Salmond feasa

BEOCHEIST: IS BREÁ le chéad aire na hAlban, Alex Salmond, comparáid a dhéanamh idir cás neamhspleáchais na hÉireann agus cás…

BEOCHEIST:IS BREÁ le chéad aire na hAlban, Alex Salmond, comparáid a dhéanamh idir cás neamhspleáchais na hÉireann agus cás a thíre féin.

Tugtar Parnell na hAlban air agus is minic focail Parnell á lua aige le linn a óráidí agus scríbhinní. Cosúil lena laoch, níl ag éirí go rómhaith idir Salmond agus príomhaire na Breataine, David Cameron, faoi láthair.

Chinn sé reifreann ar neamhspleáchas a chur faoi bhráid vótóirí na hAlban i bhfómhar 2014 ar a luaithe – comóradh 700 bliain bua Robert the Bruce ar Shasana ag Bannockburn.

Deir an rialtas i Londain nach bhfuil go leor cumhachta ag feidhmeannas na hAlban reifreann mar sin a reachtáil as a stuaim féin. Tá rialtas Londan ag lorg reifrinn níos luaithe i dtreo is go dteipfeadh air agus go ndéanfaí dearmad ar neamhspleáchas go ceann glúine eile.

READ MORE

D’fhoilsigh rialtas na hAlban páipéar faoin ábhar a mhol go gcuirfí an cheist simplí seo ar vótóirí: “An aontaíonn tú gur cheart d’Albain bheith ina tír neamhspleách?”

Glactar leis go mb’fhéidir go mbeadh gá leis an dara ceist ar an bpáipéar ballóide ina dtabharfaí rogha devo-max, nó déabhlóid iomlán, do vótóirí.

Ar ndóigh, dá nglacfaí le neamhspleáchas, nó fiú déabhlóid iomlán, is bua mór a bheadh ansin don SNP, páirtí Salmond.

Nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a shláinte i 2006, rinne Salmond trácht ar Leon Ceilteach na hAlban bheith beo beathach i measc thíortha beaga neamhspleácha eile i dtuaisceart na hEorpa.

“Arc of prosperity” a thug sé ar an nasc idir na tíortha sin, leis an Iorua agus an Íoslainn go hard sa stua sin. Tá fós ag éirí go maith leis an Iorua, ach mar is eol dúinn go léir, tá an chuid eile den stua tar éis titim as a chéile.

Is nós nua é an páirtí náisiúnach in Albain bheith chomh tógtha leis an tír seo, ach tá sé mar straitéis ag Salmond gan olc a chur ar aon chuid den phobal vótála agus tá tábhacht faoi leith ag baint leis an vóta “glas”.

Is léir go mbeadh vótóirí óga níos díograisí faoi neamhspleáchas agus, chuige sin, molann an páipéar an aois vótála a ísliú go 16 bliain d’aois in am don reifreann.

De réir an pháipéir, má cheapann an rialtas go bhfuil duine16 bliain d’aois sean agus aibí go leor chun pósadh nó troid san arm, tá sé in am vóta a thabhairt dó nó di i gcinneadh a bhaineann le todhchaí na tíre.

Ag an bpointe seo, níl ach ar a mhéid idir 30 agus 40 faoin gcéad in Alban ag lorg neamhspleáchais. Tá go leor daoine in Albain atá buartha nach bhfaigheann siad go leor tairbhe as airgead ola na tíre.

Ach níl go leor muiníne acu – go fóill – as an bPáirtí Náisiúnach chun dul sa seans agus vótáil i bhfabhar neamhspleáchais.

Bíodh sin mar atá, tá cáil agus íomhá an pháirtí agus a cheannaire ag feabhsú; dhá thoghchán buaite acu as a chéile sa tionól agus tá tionchar faoi leith acu ar gach gné den tír, seachas gnóthaí eachtracha agus slándála atá fós faoi stiúir Westminster.

Mar is eol dúinn, tá deacrachtaí ag mórpháirtithe na Breataine Móire faoi láthair: tá na coimeádaigh i gcomhaireacht den chéad uair le tamall fada, níl ag éirí go maith le Páirtí an Lucht Oibre, agus níl ceachtar acu sásta leis an gcaint seo ar neamhspleáchas.

Tá rian dearfach pholaiteoirí Albanacha ón dá pháirtí le feiceáil go soiléir i stair Westminster, leithéidí Brown, Darling, Kennedy agus Rifkind.

Tá duine acu siúd, Alastair Darling, ó Pháirtí an Lucht Oibre, tar éis dearbhú go nglacfadh sé páirt iomlán in aon fheachtas i gcoinne neamhspleáchais amach anseo.

Cheana féin, labhair sé ar na deacrachtaí eacnamaíochta a bheadh ag a thír dhúchais gan tacaíocht Westminster. Maíonn an páipéar ó rialtas na hAlban go gcuirfeadh “sea” sa reifreann tús le dhá bhliain idirbheartaíochta agus cainte. (Deir an páipéar chomh maith go bhfanfadh an bhanríon ina ceann stáit agus go leanfaí le húsáid Sterling).

Ar ndóigh, dá nglacfaí leis an reifreann bheadh sé ina thubaiste mhór do Pháirtí an Lucht Oibre: chaillfidís 41 suíochán ar an toirt rud a chuirfeadh go mór leis na deacrachtaí a bheidh acu olltoghchán a bhuachaint san am a bhí le teacht.

Aithníonn David Cameron agus a pháirtí gurb ionann an reifreann seo agus an bhagairt is mó ar an Ríocht Aontaithe ó bhí Acht an Aontais ann i 1707.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, níl mórán suime ag muintir an Tuaiscirt nó na Breataine Bige neamhspleáchas a bhaint amach dóibh féin. Ach tá seans maith ann go mbeidh na glúnta atá romhainn buíoch de Parnell na hAlban as ucht na ceannaireachta eisceachtúla a thaispeáin sé ag an am seo.