Saol Ui Chadhain

"Agus sinn ag druidim le 100 bliain ón lá a rugadh Máirtín Ó Cadhain, is mithid dúinn an briatharchath a thionscnamh," a chreideann…

"Agus sinn ag druidim le 100 bliain ón lá a rugadh Máirtín Ó Cadhain, is mithid dúinn an briatharchath a thionscnamh," a chreideann Louis de Paor, file agus scoláire.

Ag é ag scríobh ar fhorlíonadh speisialta ar shaol agus ar shaothar Uí Chadhain ar Foinse na seachtaine seo, cuireann an Paorach an cheist: cén pobal léitheoireachta atá ag an Chadhnach sa lá atá inniu ann agus gan ach 780 cóip dá chuid leabhar díolta le trí bliana?

Déanfaidh cainteoirí éagsúla "an briatharchath sin" a thosú an deireadh seachtaine seo agus sraith léachtaí ar siúl ar an Spidéal, Co na Gaillimhe, le comóradh a dhéanamh ar Ó Cadhain.

Is é Seán Ó Tuairisg, craoltóir agus iriseoir, a thabharfaidh chéad léacht na hócáide, "Máirtín Ó Cadhain: fathach fir", oíche Aoine ag 8.30pm in Óstán na Páirce, an Spidéal.

READ MORE

Labhróidh Cian Ó hÉigeartaigh, Éamon Ó Cíosáin agus Máirín Nic Eoin ar an Chadhnach mar fhear cúise, Gaeltachta agus litríochta maidin Dé Sathairn ag 11am. Beidh ceardlanna ar a shaothar ar siúl Dé Sathairn idir 2.30pm agus 4.30pm, cóiriú stáitse ar shaothar Uí Chadhain oíche Shathairn agus imeachtaí eile Dé Domhnaigh.

Eolas: 086-2035033 nó comoradhuichadhain@eircom.net