Polasaí fiúntach teanga

Beocheist: Ba mhór an t-ábhar sásaimh a thug sé dom a fheiceáil go raibh béim mhór ar ilteangachas i bpolasaí nua oideachais…

Beocheist: Ba mhór an t-ábhar sásaimh a thug sé dom a fheiceáil go raibh béim mhór ar ilteangachas i bpolasaí nua oideachais Chonradh na Gaeilge agus é mar aidhm leis go mbeadh ardchumas i dtrí theanga ag gach dalta scoile.

Ba mhór an chéim chun tosaigh é ar an dearcadh cúng a bhí ag an Chonradh nuair a chuir sé i gcoinne ballraíochta i gComh-mhargadh na hEorpa ar eagla go ndéanfadh sé dochar dár gcultúr dúchasach féin. A mhalairt a tharla. Spreag ilchultúrachas na hEorpa a lán Éireannach chun meas bheith acu ar a gcultúr féin.

Chuir mé fáilte fosta roimh an ráiteas a d'eisigh uachtarán an Chonartha, Daithí Mac Cárthaigh, ar na mallaibh ag diúltú "d'argóintí seafóideacha roinnt áitreabhóirí i gCluain na Binne, Magh Cuilinn, go gcuirfeadh ionad cónaithe sealadach d'iarratasóirí tearmainn isteach ar úsáid na Gaeilge sa cheantar".

Tá an ceart aige an seasamh sin a ghlacadh. Má tá muintir Mhagh Cuilinn buartha faoi lagú na Gaeilge sa cheantar ba cheart dóibh bheith ag tairiscint cuidiú leis na hinimircigh an Ghaeilge a fhoghaim mar atá déanta ag Conradh na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe agus ag an Ionad Buail Isteach i mBaile Átha Cliath.

READ MORE

Tír ilteangach a bheidh in Éirinn feasta agus ní mór dóibh siúd atá ag beartú polasaí oideachais sin a chur san áireamh. Is léir go bhfuil sé sin déanta ag an Chonradh sa pholasaí nua oideachais atá curtha le chéile aige.

Trí phríomhéileamh atá ann: go gcuirtear múinteoirí teanga idir bhunmhúinteoirí agus mhúinteoirí dara leibhéil ar cúrsa tumoideachais bliana i ndúiche na teanga sin mar chuid dá n-oiliúint; go múintear ábhar amháin de bhreis ar an Ghaeilge féin trí Ghaeilge do gach scoláire; go múintear ábhar amháin trí theanga ón iasacht do gach scoláire dara leibhéil.

Tosóidh an Conradh feachtas i mí Mheán Fómhair ina n-iarrfar ar na coláistí oideachais, ar chumainn na múinteoirí agus ar eagrais eile, tacú leis chun na héilimh sin a bhaint amach. Tá sé i gceist acu an fuinneamh céanna a chur san fheachtas agus a cuireadh san fheachtas ar son stádais oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Cé gur inmholta gach ceann de na héilimh sin, feictear dom go bhfuil sé ró-uaillmhianach bheith ag súil go mbainfear gach ceann acu amach ag an am céanna. D'éirigh le Stádas mar go raibh sé dírithe ar aon aidhm amháin.

Ní féidir an dara nó an tríú héileamh i bpolasaí an Chonartha a chur i bhfeidhm gan múinteoirí sároilte bheith ann chun na teangacha a theagasc. Bheinn ar son an feachtas a dhíriú go hiomlán ar an chéad éileamh, is é sin, múinteoirí teanga a chur ar chúrsa tumoideachais bliana.

Tá na struchtúir ann cheana féin sna coláistí tríú leibhéil chun mic léinn a chur thar lear ar chúrsaí Erasmus agus níor chóir go mbeadh fadhb rómhór ann chun é sin a leathnú do gach múinteoir teanga iasachtaí.

Feictear dom, afách, go bhféadfadh fadhb bheith ann le cúrsaí tumoideachais bliana sa Ghaeltacht. Múinteoir Gaeilge is ea gach bunmhúinteoir sa Stát agus, ar an ábhar sin, is mór an t-athrú a dhéanfadh sé ar oiliúint ábhar múinteoirí sna coláistí oideachais é a chur i bhfeidhm.

Faoi láthair, is éigean do gach ábhar bunmhúinteora cúrsa trí seachtaine a dhéanamh sa Ghaeltacht. Níor mhór bunathruithe a dhéanamh ar churaclaim agus ar fhoirne na gcoláistí chun iad a chur ar chúrsa bliana, ach níl amhras ar bith ar Chaoimhe Máirtín, iarstiúrthóir Choláiste Oideachais Marino, ná go mbeadh toradh fiúntach air.

Agus í ag caint ag comhdháil oideachais a d'eagraigh an Conradh, dúirt sí go raibh sí "suite de go bhfuil an t-am ceart anois ann chun é a dhéanamh".Tar éis bliain a chaitheamh ag foghlaim trí Ghaeilge sa Ghaeltacht ba cheart go mbeadh ar chumas gach bunmhúinteora corpoideachas, nó ceol nó fiú stair nó tíreolas a mhúineadh trí Ghaeilge.