Sans culottes an rugbai

Beocheist: "Gabh mo leithscéal as ucht an tocht ach bíodh fhios agat gur muidne na 'Sans Culottes' i gcomhthéacs rugbaí na Fraince…

Beocheist: "Gabh mo leithscéal as ucht an tocht ach bíodh fhios agat gur muidne na 'Sans Culottes' i gcomhthéacs rugbaí na Fraince!" Bhí mé i gcomhluadar Francaigh agus a chuid compánach de lucht tacaíochta Perpignan ag teacht amach as Bóthar Lansdún.

Tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann Laighean i gcluiche leathcheannais na hEorpa, bheadh USAP (l'Union sportive des Arlequins Perpignan) ag imirt in aghaidh Toulouse - ceann de na clubanna is saibhre ar an Mhór-Roinn - sa chluiche ceannais féin.

Ón méid a dúirt mo dhuine faoi ghéarchéim airgeadais, gortaithe agus aistriú imreoirí an chlub, bhí sé beagnach cosúil le Connachta ag dul chomh fada le cluiche ceannais na hEorpa.

A fhad is a bhí mo chompánaigh ag ceiliúradh, bhí mise ag mothú cuibheasach íseal toisc go raibh mé ag súil le cluiche ceannais idir an Mhumhain agus Perpignan, an dá fhoireann dár thugas tacaíocht ón tús.

READ MORE

Rugadh i gCúige Mumhan mé, ceart go leor, ach anuraidh cheannaíomar teach i Vinça, baile beag i measc na bPiréiní timpeall 40 ciliméadar ó Pherpignan. Tá mise, mo bhean chéile agus an triúr páistí againne le dul a chónaí ann i mbliana.

Dá bharr sin, shiúil mé díreach i dtreo an chéad duine a chonaic mé an lá úd leis an bhratach dearg agus óir (ní raibh ach ceann amháin le feiceáil ann) ag rá: "Bienvenu en Ireland! Aon seans go bhfuil eolas agat ar Vinça?"

Dar ndóigh, bhí agus níos tábhachtaí ná sin, fuair mé amach go raibh cara leis ó Vinça féin a bhí ag ól Guinness "a l'irlandaise" thíos sa bheár.

Díreach tar éis dó teacht aníos agus a áit a bhaint amach linn taobh thiar de chuaillí an Chríoch Thuaidh, chuir Frederic Fabre ó Vinça glaoch telefóin ar a mháthair. Cónaíonn sí féin in avenue du General de Gaulle i Vinça.

"Tabharfaimid aire mhaith daoibh," a gheall sé. Bhí ionadh air agus ar a mháthair go mbeadh éinne ag dul "ar imirce" go dtí a "shráidbhaile" féin.

Is fíorthír rugbaí í ceantar seo na Pyrénées-Orientales. Is é Perpignan an phríomhchathair. Bheadh sé an-deacair duit páirc sacair a fheiceáil in aon áit.

"Ach imrímid 'baby-fut' (peil sacair boird) ceart go leor", a d'admhaigh Patrice Villelongue, comharsa dúinn, nuair a bhuail mé leis i gCafé Vinca mí ó shin. Imríonn sé féin sa "Dara Líne" san fhoireann rugbaí áitiúil agus is oibrí feirme é.

Dhearbhaigh mo chairde nua go raibh "gach fíor-Chatalach ag tabhairt tacaíochta don Mhumhain" sa chluiche leathcheannais eile i gcoinne Toulouse.

Ó shin fuair mé litir ríomhphoist ón triúr ina ndúirt siad gurbh é an toradh in aghaidh Chúige Laighean an bua ba thábhachtaí agus ba mhó i stair chlub l'USAP agus go raibh lucht tacaíochta Bhóthar Lansdún an-spórtúil ar fad toisc nach raibh "bú" le cloisteáil ó éinne nuair a bhí "Manny" (ciceálaí Perpignan) ag tógaint ciceanna.

Chuir sé áthas orm nuair a gheall said go mbeidís ag fáil dathanna an chlub agus ticéad domsa i bPerpignan "ionas go mbeifeá i d'fhíor-Chatalach sara sroiceann tú Vinca" .

Thug nuachtáin Éireannacha le fios go raibh foireann USAP cosúil le foireann sacair Barcelona - a cholcheathracha thar teorainn - gur as tíortha eile d'fhormhór imreoirí Perpignan. A mhalairt de scéal atá ann. As 33 imreoir ó chéad phainéal an chlub, tá 28 Francach ann - a lán díobh ó cheantar Pherpignan féin.

Is amaitéar é an fear ionaid "hooker" Fabien Rofes a d'imir in dhá chluiche sa Chomórtas Heineken seo. Oibríonn agus cónaíonn Rofes timpeall chathair Perpignan. Tá go leor ráite.

Dúirt Trevor Ó Bréanáin ó fhoireann Toulouse agus Pilib Ó Murchú ó Pherpignan nárbh fhearr leo bheith ag imirt rugbaí in aon staid eile ar domhan.

Agus, creid é nó ná creid, tá fíor-mheas ag imreoirí eile na Fraince ar Bhóthar Lansdún - an staid rugbaí is sine ar domhan. Tá an focal "misteachas" (vieux et mythique) go minic ina leith i nuachtáin na Fraince na laethanta seo.

Is é a dúirt captaen USAP, Bernard Goutta, leis an nuachtán l'Humanité: "Lansdowne Road - c'est un rêve de gosse!" ("Brionglóid gach garsúin is ea Bóthar Lansdún!")

Ba bhreá an rud é dá dtiocfadh na hÉireannaigh go cluiche ceannais seo na hEorpa an Satharn seo i mBóthar Lansdún. Mar Éireannach seanfhaiseanta le claonadh Seacóibíneacha, táim ag súil go mbeidh an bua ag Perpignan.

Allez les Sans-Culottes!