Nietzsche, Hitler agus na scolairi Ceilteacha

'Thaispéan an Ghaeilge an méid a bhí i gceist agam

'Thaispéan an Ghaeilge an méid a bhí i gceist agam. 'Fionn', an t-ainm a thugtar ar na huaisle, an bhrí a bhí leis i dtús báire ná 'cúilfhionn', i gcodarsnacht leis na bundúchasaigh, ar dhaoine dúchneasacha dúfholtacha iad. Níor mhiste a rá gur chine fionn ar fad iad na Ceiltigh.

"Níor cheart a mheas gur shíolraigh na pobail sa Ghearmáin a bhfuil gruaig dhubh acu ó na Ceiltigh. A mhalairt: is ansin a aithnímid daonra réamh-Airíoch na Gearmáine. Is féidir an rud céanna a rá faoi gach tír san Eoraip beagnach: i ngach cás tá cine na mbundúchasach tagtha go dtí an barr arís, maidir le dath an chraicinn, fad nó giorra an chinn, srl., fiú amháin maidir leis an dúchas intleachtúil agus sóisialta, b'fhéidir."

Sin sliocht as Genealogie der Moral a d'fhoilsigh Nietzsche sa bhliain 1887. Ní cheapfá b'fhéidir go mbeadh an fealsamh míchlúiteach sin ag trácht ar an Ghaeilge, ach ní féidir an coibhneas seanbhunaithe idir lucht léinn na Gearmáine agus dúchas na nGael a thuiscint gan an náisiúnachas agus an ciníochas a bhain leis an smaointeachas Gearmánach le fada a chur san áireamh.

Teangeolaí clasaiceach cumasach ab ea Nietzsche. B'ábhar smaoinimh mór dó i gcónaí an t-uasalchine nó Herrenvolk a raibh sé de cheart agus de chinniúint aige an chosmhuintir a choimeád faoi smacht.

READ MORE

Uasalchine a bhí sna Gréagaigh agus na Rómhánaigh: bhí foirfeacht na sibhialtachta i dtaobh eolais agus eagna acu, dar leis, toisc go mbíodh sclábhaithe acu ó chiníocha eile chun an ghnáthobair a dhéanamh dóibh. I ngach ré sa stair, dar le Nietzsche, caithfidh "buaiteoirí" agus "caillteoirí", máistrí agus sclábhaithe, bheith ann.

Ní scoláire den léann Ceilteach nó Ind-Eorpach ab ea Nietzsche, ach is féidir lorg an nóisin sin aige a fheiceáil sa teangeolaíocht stairiúil ag an am.

I dtús báire, ní raibh san Ind-Eorpais ach bunteanga de réir teoirice, ach faoi dheireadh bhí trácht ar na hInd-Eorpaigh, nó na Indogermanen mar a thug na Gearmánaigh féin orthu, mar "chine Airíoch".

Pobal fíréan nua a bhí sna hAirígh (ba chuma anois faoi na Giúdaigh, pobal fíréan an Bhíobla) agus b'iad na Gearmánaigh sliocht uasal faoi leith iad den chine Airíoch.

Bhí smaoineamh Nietzsche ar bhuaiteoirí agus chaillteoirí na staire á úsáid sa teangeolaíocht chun an difríocht idir na teangacha Ind-Eorpacha (Gearmánacha, Rómhánacha, Ceilteacha srl.) a mhíniú.

De réir na teoirice seo, tá na teangacha Ind-Eorpacha éagsúil óna chéile toisc gur fhág foshraith eitneach éagsúil rian ar gach ceann acu.

B'iad scoláirí na Gearmáine a bhunaigh an léann Ceilteach agus ba chuid den léann Ind-Eorpach é. Cuid de na "buaiteoirí" Airíocha ab ea na Ceiltigh de réir na teoirice nua, cé go rabhadar curtha faoi chois ag na Sasanaigh agus na Francaigh le fada faoin am seo ar ndóigh.

Mar a léirigh an staraí Joachim Lerchenmüller le déanaí ina leabhar Keltischer Sprengstoff, bhí an léann seo, in aimsir Kuno Meyer agus Rudolf Thurneysen, fite fuaite le polaitíocht cumhachta na Gearmáine i gcoinne na Breataine Móire agus na Fraince.

Agus an naimhdeas idir Impireacht na Gearmáine agus na tíortha sin ag méadú, nasc siad an léann Ceilteach leis an náisiúnachas, an ciníochas agus tuairimí frithShasanacha agus frithFhrancacha.

Seo sliocht ó léacht "Irland und England" a thug Thurneysen uaidh sa Ghearmáin i rith an Chogaidh Mhóir: "Tá an chéad dún i gcaisleán na namhad i mbaol ... ach ní phléascfaidh sé uaidh féin. Caithfidh muidne, lenár lámha féin, an t-aidhnín a thabhairt chuige, chun é a phléascadh."

An méid a bhí i gceist aige ná gur chóir do na Gearmánaigh tacaíocht a thabhairt do na Gaeil a bhí ag troid ar son a saoirse ó Shasana. Nuair a chaill an Ghearmáin an Cogadh Mór agus an Impireacht leis, ba shólás do lucht an léinn Cheiltigh sna 1920í go raibh éirithe leis an náisiúnachas Éireannach. Fiú má bhí an Ghearmáin cloíte, bhí Éire saor.

BHÍ seansmaointe an léinn Cheiltigh beo go fóill i bPoblacht Weimar. Sa bhliain 1929, agus é ag cur le smaoineamh Nietzsche, scríobh an tOllamh Julius Pokorny saothar ar na teangacha Ceilteacha ag iarraidh a chur ina luí go raibh foshraith neamh-Ind-Eorpach sa Ghaeilge.

Bhí teanga agus litríocht na Sean-Ghaeilge síolraithe ó uasalaicme Indo-Ghearmánach agus smacht aici ar ísealaicme réamh-Airíoch, dar leis.

Tá sin soiléir "toisc go ndéanann an litríocht sin idirdhealú dearfa idir daoine arda fionna ar an taobh amháin agus daoine beaga dubhfholtacha ar an taobh eile a léirítear (le beagán eisceachtaí) mar dhream nach bhfuil luach mór sóisialta ná mórálta ag baint leo."

Gach uair i stair na hÉireann go raibh an uasalaicme Ghaelach lag nó i gcontúirt - in aimsir na Lochlannach, nó arís in aimsir na dTúdarach - chuaigh an chosmhuintir i bhfeidhm ar fhoirm na teanga agus chuir crot neamh-Ind-Eorpach uirthi.

Is ionann sin is a rá gur theanga Airíoch "ghlan" í an tSean-Ghaeilge, ach gur theanga "mheasctha" í an Mheán-Ghaeilge agus an Nua-Ghaeilge.

Duine den ghlúin úr sa léann Ceilteach a bhí tagtha tar éis Meyer agus Thurneysen ab ea Pokorny. Bhí ollúnacht na dteangacha Ceilteacha bainte amach aige ag ollscoil Bheirlín.

Ach nuair a tháinig na Naitsithe i réim, bhí Pokorny i gcruachás. Cuireadh ina leith go raibh seanmháthair Ghiúdach aige. Faoi dheireadh briseadh as a phost é.

Tugadh an ollúnacht do scoláire Ceilteach eile arbh ainm dó Mühlhausen. Bhí drochmheas ag Pokorny féin ar Mühlhausen mar scoláire, ach ba Naitsí díograiseach é agus Airíoch "glanfhola" a bhí ann ar ndóigh.

Nuair a thosaigh an dara cogadh domhanda, tuigeadh gurbh fhéidir leis an Ghearmáin sochar a bhaint as mórtas cine na gCeilteach.

Bhí sé ar intinn ag Mühlhausen caidreamh a dhéanamh le náisiúnaithe Breatnacha agus Albanacha dá n-éireodh le Hitler an Bhreatain Mhór a ghabháil.

Measadh freisin go mbeadh cuid de rialtas agus de mhuintir na hÉireann báúil don Naitseachas toisc tuairimí frithChumannacha agus frithGhiúdacha bheith láidir ina measc ag an am.

Amhail Mühlhausen, bhí Leo Weisgerber ag obair leis na grúpaí Briotánacha le linn fhorghabháil na Fraince agus an bheirt acu mar oifigigh san SS. Duine de na teangeolaithe is tábhachtaí de chuid na Gearmáine sa 20ú haois ar fad é Weisgerber.

Mac léinn le Thurneysen a bhí ann agus faoin am seo bhí sé ina ollamh le teangeolaíocht ag ollscoil Marburg.

I 1941 thug Weisgerber léacht uaidh faoin teideal "Na náisiúin Cheilteacha i dtimpeallacht Shasana" a thaispeáin go soiléir smaointeachas na Naitsithe ag an am faoi na Ceiltigh agus a dteangacha agus an pháirt a bhí i ndán dóibh i straitéis polaitíochta Hitler.

Rinne Weisgerber ómós dá mhúinteoir dílis féin, Thurneysen, mar seo: "D'fhéadfaimis a rá inniu nach raibh meas go leor aige (Thurneysen) ar bhrí agus fhuinneamh na gluaiseachta Gaelaí.

"Tá Éire ... tar éis a saoirse a bhaint ó Shasana ar a conlán féin. Ach is féidir linn ceacht a fhoghlaim as an ráiteas sin faoin aidhnín pléascáin agus í a chur i bhfeidhm i gcásanna eile ... Más amhlaidh atá, measfaidh gach scoláire teanga againn gur obair chóir í an pléascach sin a chur ar fáil do na náisiúin Cheilteacha eile."

Is beag seans a bhí ag na Naitsithe na smaointe seo a chur i gcrích, mar a tharla. Ach bhí clú fós ar Weisgerber mar shaoi teanga sa Ghearmáin agus lean sé ar aghaidh lena chuid oibre go dtí na 1970í.

I rith aimsire, áfach, chaill an léann Ceilteach cuma na hidé-eolaíochta a bhí air i measc na nGearmánach riamh roimhe toisc go raibh an Ghearmáin féin ag athrú.

Sna tíortha Gearmánacha inniu, níl idé-eolaíocht ar bith ag baint leis an léann Ceilteach. Ní mór a admháil go bhfuil deireadh leis an idé-eolaíocht i gcoitinne sa saol intleachtúil agus polaitíochta. Níl an léann Ceilteach fite fuaite le frithShasanachas anois.

Bíonn sé mar chuid den Anglistik (léann an Bhéarla) sna hollscoileanna go minic.