Realtra eile, ar phlainead eile, i bhfad i gcein

Réaltra eile, ar phláinéad eile, i bhfad i gcéin, tá Éire ina Gaeltacht. Tá George W

Réaltra eile, ar phláinéad eile, i bhfad i gcéin, tá Éire ina Gaeltacht. Tá George W. Bush ar a thriail sa Háig as coireanna cogaidh. Deir sé go bhfuil brón air as páistí a mharú.

Faigheann Osama Bin Laden bás agus cuirtear ar lóistín leis an Diabhal é agus gabhann Tony Blair leithscéal le pobal na hÉireann as 700 bliain daorsmacht.

Soilsíonn an ghrian i gcónaí in Éirinn le linn an lae agus, ar chúis inteacht nach dtuigeann eolaithe, titeann an bháisteach san oíche amháin.

Baineann Éire Corn an Domhain sa pheil agus sa rugbaí. Buann siad ar Shasana ar an dá ócáid. Déantar Pápa d'Ian Paisley sa Róimh agus craolann TG4 cláir Ghaeilge gan fotheidil.

READ MORE

Baineann peileadóirí Liatroma Corn Mhig Uidhir agus baineann iománaithe Fhear Manach Corn Mhic Cárthaigh in éadan Chorcaí, 12-87 - 0-4.

Baineann Louis de Paor agus Hector Ó hEochagáin You're a Star leis an amhrán, "Rudaí Rua ag Rocáil, yeah, yeah, yeah." Díolann siad níos mó ceirníní ná Abba. Faraor, scarann siad ar ball de bharr "difríochtaí ealaíonta".

Baineann Bono Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge agus is í Samantha Mumba Uachtarán na hÉireann.

Ainmníonn Martin O'Neill Polo Murray ina chaptaen ag Ceiltigh Ghlaschú do chluiche ceannais Chorn na hEorpa in éadan Real Madrid. Baineann na Ceiltigh 3-2 agus is é Polo a scórálann tríú cúl na gCeilteach. Ainmnítear gach leanbh feasta in Éirinn Polo - na cailíní san áireamh.

(Iarrann Figo a gheansaí ar Pholo ach tá sé i ndiaidh é a ghealladh do Zinidine Zidane.)

Baineann Cathal "The Shark" Ó Searcaigh craobh dornálaíochta an domhain in éadan Mike Tyson i Madison Square Garden, Nua-Eabhrac. Cumann a thraenalaí, Gabo "Right Haikiú" Rosenstock, dán in onóir na hócáide.

An oíche ina dhiaidh sin, is i Stockholm atá Polo Murray, áit a bhronntar duais Nobel na Litríochta air as feabhas a chuid filíochta.

"Tá sé i bhfad níos fearr ná mise," a deir Seamus Heaney. Molann sé gur "cheart dúinn an dara duais Nobel a bhronnadh air as a chuid iriseoireachta fosta". Glactar d'aonghuth leis an mholadh.

Téann filíocht Pholo chomh mór sin i bhfeidhm ar rí na Sualainne go n-iarrann sé air a iníon, an Banphrionsa Sexí Blonde, a phósadh. Faraor, tá lámh agus focal idir Polo agus Claudia Schiffer.

Agus, mo dhearmad, tá Metro i mBaile Átha Cliath. Chuir an Rialtas €300 milliún i leataobh lena thógáil ach níor chosnaigh sé ach €30 milliún. Dúirt an forbraitheoir gur chuir sé ponc deachúil san áit chontráilte agus thug an t-airgead ar ais do na húdaráis.