Ón bhfuinneog

UAIREANTA IS maith leat féachaint uait ar íor na spéire agus tú ag taisteal

UAIREANTA IS maith leat féachaint uait ar íor na spéire agus tú ag taisteal. Íor na spéire i bhfad uait ansin, agus tú gan eolas cad tá ar an taobh eile thall. Na bóithre fada bána dod mhealladh agus an saol a d’fhág tú i leataoibh, i leataoibh. Draíocht na gcúlriasca romhat, agus tú buíoch nach bhfuil a fhios agat cad tá ar siúl iontu.

Is í an tsiúlóid an chóir taistil is fearr, gan amhras, ach go bhfuil rómhall tú a thabhairt go dtí an ball sin a shamhlaíonn tú a bheith ann. Fairis sin, castar daoine ort gar do thithe na gcearc arbh fhearr leat a bheith ceal a gcomhluadar. Ceann d’aoibhnis an taistil ná a bheith id aonar agus smaointe íor na spéire ar gor id íochtar thíos.

Toisc na leisce, áfach, is é an gluaisteán nó an mótar nó an carr nó an chairt féin is coitianta. In Albain tugtar “carbad” ar an earra céanna, agus is cruinn mar ainm é. Mar réabann an carbad tríd an dúiche ar nós mar a réabann an mótarbhealach tríd an bhfearann. Ón bhfuinneog ní léir duit ach an méid a nochtann an bóthar duit. Ón bhfuinneog ní nochtann na bóithre móra bána ach an chuid is gile den tír.

Is fearr é seo ná an t-eitleán, áfach, ar geall le príosún é nach féidir faic an bharra a fheiscint uaidh de ghnáth. Ní pléisiúr feasta iad sléibhte agus lochanna agus tú id thodóg mhiotail na mílte troigh lasnairde. Ní ionad é an t-aerfort ar féidir leat a rá gur i dtír ar bith atá sé. Stáisiún idir neamh is talamh é arb í an phraicticiúlacht an t-aon fheidhm atá aige. Daille éifeachtach is ea an taisteal san aer nach n-osclaíonn fuinneog ar bith.

READ MORE

Sin é an fáth a bhfuil rud éigin daonna ag baint leis an traein. Má nochtann an bóthar an aghaidh is fearr, taispeánann an traein an craiceann is gránna dúinn. Gluais leat isteach i gcathair ar bith; feiceann tú na ceantair scothaicme agus na tithe galánta agus na gairdíní deasa plaisteacha ón mbóthar; is ann dóibh le go dtabharfá taitneamh dóibh.

Gluais leat ar an traein, áfach, agus is gearr go bhfeicfidh tú na méirscrí agus na gága. Fobhrístí ar na tuarlínte agus madraí ocracha ag amhastraigh faoi cheangal slabhra. Dramhaíl na hoíche aréir ina sprémhóin fan an bhealaigh. Trucailí a fuair bás ina reiligí gan eagar thall is abhus. Meirg ar gheataí ag fógairt neamhairde agus cumaliomachais.

Is é bealach na traenach bolg agus ionathar na gcathracha, is é an scéal bleachtaireachta é, an scannán uafáis. Is é artaire é atá lofa le droch-chaitheamh na mblianta. Is é an bóthar mór an scéal rómansúil, an clúdach geal, an scannán móréilimh. Is é béal na cathrach é nach ngabhann isteach ann ach bianna boga blasta.

Ní tharlaíonn eachtraí móra stairiúla ar thraenacha in Éirinn. Is fíor gur seoladh na céadta míle go dtí na báid bhána iontu agus na deora ina ndobhair mhóra uathu ar a slí thar lear. Ach níorbh aon Asgard iad, ná cuan Chill Alaidh, ná Johnson’s motar car féin. Ní fhéadfá leabhar ar bith ar nós saothar Edmund Wilson To The Finland Station a shamhlú abhus. Is ann a thráchtann sé ar bhíogadh agus ar chraobhú na smaointe sóisialacha arbh iad a dtoradh ná gluaiseacht Leinin go dtí stáisiún traenach úd Phetrograd a chuir ceann ar réabhlóid na Rúise.

Agus fós sa Rúis féin fuair Tolstoi bás i gcarráiste traenach agus tuairisceoirí an domhain ag feitheamh os comhair na fuinneoige amach. Gach seans nach raibh de radharc aige ach ribí a fhéasóige lasmuigh de agus domhan an iontais a chruthaigh sé laistigh. Cén scríbhneoir Éireannach a mbeadh sé de ghus ann bás a fháil i gcarráiste traenach, agus arbh fhiú don saol a bheith ag gliúcaíocht an fhuinneog isteach air?

Ba mheasa fós an dán a chuaigh ar Tsechobh, bíodh gur dócha go mbainfeadh sé íoróin áirithe as. Nuair a fuair sé bás i ndeisceart na Rúise tugadh a chorp go Moscó ar an traein. Bhí sin ceart go leor, ach is amhlaidh gur seachadadh é i gcarráiste a raibh “Oisirí Úra” scríofa air. Ba ghráin leis suarachas i gcaitheamh a shaoil, ach ní raibh neart ar bith aige ar shuarachas na traenach tar éis a bháis.

B’fhurasta meafar a dhéanamh as an traein, nó as an bhfuinneog féin. Is furasta meafar a dhéanamh as rud ar bith, ach earra ar imeall na slí is ea an meafar. Go minic is fearr le daoine an stuif dáiríre. Seachas radharc ón bhfuinneog ar íor na spéire, b’fhearr le formhór an phobail radharc traenach lánluchtaithe leis na baincéirí agus leis na polaiteoirí a scrios an tír a bheith acu agus í ag gluaiseacht go mear i dtreo fhaobhar na faille móire.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar