Scéal clúiteach ar fáil anois mar úrscéal grafach

MÍREANNA: Is fada Cló Mhaigh Eo ag cur ábhar léitheoireachta ar fáil i bhfoirm ghrafach

MÍREANNA:Is fada Cló Mhaigh Eo ag cur ábhar léitheoireachta ar fáil i bhfoirm ghrafach. Bhain siad moladh nár bheag as scéalta as stair na hÉireann a chur ar fáil mar úrscéalta grafacha do ghlúin óg nach mbíonn deifir mhór orthu leabhair Ghaeilge a léamh.

Seo anois ón teach foilsitheoireachta i gClár Chlainne Mhuiris úrscéal nua grafach ach ceann atá bunaithe ar úrscéal clúiteach comhaimseartha, An Béal Bocht (€12.00), le Myles na gCopaleen.

Is é bunaitheoir Chló Mhaigh Eo, Colmán Ó Raghallaigh, a chóirigh an téacs don leagan nua seo agus John McCloskey a mhaisigh an saothar 100 leathanach.

Lándaite atá na pictiúir agus sleachta as an bhunleabhar ina gcuideachta.

READ MORE

Leabhar nua ar shaothar an fhile, Máire Bhuí Ní Laeire

Is é Bláth ’s Craobh na nÚdar: amhráin Mháire Bhuí (Coiscéim, €15) ainm an leabhair nua le Tríona Ní Shíocháin, léachtóir le Gaeilge ar Ollscoil Luimnigh.

Déanann Ní Shíocháin cur síos ar shaothar Mháire Bhuí Ní Laeire agus ar an tábhacht a bhaineann lenár scríobh sí.

Tá dlúthdhiosca leis an leabhar a bhfuil 14 amhrán dá cuid air agus iad taifeadta ag amhránaithe comhaimseartha.

Scríobhann Ní Shíocháin nach bhfuil amhras ar bith ann ach go bhfuil Máire Bhuí “ar dhuine des na banfhilí Gaelainne is mó cáil in Éirinn agus go n-áirítear í i measc na bhfilí is mó tábhacht ó dheireadh an 18ú haois ar aghaidh. Tá ardmheas ar a saothar ina ceantar féinig ... i measc mhuintir Mhúscraí go dtí an lá inniu féin”.

'Is linne an teanga' -  Uachtarán

An tráchtaire spóirt, Mícheál Ó Muircheartaigh, agus Pádraig Ó Sé, ceoltóir clúiteach ó Chiarraí, a sheol Bliain na Gaeilge 2013 ar An Daingean, Co Chiarraí, Oíche Chinn Bhliana.

Ba í an chéad ócáid Ghaeilge í i sraith imeachtaí atá le bheith ar siúl le linn 2013 le cúis na teanga a chur chun cinn.

Chuir Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, teachtaireacht réamhthaifeadta ar fáil inár dhúirt sé go raibh “ról na Gaeilge sa lá atá inniu níos tábhachtaí ná riamh agus brú ag teacht ar mhionteangacha ar fud an domhain mhóir.

“Is dlúthchuid dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge.

“Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé an-sásta tacú go láidir le Bliain na Gaeilge – is linne an teanga agus braitheann a todhchaí orainn”.

Mhol an tUachtarán do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid oiread agus a thiocfadh leo le linn na bliana nua

Dúirt Julian de Spáinn, Eagraí Náisiúnta Bhliain na Gaeilge 2013 go raibh sé mar “aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid, laistigh agus lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, tríd an gceiliúradh bliana seo ar an teanga”.