Nuachtan laethuil ar fail ar fud na hEireann

Tá an nuachtán, Lá, anois á fhoilsiú go laethúil

Tá an nuachtán, Lá, anois á fhoilsiú go laethúil. Rinneadh an t-athrú ó eagrán seachtainiúil go heagráin laethúla Dé Luain nuair a seoladh an páipéar i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath agus Gaillimh.

Is minic an focal "stairiúil" bheith in úsáid ag tráchtairí le roinnt blianta anuas agus iad ag cur síos ar fhorbairtí comhaimseartha polaitiúla agus cultúrtha. Níl séanadh ar bith ann, ámh, ach gur ócáid stairiúil í go bhfuil an páipéar á fhoilsiú mar nuachtán laethúil.

12 leathanach atá sa Lá nua, é lándaite agus 80 cent/50p an praghas atá air. Le cois na foirne atá i mBéal Feirste, tá triúr iriseoirí óga eile fostaithe - Áine Ní Ghallchóir, Aoife Ní Dhónaill agus Michelle Nic Pháidín. Beidh beirt acu sin lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus duine i nGaillimh.

Ó thaobh na nuachta féin, tá an tréimhseachán líon lán le scéalta beaga gairide ar chúrsaí náisiúnta, idirnáisiúnta, réigiúnacha agus spóirt. Díríonn cúpla leathanach ar chúrsaí oideachais agus tá go leor fógraí agus grianghraif ann.

READ MORE

Aisteach go leor, níl scéal mór nuachta ar bith ann seachas an nuachtán féin bheith ar fáil agus cé go bhfuil aithris lom déanta acu ar dhearadh Foinse ní hionann an cur chuige nuachta.

Tá Lá ag díriú ar scéalta agus ar cholúin thuairimíochta cúpla céad focal. Coinnigh simplí é, coinnigh gearr é, an mana atá in úsáid. Meascán de Saol agus an Sun atá ann.

Mar sin féin, tá an chontúirt ann gurb é foilsiú an nuachtáin an chuid is fusa den ghnó. Beidh príomhdheacracht amháin le sárú ag muintir Lá agus léar mór fadhbanna tánaisteacha. Is é an deacracht is mó a bheidh le sárú tabhairt ar dhaoine é a léamh.

Ní bheidh sin éasca nó, in ainneoin na bhforbairtí deartha a bhí ar Lá seachtainiúil, níor den riachtanas an nuachtán a léamh. Nuachtlitir sheachtrach thar ceann iarthar Bhéal Feirste a bhí ariamh ann agus níor éirigh leis na geimhle sin a scaoileadh de - in ainneoin cholúnaithe mar Alan Dukes bheith ag scríobh dóibh. Murar bhain tú leis an pharóiste, is beag eile a bhí ann duit.

Cén t-athrú atá ar Lá laethúil? Cuideoidh an dáileachán leis an nuachtán a chur sna siopaí ar béal maidine agus cuirfidh an foilsiú laethúil práinn le agus borradh faoin eagrán laethúil nach raibh leis an cheann seachtainiúil.

Ach an mbeidh fonn ar dhaoine é a cheannach? Cinnte, beidh go leor de lucht cúise na teanga sásta tacú le foilseachán nua Gaeilge, is cuma cad é atá ann. Ach ní hiad lucht cúise a choinneoidh an dé san fhiontar. Beidh léitheoirí nua de dhíobháil agus déanfaidh na léitheoirí sin cinneadh bunaithe ar ábhar.

Is minic ráite é nach léann Gaeilgeoirí foilseacháin Ghaeilge. D'fhéadfadh sé go mbrisfeadh an Lá nua an gnás sin, áfach, sa mhéid is nach gcuirfeadh na hailt ródhua ar dhuine ar bith iad a léamh. Thiocfadh dó go meallfadh an ghontacht sin léitheoirí nua agus léitheoirí óga.

Agus sin ráite, thiocfadh dó nach bhfaigheadh léitheoirí níos sine blas ar an chur chuige agus ar an teanga thablóideach. Cruthaíonn an dúil chun simplíochta nathanna saoithiúla: "Síocháin sa Mheánoirthear ag bualadh bóthair" agus "Tá Dermot Somers déanta againn".

Is é dóchas Lá go bhfuil bearna sa mhargadh do nuachtán laethúil. B'fhéidir go raibh sin fíor 20 nó fiú 10 mbliana ó shin. Ní dócha gur fíor níos mó é. Tá seirbhísí laethúla nuachta ar fáil ar raidió agus ar theilifís agus is fusa iad a aimsiú ná nuachtán.

An dúshlán a bheidh roimh Lá tabhairt ar dhaoine cur lena ngnásanna - éisteacht leis an raidió agus teilifís, an nuachtán Béarla a cheannach agus nuachtán Gaeilge leis de bharr go mothaíonn siad go bhfaighidh siad rud inteacht sa bhreis ann. De réir plean gnó Lá féin, tá siad ag iarraidh 8,000 cóip a dhíol, leath acu sin le fordheontas.

Ní raibh drogall ar Lá rath an Andersonstown News, úinéirí an nuachtáin, a cheiliúradh i bpreasráiteas Béarla: "This is a very exciting project for the Andersonstown News and comes just after ABC confirmed that our flagship paper is the fastest growing weekly in the UK." (Cá huair a cuireadh Andytown sa Ríocht Aontaithe?!)

Níl figiúirí ABC do Lá seachtainiúil sa phreasráiteas, áfach. I dtuairisc ar TG4 agus an nuachtán laethúil á bheartú, dúradh go raibh 1,500 cóip a dhíol. Tá sé sin íseal go maith. Más fíor go bhfuil an oiread sin daoine sa Tuaisceart le Gaeilge, shílfeá go mbeadh an nuachtán ábalta trí oiread a dhíol ar bhonn seachtainiúil gan dua.

Cé go bhfuil an nuachtán féin le fáil i siopaí, tá Lá ag iarraidh 1,000 síntiúsóir nua a mhealladh. Níl an figiúr sin chomh hard sin ar fad ach chinnteodh sé teacht isteach rialta agus ardán gan amhras le tuilleadh airgid a iarraidh ar Fhoras na Gaeilge agus ranna rialtais.

Cad é mar a líonfaidh siad é? D'ainneoin iriseoirí breise bheith fostaithe, níl foireann mhór acu don obair atá idir lámha. Fadó, fadó, i saol eile agus ar phláinéad eile, bhí baint an-bheag agam féin le leagan níos luaithe de Lá. Chaith mé cúpla seachtain le linn saoire ollscoile agus mé ag aistriú scéalta Béarla ón Irish News. Tháinig an chuimhne sin ar ais chugam agus an nuachtán nua á bhreathnú agam.

Beidh an t-inneall aistriúcháin ar obair go tiubh. Tóg amach na leathanaigh teilifíse, oideachais agus fógraí agus beidh idir sé nó seacht de leathanaigh le scríobh gach lá.

Is deis mhaith í Lá laethúil do na hiriseoirí nua taithí a fháil ar iriseoireacht chlóite. Ach beidh ualach trom orthu ábhar a aimsiú le linn an tsamhraidh, mar shampla.

An bhfuil an t-am ann do nuachtán laethúil nó an bhfuil a lá thart cheana féin? Bhí mórán daoine le cluinstin á rá roimh an seoladh gur mhol siad a misneach ach ... D'fhreagródh Lá gan amhras nár chaill fear an mhisnigh an cluiche riamh. Tá an t-earra ann agus is faoin phobal léitheoireachta a bheidh an focal scoir.

Tá síntiús le fáil ag: 048-90605050 nó connlaog@nuacht.com