Oscailt Mhacha

Is é "A Canon of Irish Literature" an téama a bheidh faoi chaibidil ag an seimineár bliantúil i Leabharlann agus Cartlann Chuimhneacháin…

Is é "A Canon of Irish Literature" an téama a bheidh faoi chaibidil ag an seimineár bliantúil i Leabharlann agus Cartlann Chuimhneacháin an Chairdinéil Uí Fhiaich, Ard Mhacha, Dé hAoine 26ú agus Dé Sathairn 27ú den mhí seo.

Cuirfidh Gerald Dawe, file, agus na scríbhneoirí, Joseph O'Connor agus Anne Enright tús leis an ócáid oíche Aoine ag 8 p.m. le comhléamh.

Ar na cainteanna Dé Sathairn, beidh an tOllamh Patrick Crotty ag díriú ar "Missing Links and Creaking Hinges: Poetry and the Past in Ireland"; an tOllamh Pádraig Ó Gormaile ar "Canons: A Necessary Evil?" agus an Dochtúir Clair Wills ar "Acts of Independence: Women's writing and Post-War Ireland".

Beidh an chéad léiriú riamh de "Here I am amongst ye all", ócáid cheoil agus fhilíochta le Paul Muldoon agus leis na hamhránaithe, Pádraigín Ní Uallacháin agus Len Graham oíche Shathairn.

READ MORE

Eolas: 048-37522981 nó eolas@ofiaich.ie