roimhe seo."

áis facility - buntáiste advantage - éacht achievement

fís vision - teagmháil contact - tóstal gathering

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times