Raidio na Gearmaine

Craolfaidh Raidió na Life (106

Craolfaidh Raidió na Life (106.4FM) clár speisialta - An Ghearmáin ag Glaoch: Neodracht, Naitsithe agus Náisiún - Dé hAoine ag 6 p.m. Díríonn an clár ar chraolta Naitsíocha - i nGaeilge agus i mBéarla - chun na hÉireann i rith an Dara Cogadh Domhanda.

Tugann an clár léargas ar chomhthéacs neodrachta na hÉireann, ar dhearcadh an phobail i leith bholscaireacht raidió na Naitsithe agus ar thionchar na gcraoltaí ar dhaoine.

Cuimhní ar na craolta, míreanna raidió ón tréimhse agus tuairimíocht faoi neodracht an Stáit ag an am a chuirfear faoi bhráid an éisteora.

I measc na gcainteoirí, beidh Dave O'Donoghue, údar Hitler's Irish Voices, Éimear Ó Broin, iar-Stiúrthóir cheolfhoireann RTÉ, Seán Mac Réamoinn, iar-cheannasaí Radió Éireann, agus Seán Ó Briain, aistritheoir agus craoltóir. Is é Cearbhall Ó Siocháin a chuireann an clár i láthair.