Saoire na ndaor

Crobhingne: Tá riail thar a bheith simplí ann timpeall ar stailceanna

Crobhingne: Tá riail thar a bheith simplí ann timpeall ar stailceanna. Is é sin, bíonn an ceart i gcónaí ag lucht na stailce. Ní heol dom, ná ní cuimhin liom, sampla amháin i gcás aighneas tionsclaíochta nuair a bhí an ceart ag na tiarnaí thuas.

Ach is cuma. Cuirfear inár láthair go bhfuil rud éigin míréasúnta ag baint leis an neach oibre a éilíonn níos mó ná mar atá deonaithe ag na daoine is fearr fios nó mar atá socraithe ag bróga snasta na leaca sleamhaine. Mo phócaí folamha féin air nach raibh riamh eagarfhocal ar an nuachtán seo, gan trácht ar an dream eile thall, a bhí fábhrach go leanúnach thar thréimhse ghairid féin do lucht stailce.

Tuigeadh do na banaltraí, is fíor, ach níor shín an tuiscint níos sia ná cúpla lá féin. Níor tuigeadh do na hoibrithe iarrannróid, ná do lucht na litreacha, ná do na múinteoirí, ná do na dochtúirí sóisearacha. Fear spáid nó neach pinn, níl cead acu a bheith i gceannas ar a gcuid saothair féin.

Ní ardeolaíocht na reanna neimhe é seo gan amhras, ach dhá luacháil bheatha in aghaidh a chéile. Ceann a mhaíonn gurb é an t-airgead an t-aon luach amháin, agus an ceann eile adeir gur fiú an saothraí a chuid allais féin. Ceann arb é an focal "eacnamaíocht" an t-aon réasún amháin faoin spéir, agus ceann eile a luann nathanna seanchaite eile, ar nós "dínit an duine".

READ MORE

Díospóireacht í seo atá chomh sean leis na sléibhte agus atá farainn go buan. Déantar toil an rí, nó an bharúin nó an phríomhfheidhmeannaigh mar is aige atá an chumhacht agus murach é is ag ithe láibe a bheifeá, agus dá réir sin, bí buíoch go bhfuil cnuimheanna féin agat le piocadh ón talamh. An mó cnuimh a cheannófá ar €1 aonair amháin in aghaidh na huaire?

Sin é a bhí á thairiscint do bhean ghlantacháin le déanaí ag tiarnaí Éireannacha. Nár cheart go mbeadh sí buíoch an méid sin féin a fháil? Tá géarchéim airgeadais ag fáscadh ar an gcomhlacht agus d'fhonn cabhraithe leis níor mhór 20 ceint eile a bhaint, mar thús.

Os a choinne sin, tá géarchéim ar an gcomhlacht agus ní mór a thuilleadh airgid a thabhairt don phríomhfheidhmeannach d'fhonn is go n-oibreodh sé níos déine chun an gnó a tharrtháil. "Cad tá ag dul dom i mbliana?" a fhiafraíonn sé. "An méid áirithe seo céadta míle euro," adeir sé leis féin mar fhreagra ar a cheist. "Voil, más mar sin atá, bíodh a dhúbailt sin agam," ar seisean "cos I'm worth it."

Meastar go bhfuil 40 milliún sclábhaithe ar domhan faoi láthair. Is ea, shíl tú gur cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht le Wilber Wilberforce agus a pháirtithe sa 19ú haois. Ach is meon síoraí é, meon a phéacann aníos ach oiread na fríde d'uisce is de sholas a thabhairt dó. Meon é atá ginte inár dtiarnaí tionsclaíochta go tiubh. Chuirfí i bhfeidhm é siar amach ach an fhríd is lú de sheans a thabhairt dó. Is cuma an rottweiler nó lao aireach nó halla burtún nó raghnall mac domhnaill nó sliogán idirnáisiúnta nó tóin agus araile a bheadh i gceannas, ní shamhlóinn go mbeadh aon duine díobh in aghaidh trádála an duine ar an margadh oscailte dúnta.

Bhíodh trácht tráth dá raibh ar aicme a dtugtaí an lucht oibre orthu. Níl seo sa bhfaisean níos mó mar ní mian le haon duine a lámha a shalú. Fágtar é sin faoi na sclábhaithe anoir as an Eoraip thoir. Is í mian an lucht oibre a bheith sa mheánaicme, mian na meánaicme a bheith san uasaicme, agus mian na huasaicme a bheith ina ríthe ríogúla, mian na ríthe ríogúla a bheith ina n-impirí an domhain, mian impire an domhain a bheith i gceannas ar an gcruinne, mian cheannaire na cruinne a bheith ina Dhia, mian Dé go mbeimis go léir mar a chéile. Sleamhain, leis, é dréimire na cumhachta.

Is í an stailc guth beag fann an duine réasúnta i gcoinne na cumhachta míchuibheasaí. Is beannaithe an rud é an stailc, an agóid, an mórshiúl sráide.

"In éamais na strachailte, ní ann don dul chun cinn," arsa an sclábhaí AfraMheiriceánach Frederick Douglass. "Iad siúd adeir go bhfuil siad ar son na saoirse agus na cothromaíochta ach a chuireann in aghaidh na troda ar a son, is cuma iad nó an duine a bhfuil barraí uaidh ach atá i gcoinne treabhadh an tailimh, nó an duine a bhfuil fearthainn uaidh gan tintreach agus toirneach, nó an fharraige gan búirtheach na dtonnta...Ní ghéilleann an chumhacht aon phioc gan éileamh. Níor dhein riamh agus ní dhéanfaidh go brách."

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar