Oideachas na Gaeltachta ina chnámh spairne

Tuarascái1/Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge: Cuirfidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta…

Tuarascái1/Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge:Cuirfidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) tús le comhdháil "I dTreo Pholasaí Oideachais Ghaeltachta" san oíche anocht ar na Forbacha, Co na Gaillimhe.

Dúirt príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin: "Tá staid na Gaeilge i scoileanna na Gaeltachta ina hábhar imní le tamall maith agus cuireann torthaí phíosaí éagsúla taighde a rinneadh le blianta beaga anuas leis an imní.

"Tá COGG agus Údarás na Gaeltachta anois ag iarraidh scagadh iomlán a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla an oideachais sa Ghaeltacht i dtreo is gur féidir polasaí cuimsitheach nuálaíoch a cheapadh chun an t-oideachas agus an teanga araon a chur ar bhonn slán."

Dúirt cathaoirleach na comhairle, Breandán Mac Cormaic, go raibh easpa polasaí go dtí seo; nár forbraíodh polasaí oideachais Ghaeltachta riamh agus go raibh an iliomad eagraíochtaí agus struchtúr ag plé leis an chóras bainistíochta oideachais, rud a rinne comhordú agus forbairt pholasaithe comhtháite an-deacair:

READ MORE

"Níl an chomhdháil seo ag tarlúint i bhfolús. Tá sí á beartú mar chuid den straitéis atá idir lámha ag COGG le ceithre bliana anuas maidir le forbairt an oideachais Ghaeltachta agus ba mhaith liomsa go gcinnteofaí go gcuirfí riachtanais an oideachais Ghaeltachta i bhfeidhm trí struchtúr nó struchtúir fheiliúnacha tacaíochta agus bainistíochta a chur ar bun. Ní féidir an sprioc seo a bhaint amach gan rannpháirtíocht mhuintir na Gaeltachta - pobal oideachais na Gaeltachta ach go háirithe."

Bhí polasaí oideachais de dhíth mar go raibh riachtanais phobal na Gaeltachta éagsúil le pobal an Bhéarla. Bhain na riachtanais sin le cumas an chóras oideachais féin sároideachas a chur ar fáil do pháistí na Gaeltachta trí Ghaeilge go háirithe ó thaobh insealbhú na máthairtheanga (an Ghaeilge). Bhain riachtanais eile le hinsealbhú an Bhéarla (mar dhara teanga) agus dul i ngleic go gairmiúil le sochtheangeolaíocht na Gaeltachta le cinntiú gur féidir le gach páiste - iad siúd a thagann chun na scoile gan Ghaeilge fosta - sároideachas trí Ghaeilge a bhaint amach, a dúirt sé.

Ba é an teaghlach an ní ba thábhachtaí ó thaobh chosaint agus fhorbairt na teanga sa Ghaeltacht féin ach ba é an córas oideachais an ní ba thábhachtaí ina dhiaidh sin arís, a dúirt sé.

De réir tuairisce ar Foinse ag an deireadh seachtaine, molfaidh cainteoir amháin ag an chomhdháil, Peadar Ó Flatharta, gur chóir bord oideachais Ghaeltachta a bhunú "mar ábhar práinne", bord a mbeadh cumhacht reachtúil air polasaithe oideachais Ghaeltachta a ullmhú agus a chur i gcrích. Ba chóir fosta Aire Stáit sa Roinn Oideachais a cheapadh a mbeadh cúram oideachas na Gaeltachta agus oideachas lán-Ghaeilge air.

"Mura ndéantar a leithéid de shocrú, ní thitfidh an fhreagracht ar aon institiúid ar leith ach beidh sí scaipthe ar shraith institiúidí mar atá i láthair na huaire.

"I bhfocail eile, beidh freagracht ar gach uile dhream, rud a fhágfaidh nach mbeidh freagracht ar aon dream agus leanfaidh an staid ar aghaidh," a scríobhann Ó Flatharta, ar léachtóir ar DCU é.

Beidh an chomhdháil "I dTreo Pholasaí Oideachais Ghaeltachta" ar siúl in Óstán an Connemara Coast inniu go dtí Dé hAoine. Eolas: 01-6340831 nó eolas@cogg.ie

Cúrsa Conallach

Thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta aitheantas do choláiste nua samhraidh, Coláiste Bhun an Inbhir, i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, an tseachtain seo caite. Is iad Gael-Linn a bheidh i mbun an choláiste agus is ag freastal ar dhaltaí meánscoile a bheidh sé.

Chaill coláiste eile sa cheantar, Coláiste an Phiarsaigh, aitheantas Roinne le déanaí agus dúirt príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh "dúshlán mór romhainn daltaí a chlárú san achar gairid atá ar fáil. Beimid ag plé le scoileanna ar ghnách leo daltaí a chur chun an cheantair agus fáilteoimid go speisialta roimh na daltaí a bhí le freastal ar Choláiste an Phiarsaigh i mbliana".

Dúirt sé go raibh sé buíoch de na mná tí ar fad a thug cuireadh don eagras coláiste úr a reáchtáil; ceantar láidir Gaeltachta a bhí ann a raibh traidisiún coláistí samhraidh ann.

Tá coláiste ag Gael-Linn ar Mhachaire Rabhartaigh, Co Dhún na nGall, le 33 bliain agus bhí sé ag súil go mbeadh an rath céanna i ndán do choláiste Bhun an Inbhir.

De bharr laincisí ama, ní bheadh ach dhá chúrsa ag Gael-Linn an samhradh seo; an chéad cheann ag tosú Dé Domhnaigh 3ú, Meitheamh agus an dara ceann Dé Céadaoin, 27ú Meitheamh.

Eolas: eolas@gael-linn.ie

Gradaim chumarsáide

Bhronn Oireachtas na Gaeilge Gradaim Chumarsáide ar lucht na Gaeilge ar ócáid i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, Dé hAoine. Tugadh aitheantas don Idirlíon den chéad uair agus bronnadh Nuachtóir na Bliana ar eagarthóir an iris Idirlín, Beo!, Éamonn Ó Dónaill. Bronnadh buaicghradam ar TG4 as a gcuid obair chraolacháin le deich mbliana agus duine de láithreoirí an stáisiúin, Daithí Ó Sé, a thug leis Pearsa Teilifíse na Bliana. Bronnadh Aisteoir na Bliana ar Chliodhna Ní Chíosáin as a ról mar Aifric i sraith TG4. Clár eile de chuid TG4, Ar Lorg Shorcha, a bhain an gradam as clár na bliana. Bhí oíche mhór ag lucht Raidió na Gaeltachta: ba é Rónán Mac Aodha Bhuí a shaothraigh Pearsa Raidió na Bliana; bronnadh Colúnaí na Bliana ar an iriseoir Eoin Ó Murchú agus bronnadh Clár Raidió na Bliana ar Seó Beo an tSathairn. Eagarthóir Foinse, Seán Tadhg Ó Gairbhí, a fuair gradam Iriseoir na Bliana.

comhtháiteintegrated - folúsvacuum - nuachtóirreporter - nuálaíochinnovative - scagadhexamination - straitéisstrategy