O Cuiv le coiste comhairleach teanga a bhunu

Chuir an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin agallamh ar an Aire Éamon Ó Cuív mar chuid de Thóstal na Gaeilge oíche Shathairn i nGaillimh…

Chuir an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin agallamh ar an Aire Éamon Ó Cuív mar chuid de Thóstal na Gaeilge oíche Shathairn i nGaillimh. Dhírigh an chaint ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ar an Acht Teanga, a fheidhmiú agus a impleachtaí.

Bhí roinnt ceisteanna scríofa ag an lucht féachana don Aire ar chártaí roimh ré agus chuir Ní Chiaráin cuid acu ar Ó Cuív. Bhain ceist amháin le hábhar a phléigh stiúrthóir gníomhach FIONTAR, an Dochtúir Peadar Ó Flatharta, ní ba luaithe an lá céanna.

Ag caint ar "Cé a cheannóidh plean?" dúirt an Flathartach gur cheart don Rialtas "táscfhórsa" a bhunú le comhordú níos éifeachtaí a dhéanamh idir grúpaí teanga - idir Stát agus dheonach. Mhol sé fosta go ndéanfaí athbhreithniú iomlán ar an cheangal idir institiúidí Stáit agus cúrsaí teanga.

D'fhiafraigh Ní Chiaráin de Ó Cuív ar cheart comhoibriú níos fearr bheith sa réimse seo? Tháinig sé léi agus dúirt - chan amháin go raibh ciall leis sin - ach go raibh preasráiteas réidh le heisiúint aige faoin cheist Dé Luain. Agus, gan teip, tháinig an preasráiteas Dé Luain inar fhógair Ó Cuív go raibh sé le Coiste Comhairleach na Gaeilge a bhunú gan mhoill.

READ MORE

Sa phreasráiteas, dúirt sé nár mhór don Stát agus dóibh siúd a d'oibrigh leis an Státchóras ar son na Gaeilge, fís agus plean praiticiúil bheith acu a d'aithin na toscaí a bhí ann don Ghaeilge.

Is é an ról a bheidh ag an choiste comhairle a chur ar an Aire faoi:

inmholtacht plean straitéiseach 20 bliain a réiteach don Ghaeilge sa Stát le spriocanna réalaíocha;

na tosaíochtaí straitéise gearrthéarmacha do chaomhnú agus do chur chun cinn na Gaeilge laistigh den Stát;

na tosaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla;

na bealaí is fearr agus is praiticiúla chun dul chun cinn a bhaint amach maidir le cur i bhfeidhm na hoibre sin.

Bunaithe ar an chomhairle sin, bhí súil aige go mbeadh cur chuige comhtháite i measc na bpríomheagraíochtaí pobail agus Stáit a bhí ag plé le cur chun cinn na teanga.

Thug an ráiteas le fios nach mbeadh an coiste comhairleach ag réiteach tuarascála; bheadh siad ag cur comhairle ar an Aire maidir le polasaí Gaeilge agus dhéanfaí comhordú níos fearr ar an obair a bhí ar siúl ar son na Gaeilge tríd an choiste.

Bhí sé den tuairim gur éirigh go maith leis an chur chuige seo i gcomhthéacs fheidhmiú Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Dá bharr sin, chreid Ó Cuív go gcuirfeadh an coiste go mór le pleanáil polasaí don Ghaeilge sa Stát.

"Tá go leor athruithe ar stádas agus ar sheasamh na Gaeilge i measc an phobail agus sa Státchóras le blianta beaga anuas. I measc na nithe fónta atá tarlaithe, tá achtú an Achta Teanga, bunú Theilifís na Gaeilge, méadú ar líon na nGaelscoileanna, agus méadú ar spéis ghinearálta an phobail i leith na Gaeilge.

"Ina choinne sin, is údar buartha é an lagú atá tagtha ar mhúineadh na Gaeilge i go leor scoileanna agus an síorbhrú teanga atá ar an nGaeltacht. Níl aon dabht mar sin ach go bhfuil gá le scrúdú den tsaghas atá i gceist agam i dtaobh na Gaeilge," a dúirt sé.

Bhí rún aige baill an choiste a ainmniú roimh an Cháisc. A fhad is nach coiste inmheánach Rialtais é; a fhad agus a thugann siad comhairle mhaith agus a fhad agus a thugann an tAire aird ar an chomhairle, bheifí den bharúil gur dul chun cinn a bheadh ann agus go bhfuil creidiúint ag dul do Ó Cuív as gníomhú arís eile ar imeachtaí teanga.

Beidh ceisteanna eile le freagairt ar ball, ámh. Cad é an ról a bheidh ag Foras na Gaeilge feasta? Nár samhlaíodh ról comhairleach bheith acu? An amhlaidh nach mbeidh ann ach eagras sínithe seiceanna?

Níor mhiste, ach an oiread, aird a thabhairt ar ar dhúirt Ó Flathartha nó tá macalla a chuid cainte le sonrú i dtéarmaí tagartha an choiste chomhairligh agus thug sé léargas an-spreagúil ar infrastructúr na hearnála teanga.

Dúirt sé gur chóir "tascfhórsa a bhunú chun léirmheas a dhéanamh ar na hacmhainní atá ar fáil, ar úsáid na n-acmhainní sin agus chun na bearnaí sa tsoláthar a aimsiú. Bheadh an obair seo mar chéim thábhachtach chun cinn agus i gcomhar leis an Acht Teanga agus leis na forálacha eile atá sa reachtaíocht bheadh bonn á chur againn le Plean Náisiúnta don Ghaeilge."

Ó tharla nach raibh plean náisiúnta ann, chaill na heagrais Ghaeilge - idir dheonach agus Stát - fócas agus fuinneamh agus bhí cuid den obair a bhí ar siúl ag teacht salach ar a chéile.

Luaigh sé gur mhór an difear idir an mhargaíocht a bhí ar siúl ag Gael Saoire agus Fáilte Éireann; an chéad ghrúpa ag cur béim ar leith ar shainiúlacht teanga na Gaeltachta mar ionad saoire agus an dara ceann ag cur na tíre i láthair mar ionad aonteangach Béarla.

Dúirt sé go "léireodh ráiteas polasaí an fhís atá againn mar náisiún don teanga agus a bhfuil in ann di sa todhchaí. Ní heol dom go bhfuil a leithéid de pholasaí ar fáil ó foilsíodh Páipéar Bán Athbheochan na Gaeilge (1965)."

De bharr nach raibh polasaí náisiúnta ann, ní raibh sé "éasca treo agus fócas a choinneáil faoi na gníomhaíochtaí agus an fuinneamh ar fad atáthar á chaitheamh leis na hiarrachtaí. Ní léir go bhfuil aon tuiscint ag gníomhairí taobh amuigh de shaol cúng na Gaeilge céard atá ar bun againn ná céard a theastaíonn uainn a bhaint amach.

"Ní heol dom go mbeadh aon cheann de na páirtnéirí sóisialta ar an eolas faoina bhfuil fúinn a dhéanamh agus na cúiseanna atá againn leis an teanga a chur chun cinn agus an tábhacht a fheiceann muid leis an teanga i saol na tíre seo."

Mhol sé a raibh bainte amach ag lucht na teanga: "Sílim féin go n-éiríonn le pobal na Gaeilge i bhfad níos mó rudaí a bhaint amach ná aon chuid eile de phobal na tíre seo go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil muid in iomaíocht le haicmí an chumhachta agus le cultúr na gclúdaí donna. Faraor, ní féidir a rá go leantar ar aghaidh leis an obair ina dhiaidh sin."

Easpa feidhmithe a bhí i gceist leis an teip leanstan ar aghaidh. Bhí fosta easpa measúnaithe agus easpa taighde ag cur as don phleanáil. Dúirt sé gur lean obair ar aghaidh gan "léargas ar fáil an bhfuil torthaí á mbaint amach nó nach bhfuil. Níl aon fhorbairt déanta ar an réimse seo beag ná mór agus le fírinne is deacair é a fhorbairt gan fios bheith againn cá bhfuil muid ag iarraidh a dhul agus cén bealach a bhfuil muid ag iarraidh a dhul."

Cháin sé druidim Instititiúid Teangeolaíochta Éireann, rud a d'fhág bearna mhór i gcúrsaí taighde. Ba ghá go mbeadh cur chuige na n-eagras "á thiomáint ag an taighde is fearr náisiúnta agus idirnáisiúnta".

Mar is léir ar théarmaí tagartha an choiste chomhairligh, guth a fuair freagra a bhí in aighneacht Uí Fhlatharta. Leoga, caithfidh sé gurb é an freagra is gaiste a tugadh ar chaint riamh.