Oideachas ollscoile

Beidh seimineár poiblí aon lae faoi choimirce Chonradh na Gaeilge ar "Ardoideachas trí Ghaeilge - an ród seo romhainn?" amárach…

Beidh seimineár poiblí aon lae faoi choimirce Chonradh na Gaeilge ar "Ardoideachas trí Ghaeilge - an ród seo romhainn?" amárach in Áras Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath. Is ag 10 a.m. a thosóidh an ócáid agus mairfidh sí go dtí 5 p.m.

Beidh trí sheisiún chainte i gceist: "Cad is ardoideachas ann? Forléargas ar an earnáil"; Cad iad na riachtanais agus na héilimh ag pobail na Gaeilge? Dearcadh na dtomhaltóirí" agus "Cad iad na modhanna seachadta don todhchaí? Bealtaí forbartha a d'fhéadfaí a fheidhmiú".

Ar na cainteoirí, beidh Seosamh Mac Donnacha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Caoimhe Máirtín, Coláiste Mhuire, Marino, an Dochtúir Seán Farren, iar-aire san Fheidhmeannas ó thuaidh agus Norman Gillies, Sabhal Mòr Ostaig, Albain.

  • Is é an scríbhneoir Pádraic Breathnach a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain san oíche amárach ag 8 p.m. in Ionad Tionscail na hOllscoile, Belfield, Baile Átha Cliath. "Carracáin agus Bráiste: Ómós do Mháirtín Ó Cadhain" teideal a chainte.
  • Tá aos dána na hAlban ar a gcamchuairt bhliantúil in Éirinn. Beidh oíche cheoil agus filíochta leo in Am Bia, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, oíche Shathairn ag 8 p.m. Beidh Crisdean Whyte, file, Iain Mac A'Phearsain, file, Mairi Sine Caimbeul, amhránaí, agus Phamie Gow, cruitire, i láthair.