Onóir Thaidhg

Insealbhaíodh Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2007, Tadhg Mac Dhonnagáin, ag searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath tráthnóna…

Insealbhaíodh Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2007, Tadhg Mac Dhonnagáin, ag searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Is as Maigh Eo ó dhúchas é Mac Dhonnagáin agus clú air mar chraoltóir, mar scríbhneoir, mar amhránaí agus mar chumadóir ceoil. Dúirt Mac Dhonnagáin gur mhór "an onóir dom bheith ceaptha san oifig seo, go háirithe agus féile mhór na nGael, Oireachtas na Samhna, bheith ag filleadh ar m'fhód dúchais i mbliana. Tá mé ag súil go mór leis an mbliain seo a chaitheamh ag cur chun cinn gach uile ghné d'Oireachtas na Gaeilge ó cheann ceann na tíre."

Beidh Oireachtas na Cásca ar siúl i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, idir an Déardaoin 12ú agus an Domhnach 15ú Aibreán 2007. Is i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo, a bheidh Oireachtas na Samhna, idir an Chéadaoin 31ú Deireadh Fómhair agus an Domhnach, 4ú Samhain 2007.