Samhail arís

TÁ GRÚPA saineolaithe teanga i ndiaidh litir a scríobh chun na nuachtán ina dtugann siad le fios go bhfuil Samhail Nua Mhaoinithe…

TÁ GRÚPA saineolaithe teanga i ndiaidh litir a scríobh chun na nuachtán ina dtugann siad le fios go bhfuil Samhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge “lochtach go smior agus go mbeidh mar thoradh air go ndéanfar dochar aimhleasach d’fhorbairt na Gaeilge”.

Scríobhann na saineolaithe as Éirinn, Albain, an Bhreatain Bheag agus an Nua-Shéalainn nach bhfuil taighde déanta ag an fhoras “ar éifeachtacht nó ar éifeachtúlacht na n-eagras agus tagann a moltaí i gcoinne bhunphrionsabail na pleanála teanga”.

D’eisigh an foras ráiteas leis an cholún seo inné, á rá go raibh próiseas comhairliúcháin ar siúl acu le seans a thabhairt don phobal tuairimí a léiriú faoin tsamhail.

Bhí litir na saineolaithe léite acu agus bhí siad le cuireadh a chur orthu bualadh leis an fhoras lena gcuid barúlacha a phlé.

READ MORE

Bhí áthas ar an fhoras “glacadh le haighneachtaí ó na saineolaithe mar chuid den phróiseas comhairliúcháin” agus ní raibh rún acu ráiteas a dhéanamh faoin tsamhail go dtí go mbeadh cúrsaí comhairliúcháin thart “ar eagla go n-imreoimis tionchar ar an bpróiseas”.