Scoil Chleire

Tá coiste áitiúil, Gaeilge 2010, ar Oileán Chléire, Co Chorcaí, ag iarraidh go mbunófaí meánscoil chónaithe lán-Ghaeilge ar an…

Tá coiste áitiúil, Gaeilge 2010, ar Oileán Chléire, Co Chorcaí, ag iarraidh go mbunófaí meánscoil chónaithe lán-Ghaeilge ar an oileán.

Níl meánscoil de chineál ar bith ar an oileán agus ba ghá, de réir an choiste, daltaí a thabhairt ó thír mór le cur le líon na ndaltaí sa scoil. Faoi láthair, caithfidh páistí Chléire atá in aois meánscolaíochta dul go tír mór le hoideachas dara leibhéal a fháil.

Dúirt urlabhraí de chuid an choiste, Tríona Ní Líonáin, nach raibh déagóirí an oileáin ag fáil chothrom na Féinne: "Níl an deis ar fáil do leanaí an oileáin freastal ar scoil ar an míntír mar dhaltaí lae toisc nach bhfuil clár ama an bháid oiriúnach chuige sin. Níl an dara rogha mar sin ag an leanbh nó ag na tuismitheoirí ach an leanbh a sheoladh go meánscoil chónaithe ... Ní theastaíonn ó na leanaí ná na tuismitheoirí bheith scartha óna chéile agus na leanaí chomh hóg sin, dhá bhliain nó trí bliana déag d'aois.

"Ní theastaíonn ó thuismitheoirí cúram a leanaí a fhágáil faoi strainséirí. Ní theastaíonn uathu go mbeadh a dteaghlaigh scriosta chomh luath sin. Ní theastaíonn ó mhóramh na ndaoine a leanaí a sheoladh go scoil nach scoil lán-Ghaeilge í ach an oiread."

READ MORE

Bhí daonra an oileáin ag dul i laghad "go síoraí" de bharr go raibh teaghlaigh ag fágáil an oileáin: "Tá leanaí ag fás aníos agus a n-aigne múnlaithe chun glacadh leis an bhfíric nach mbeidh sé de chumas acu cónaí ina gceantar féin. Tá an mhaoin is luachmhara dá bhfuil againn, ár ndaoine óga, á heaspórtáil againn. Tá tallann agus buanna na ndaoine sin á gcailliúint againn, tá tallann agus buanna a dtuismitheoirí á gcailliúint, tá dlúth agus inneach na sochaí á lobhadh go mall seasta."

Ó tharla coláiste samhraidh bheith ar an oileán agus taithí bheith ag muintir an oileáin ar dhaltaí a choinneáil, níorbh aon stró é scoil chónaithe a bhunú. Lena chois sin, bhainfeadh pobal uilig Iarthar Chorcaí tairbhe as scoil den chineál sin: "Níl aon mheánscoil chónaithe lán-Ghaeilge eile in Iarthar Chorcaí. Tá borradh agus fás faoi na bunscoileanna lán-Ghaeilge ach níl mórán de rogha ann ó thaobh na meánscolaíochta trí Ghaeilge.

"Tá deis ann scoil den chéad scoth a bhunú i gCléire. Is Gaeltacht é, tá sé saor ó choiriúlacht agus drugaí. Tá aithne ag gach uile dhuine ar gach uile dhuine eile. Tá sprid an phobail láidir. Tá an coláiste nua le bheith réidh gan mhoill. Scoil nuathógtha le gach áis ann, teanglann, seomraí ranga, páirc imeartha."

Dúirt Ní Líonáin go raibh an coiste le cruinniú a lorg leis an Aire Oideachais, Mary Hanafin, agus spéis na Roinne sa tionscnamh a mheas. Bhí an coiste ag caint leis an Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, arú inné agus bhí sé le cuairt a thabhairt ar an oileán agus bualadh leo le linn an tsamhraidh.