Plean B

BEIDH seimineár ar “Leas na Gaeilge, leas an Stáit” i mBaile Átha Cliath Dé hAoine agus Dé Sathairn

BEIDH seimineár ar “Leas na Gaeilge, leas an Stáit” i mBaile Átha Cliath Dé hAoine agus Dé Sathairn. Dúirt duine de na heagraithe, Breandán Mac Cormaic, leis an cholún seo inné gurbh é a chuspóir “ábhar díospóireachta ar ardchaighdeán” a chur ar fáil do lucht na Gaeilge agus “plé bríomhar a dhéanamh ar cheisteanna comhaimseartha na hÉireann agus ceist na Gaeilge sa tsochaí reatha”.

Dúirt sé nach raibh ach “Plean A” ag lucht na Gaeilge chomh fada agus a bhain sé le ceist na teanga de – brú a chur ar an Stát. Ach bhí “Plean B” ag teastáil sa chás nár éirigh le Plean A.

Labhróidh John Walsh, Ollscoil na Gaillimhe, ar “An Ghaeilge mar acmhainn forbartha in am na géarchéime” oíche Aoine in Áras Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath ag 7.30pm.

Beidh na cainteanna eile ar siúl in Óstán an Davenport Dé Sathairn idir 9am agus 4pm. Díreoidh Fionnbarra Ó Brolacháin ar an Ghaeilge agus cúrsaí geilleagair agus Seosamh Mac Donncha, Ollscoil na Gaillimhe, ar an straitéis 20 bliain.

READ MORE

Labhróidh Mac Cormaic féin ar an olltubaiste Éireannach agus an Ghaeilge agus labhróidh Janet Muller ón ghrúpa tuaisceartach, Pobal, ar chúrsaí teanga agus an stát thuaidh. Beidh fóram díospóireachta ann ag deireadh an lae ar an téama: “cén cur chuige do mhuintir na Gaeilge?”

* Eolas: eolas@fnag.ie