Níos cóngaraí don ghealach ná don domhan

Tuarascáil/Gabriel Rosenstock: Tá Bangaram sna hOileáin Lakshadweep

Tuarascáil/Gabriel Rosenstock:Tá Bangaram sna hOileáin Lakshadweep. Eitilt uair an chloig go leith ó chósta thiar na hIndia agus ansin turas uair an chloig eile i mbád. Ní bheadh a fhios agat cé nó cad a bheadh romhat ann.

Ní raibh uisce te ann. Ach ba chuma. Bhí tú i bhfad ón domhan mór. Bhí tú níos cóngaraí don ghealach, dáiríre, ná don domhan seo.

De choiréal geal é gaineamh mín na trá. Tumadóirí iad go leor de na daoine a thugann cuairt ar an oileán. Is breá leo cruthanna agus dathanna an choiréil. Is geal leo na héisc ildathacha a shnámhann isteach is amach ann. Mise, ní raibh uaim ach an tost agus cúpla haiku a fháscadh as an dtost:

tost ... airgeadaíonn an ghealach

READ MORE

an gaineamh faoina luíonn

na huibheacha turtair

Rud ar leith ab ea an gaineamh faoi sholas na gealaí. An teas fós ann. Agus é chomh geal sin. Caithfidh go bhfuil an ghile go maith dúinn. Gile na gile! An raibh dosaen éigin cuairteoir ar an oileán? Bhí is dócha. Daoine ag teacht is ag imeacht. Ba é an chéad chuairt againne é ach bhí lánúineacha eile ann agus seantaithí acu ar an áit, iad ag teacht ar ais bliain i ndiaidh bliana. Is beag áit eile atá cosúil leis.

Uaireanta is dath dearg a bhíonn ar an ngealach agus í ag éirí as an muir. Téann sí i gceannas ar an spéir ansin, í maorga, ríoga, lán de thost. Féach orm, a deir sí, is níl aon rogha agat ach géilleadh di. Is í banríon na hoíche í.

iompaíonn a lí

ar an ré chródhearg

teitheann na réaltaí

Sea, níl aon dabht ina thaobh. Chuirfeadh an ghealach ag machnamh thú. Agus ní hé is brí le machnamh a lán smaointe a bheith agat. Ní hea in aon chor. A mhalairt b'fhéidir. Is amhlaidh a chuireann sí smaointe ar ceal. Glanann sí an intinn. Níonn sí amach an inchinn, fáisceann is triomaíonn í.

cruth an choiréil seo

cruth réaltbhuíne

i gcéin

Sin mar a bhraitheas ar an oileán, neamh agus talamh ag druidim an-chóngarach lena chéile. Ní raibh aon ní ag teacht idir sinn agus an tsíoraíocht, mheasas. Agus ansin i rith an lae, má bhí ceo brothaill ann, chífeá mar a bheadh Í Bhreasail uait ar fhíor na spéire agus ní fhéadfá a rá go cinnte an raibh oileán ann inné nó nach raibh.

oileáin á nochtadh

is ag leá

an mar seo a cruthaíodh an domhan?

An chéad radharc a bhí agam ar an oileán, ní fhaca ach na crainn, crainn phailme agus crainn chnó cócó. Tagann bundúchasaigh ó oileáin eile go Bangaram chun féachaint i ndiaidh a gcuid cnónna cócó féin. Tá cearta iascaireachta acu chomh maith.

Níl deoch is deise nuair a bhíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch ná lacht cnó cócó. Agus níl áit is deise chun é a ól ná faoi scáth na gcrann. Bíonn líontáin ar na crainn ar eagla go dtitfeadh cnó cócó ort. Dá dtitfeadh, scoiltfeadh sé do chloigeann.

ní gá iarraidh orthu -

seolann na crainn phailme

bríos chugainn

Na bundúchasaigh ó na hoileáin eile, is dream ciúin go leor iad a thugann aire dá ngnó féin, duilleoga nó caora betel á gcogaint acu, rud a fhágann smál dearg ar a bhfiacla is ar a mbéal. Is annamh sceitimíní d'aon saghas orthu, is annamh oibrithe iad:

hurlamaboc

francach

in airde sa chrann cnó cócó

Sea, scinneann siad in airde agus cuireann siad nimh sa chrann má bhíonn rian den fhrancach thart. Seachas sin, ní bhacann siad mórán leis an saol agus ní bhacann an saol leo:

an féileacán fiú

glacann scíth

san ámóg

Cheapfá uaireanta gur ar saoire a bhí na feithidí, na héisc, an éanlaith. Ach ní hea gan dabht ach a gcúraimí féin orthu go léir. Dá mbeadh an t-ádh dearg ort chífeá turtar:

spléachadh ar thurtar:

a shúile

is a bhfuil feicthe acu

Ní nádúraí mé agus bhí scata rudaí nár aithníos in aon chor. Speicis éisc is mó. Tá náire orm dáiríre nár fhoghlaimíos níos mó faoin dúlra. Crainn, bláthanna, feithidí, carraigeacha, luibheanna agus mar sin de, níl mo dhóthain eolais agam orthu agus cuireann sé sin as dom.

Chuas amach le scata éanadóirí uair amháin agus sinn ag iarraidh radharc a fháil ar an traonach. Ní bhfuaireamar radharc air. Na níor chualamar é. B'in ar bhruacha na Sionainne. Ní dóigh liom go bhfuil an traonach sna hOileáin Lakshadweep.

isteach i bpoll sa ghaineamh

rud a bhí róthapaidh

le hainmniú

Ar ndóigh, ní leor ainm an ruda a bheith ar eolas agat. Caithfidh tú na cáilíochtaí a bhaineann leis a thuiscint chomh maith. Níl againn ach leatheolas ar a lán rudaí:

féar mara

itheann na turtair é

seachas sin, n'fheadar

Bíonn an ciúnas chomh mór sin i réim gur rud mór is ea torann. Nuacht, geall leis. Rud éigin le scríobh abhaile ina thaobh nó haiku nó dhó a chumadh mar gheall air:

guth dearg an choiligh

dathaíonn spéir

na maidine

anáil chiúnaithe

na cruinne: is ansin

scairt an choiligh

Tús á chur le lá nua ar an oileán. Cúpla bundúchasach lasmuigh dá mbothán sealadach. Éisc acu á dtriomú i gcomhair lá na coise tinne:

éisc ar crochadh

faoin ngrian -

muir gan mhonabhar

Is iad na leabhair Dialann Anama (Coiscéim) agus an cnuasach dátheangach Bliain an Bhandé/Year of the Goddess (Dedalus) na leabhair is déanaí ón údar.

ámóghammock - lachtmilk - machnamhreflection - síoraíochteternity - traonachcorncrake - turtarturtle.