Pianpháis bhliantúil

Crobhinge: Tháinig torthaí na hardteistiméireachta amach inné

Crobhinge: Tháinig torthaí na hardteistiméireachta amach inné. Is mó cloigeann tinn atá ann maidin inniu agus bolg dá réir. Gach liú agus hósanna acu siúd ar éirigh leo na barrphointí a bhaint amach, agus bas ar bhéal na ndaoine a raibh díomá éigin orthu.

Is fada léirithe ag tuismitheoirí an drochmheas atá acu ar na múinteoirí nach bhfuil iontu, dá ráite féin, ach cuid den inneall a chomáinfidh an carbad a ghluaisfidh go réidh ar bhóthar cothrom le léarscáil shimplí chun Cathair na Maoine agus Móta na Measúlachta. Má bhíonn orthu fulaingt le filíocht fan na slí nó broic le hábhair ar nós na staire nach dtadhlann leis an saol réadúil, voil, is cuid bheag den phraghas é sin. Ní foláir nó go gcaithfidh a phunt feola a bheith ag an gcultúr, agus is fearr é a ghearradh anois seachas amach anseo nuair a bheidh gairm le foghlaim agus gan am le cur amú.

Rás dall is ea "rás na bpointí". Ní raibh sin le feiscint ar aghaidh na ndaoine a bhain a mian amach agus a léiríodh go binn ar an teilifís aréir. Leor bua an lae inniu i gcomhair áthais an ama. Cúis ghairdeachais do dhuine ar bith teacht slán trí scrúdú na hardteistimeireachta, an scrúdú acadúil is déine a gcaithfidh aon duine dul tríd lena bheo. Ar a laghad sé ábhar éagsúla ar chaighdeán ard de réir chumas an duine.

Beidh cuimhne ag gach aon duine ar an allas, ar an stracadh, ar an ullmhú, ar na hoícheanta fada nuair a bhí cláir le feiscint ar an teilifís, ar rún do charad a lig air nach raibh puinn staidéir ar siúl aige, ar na ráflaí maidir le cad a thiocfadh suas ar an bpáipéar, ar an bhfeitheamh fada, ar halla an scrúdaithe, ar ghramhas an fheitheora, ar an nóiméad sin nuair a leagadh an t-earra lofa os do chomhair, ar na postmortemachaí nuair a sairsingíodh ort go raibh muc-i-mála déanta agat den iomlán.

READ MORE

Rite de passage é, nach mór chomh dearfach le teacht ar an saol. Deireann an ghlúin óg go bhfuil níos déine orthu seachas ar aon dream eile roimhe seo; deireann glúin níos sine go bhfuil níos boige acu ná riamh. Tá clais idir an dá thuiscint seo nach féidir a thrasnú, agus b'fhearr nach mbainfí triail as.

Is fíor go raibh tráth ann ina bhféadfaí leigheas a dhéanamh dá seasfaí sa scuaine cheart lá an chlárúcháin san ollscoil; agus nár ghá duit sluasaid a aithint thar rámhainn d'fhonn dul le fiaclóireacht; ina choinne sin, tá ardvarcanna á mbronnadh faoi láthair chomh tiubh le seangáin i mbríste lá samhraidh.

"Boilsciú grádanna" an téarma teicniúil ar a leithéid seo ionas gurbh ionann go minic grád maith pas fadó riamh agus grád ardonórach faoi láthair. Míthuiscint bhunúsach faoi ndeara an útamáil mharcála seo, útamáil a shocraíonn gur féidir leis an gceathrú cuid d'iarrthóirí grád "A" a bhaint amach in ábhair áirithe, agus gur níos lú ná trí faoin gcéad a bhaineann an marc céanna amach in ábhair eile.

Ní tomhas meitifisiciúil in aghaidh caighdeáin éigin a leagtar síos sa spéir atá sa ghrádú seo, ach iarracht a dhéanamh ar na daoine is fearr a scagadh ó dhaoine níos laige ná iad. Dá réir sin, níl le déanamh ach an uile ní a cheartú, agus grád "A", cuir i gcás, a thabhairt ar an gcúig, nó ar an sé, nó ar an seacht faoin gcéad is fearr, pé teora a n-aontófaí leis ar fud an chláir i ngach aon ábhar siar amach. Níor cheart go mbeadh sé furasta ar an té a bhfuil bua an chomhairimh aige grád níos airde a bhaint amach níos saoráidí ná an té a bhfuil bua an fhocail agus na spéacláireachta aige.

Cuireann scrúdú na hardteistiméireachta daoine go bun a mionda. Tástáileann sé iliomad scileanna agus tallanacha. Is minic ráite go breallsúnta gur tástáil chuimhne ar fad atá ann. Tá breall orthu, cé gur cuid den mheabhair í an chuimhne, leis. Tá foghlaim na cuimhne ann, gan amhras, ach tá breithiúnas ann, leis; agus suathadh agus cur-trí-chéile agus meastóireacht fianaise agus misneach meabhrach agus cogan tuairimíochta agus eagrú ama agus bainistíocht eolais agus gach rud eile a dheighleann an intinn ghasta ón meon tollánach. Ní dona an t-ullmhúchán é don saol ina dhiaidh sin, fág tóraíocht na bpointí ar son na bpuntaí as an áireamh.

Nuair a bhíonn an phianpháis sin curtha de ag an duine, is féidir ansan díriú ar scrúduithe is boige go mór ná é: an BA.D., an MA.D., an PeeDee, an T.B., an MBE, an CJH, an MUSC, an TOJAM, an SC.IT, an DIS, an DAT agus an DoDor.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar