Peil Bhearla

I mBéarla amháin atá geansaithe fhoireann peile Bhaile Átha Cliath. Tá leagan Gaeilge ann ach é a lorg

I mBéarla amháin atá geansaithe fhoireann peile Bhaile Átha Cliath. Tá leagan Gaeilge ann ach é a lorg. Gnás atá ag gach contae eile ainm an chontae bheith i nGaeilge.

Is beag duine nach féidir leis an cúpla focal a aithint agus a rá - ach amháin na Dubs, is cosúil.

Bhí urlabhraí thar ceann na foirne á rá ag an deireadh seachtaine nach raibh na geansaithe Béarla ag cur as do dhuine ar bith. A fhad is go raibh an bua ag na Dubs ar pháirc na himeartha, ba chuma faoin Bhéarla.

Is píosa cacamais é sin chomh maith agus a chuala an colúnaí seo le fada. Tá an CLG in ainm is a bheith ag cuidiú le sainmheon ar leith Éireannach a chothú ach is cuma le boic Bhaile Átha Cliath faoin Ghaeilge.

READ MORE

Níor rith sé leis an urlabhraí gur ag obair sa chuibhreann céanna atá lucht na teanga agus na gcluichí Gaelacha - is ag cothú cultúr dúchasach atá siad beirt. Tá cúis ann go dtugtar "peil Ghaelach" (nó "Gaelic football" más fearr lenár gcara Dub) ar an chluiche.

Is iomsaí gaelscoil agus cainteoir Gaeilge a dhéanann a seacht ndícheall luach na gcluichí Gaelacha a chur ar a súile do dhaoine óga. An mbeadh na Dubs sásta dá n-éireodh siad as? (Leoga, nuair a amharcann tú ar chomh holc agus atá peil - gan bheith ag trácht ar iomáint - i mBaile Átha Cliath faoi láthair, rithfeadh sé leat go gcuirfeadh siad fáilte roimh chuidiú de chineál ar bith.)

Cibé, guíonn an colún seo teip thubaisteach ar Bhaile Átha Cliath - ár leithscéal - ar Dublin sa chluiche leathcheannais. Is in éadan Ard Mhacha a bheidh siad ag imirt agus, cé go gcaitheann an fhoireann Ultach geansaithe buí, tá Gaeilge orthu.