Oicheanta Tri D

Cuirfidh Gael-Linn tús le sraith oícheanta siamsaíochta i gCaifé Trí D, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath, oíche Aoine ag 8 p.m…

Cuirfidh Gael-Linn tús le sraith oícheanta siamsaíochta i gCaifé Trí D, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath, oíche Aoine ag 8 p.m. Mairfidh an tsraith go dtí an 19ú Nollaig.

Beidh meascán de cheol beo agus filíocht mar aon le béile trí chúrsa le fáil le linn na n-oícheanta. €25 an duine an costas atá ar thicéad.

Dúirt urlabhraí Ghael-Linn, Caitríona Nic Giolla Mhichíl, gur "deis iontach a bheidh sna hoícheanta, dóibh siúd ar spéis leo cultúr agus ceol traidisiúnta na hÉireann, oíche shiamsaíochta den scoth bheith acu i gcroílár na hardchathrach".

Is iad John Spillane, ceoltóir, Louis de Paor, file, agus an grúpa traidisiúnta, Spailpín, a bheidh i mbun siamsaíochta oíche Aoine.

READ MORE

Moltar go láidir focal a chur ar thicéad. Eolas: 01-6751200 nó eolas@gael-linn.ie