O Conaire, Ultach

Craolfaidh BBC Raidió Uladh clár ar leith ar Phádraic Ó Conaire tráthnóna Dé Sathairn ag 6.10 p.m

Craolfaidh BBC Raidió Uladh clár ar leith ar Phádraic Ó Conaire tráthnóna Dé Sathairn ag 6.10 p.m. Clár dhá pháirt a bheidh ann.

Labhróidh Róisín Ní Chéileachair de chuid an BBC leis an drámadóir Diarmuid de Faoite faoina dhráma, Pádraic Ó Conaire.

Bhain an saothar dátheangach seo duais Stewart Parker do dhráma Gaeilge sa bhliain 2002 agus beidh na scríbhneoirí Alan Titley agus John Fairleigh sa chuideachta lena dtuairimí a thabhairt ar shaothar Uí Chonaire agus Parker beirt.

Craolfar an dráma féin i ndiaidh na díospóireachta ag 7.03 p.m. Eolas: 048-90338101 nó www.bbc.co.uk/ni/blas