Screach ghaifeach na gceannteideal nuachta

Chualathas scréach ar fud an domhain nuair a robáladh An Scréach, pictiúr cáiliúil le hEdvard Munch, Ioruach

Chualathas scréach ar fud an domhain nuair a robáladh An Scréach, pictiúr cáiliúil le hEdvard Munch, Ioruach. Robáladh an dara pictiúr ach níl an cháil chéanna ar an gceann áirithe sin, a scríobhann Gabriel Rosenstock.

Deirtear go seasann An Scréach do néaróis na nua-aoise. An é nach raibh néaróis ag cur as d'éinne sular ceapadh an focal sin? Ón bhfocal Gréigise a chiallaíonn "néaróg" a thagann sé. Conas tá na néaróga agat na laethanta seo, a léitheoir dhil?

Aisteach go leor, caithfear pictiúr a robáil - nó é a dhíol ar shuim an-ard ar fad - sula mbíonn sé ina scréach nuachta, nó caithfear teacht ar sheoid ar nós Caravaggio na nÍosánach chun go mbeadh sé ina cheannlíne nuachta.

Insíonn sé sin a lán faoin saghas sochaí ina mairimid. Ba cheart do dhuine éigin cóip Aogáin Uí Rathaile de Foras Feasa an Chéitinnigh a sciobadh. Ní scéal é agus é ina luí go sámh sa Leabharlann Náisiúnta.

READ MORE

Ar ndóigh, ní haon rud nua é an gáifeachas. Bhí sé riamh ann, is dócha. Is cinnte go raibh an Neandarthalach, beannacht Dé leis, ag scaipeadh ráflaí agus i mbun béadchainte agus gan aige ach "an cúpla focal".

Mar sin féin, is deacair éalú ó shaigheada na gceannlínte laethúla sna meáin chlóite agus eile agus gointear an uile dhuine againn. An duine suaimhneach, ní chuireann scéalta gáifeacha isteach ná amach air ach is fánach an áit ina bhfaighfeá duine suaimhneach na laethanta seo.

Fiú amháin na manaigh sin a ghlacann móid tosta, mhaíodh Thomas Merton go raibh na comharthaí méar eatarthu níos callánaí ná an chaint a bhí toirmiscthe orthu. An aigne agus ní hé an béal a dheineann an chaint, ar ndóigh. Ní binn béal ina thost má tá an aigne glórach.

Toradh amháin ar an tuile d'íomhánna cogaíochta a fheicimid ó lá go lá - bíodh sé in Iosrael nó san Iaráic nó sa tSúdáin - ná dí-íogarú an duine, is baolach, go dtí sa deireadh nach féidir linn comhbhá mar is ceart a bheith againn lenár gcomhshaoránaigh, lenár gcomhdhaonnaithe.

Cad a cheapann páistí nuair a fheiceann siad na híomhánna sin sna meáin - an dícheannú san áireamh? Cad iad na ceisteanna a chuireann siad orthu féin, ar a dtuismitheoirí, ar a gcuid múinteoirí? Cad a mhúintear sna scoileanna mar gheall ar chúrsaí cogaíochta? An seachnaítear an cheist?

Má chuireann páiste ceist ar oide nó ar thuismitheoir, "Cén fáth a mbíonn daoine ag troid?" Cén freagra a thugtar? "Bhí cogaí riamh ann, a stór, agus beidh!" An é sin an freagra ceart?

Nó an gcuirtear i dtéarmaí shíceolaíocht an pháiste é agus foirmle éigin mar seo a chur faoina mbráid: "Abair go bhfuil duine éigin in aon rang leat agus nach bhfuil tú ag aontú leis. Tá teannas eadraibh nó tá éad ar dhuine agaibh leis an duine eile. Tá cúis éigin ann nach bhfuil sibh mór lena chéile. B'fhéidir gur bulaí is ea an duine eile sin nó b'fhéidir nach bhfuil a fhios agat cén fáth nach maith leat é. Tá rud éigin agatsa nach bhfuil ag an duine eile, seans, nó tá rud éigin ag an duine eile nach bhfuil agatsa.

"Téann sibh amach sa chlós agus an chéad rud eile tosnaíonn sibh ag bualadh a chéile. Sin is cogadh ann. Is é is síocháin ann ná teacht le chéile, teacht ar an tuiscint gur tusa an duine eile sin - is aon chlann amháin sibh faoi Dhia. Buail an duine eile agus tá tú do do bhualadh féin, tá Dia á bhualadh agat."

Ba mhaith liom a fháil amach cé chomh minic is a luaitear an tsíocháin i scoileanna na hÉireann agus i scoileanna an domhain trí chéile. Níl gad níos gaire don scornach ná an tsíocháin. Ach ceist agam ort, an féidir an tsíocháin a mhúineadh? Is féidir staidéar a dhéanamh ar an tsíocháin - sin rud eile - ach an féidir an tsíocháin a shealbhú faoi mar a shealbhaítear scileanna teanga nó matamaitice?

Más féidir, an é réiteach na ceiste mar sin síochánaithe a dhéanamh d'aos óg na tíre seo, d'aos óg an domhain? Ach ní féidir síochánaí a dhéanamh d'éinne - gan dul i dtuilleamaí rialú na haigne nó róbónna a chruthú - an t-aon seans atá againn, dar le scannánóirí áirithe!

Ach cén saghas saoil a bheadh ansin againn?

Bhí réiteach spéisiúil ar an bhfadhb ag Osho (fear nár ligeadh isteach in Éirinn, dála an scéil). "Ní síochánaí é fear na síochána," a dúirt sé, "ach linn lán de chiúnas."

An fhealsúnacht a bhí ag Osho ná go dtugann fear na síochána cuisle úr cheolmhar isteach sa timpeallacht agus go leathann an ceol sin uaidh ar fud na cruinne. Cuilithíní na síochána ag scaipeadh ar fud na cruinne.

Go breá ar fad, a Osho! Tugaimse faoin gcantaireacht íseal ó thráth go chéile agus mé ag siúl sráideanna naofa Átha Cliath. Bíonn orm éirí as.

Ní féidir fanacht i dtiúin (leat féin) agus a bhfuil de challán thart orainn ag busanna, leoraithe, gluaisteáin, lucht na gcrann tógála, lucht réabtha na sráideanna, bonnán na bpóilíní is na n-otharcharr gan trácht ar lucht na bhfón póca. "Heileo? Cá bhfuil tú?" An-cheist. "Táim anseo," a deirimse leo.

Duine cruthaitheach is ea fear na síochána, dar le hOsho. Níl sé in aghaidh na cogaíochta mar - agus seo croí an scéil - más in aghaidh rud éigin atá tú, sin scréach na cogaíochta arís faoi chló eile.

Ní hé, mar sin, go bhfuil fear na síochána in aghaidh na cogaíochta; tuigeann sé cad is cogadh ann, tuigeann sé cad is coimhlint ann mar nach bhfuil aon choimhlint ann féin.

As an tuiscint sin don chogaíocht a éiríonn an easpa coimhlinte ...

Dá bhrí sin, ní haon mhaith ceachtanna staire a thabhairt don pháiste, na cúiseanna a bhaineann le cogadh a mhíniú dó, agus mar sin de, mar tuigfidh an páiste nach bhfuil ann ach seafóid.

"Ar mhaithe le síocháin a bhaint amach ab ea an cogadh áirithe sin!"

Seafóid. Cé a chreidfeadh é!

Dúirt fear na mburdún, Michael Augustin, nach bhfoghlaimímid aon ní ón stair - agus go múineann an stair féin an méid sin dúinn.

An rud is tábhachtaí ná treoir a thabhairt dár bpáistí conas síocháin a aimsiú iontu féin le bheith síochánta, go nádúrtha, le daoine eile. "Más mian linn síocháin a bhaint amach ní mór dúinn tosnú leis na páistí..." Gandhi a dúirt.

Labhrann Gandhi linn i gcónaí. Thug mé cuairt ar leachtanna cuimhneacháin dó san India. Dá bpiocfá suas aon cheann de na nuachtáin Bhéarla san India, The Hindu cuir i gcás nó The Times of India, bheadh nath éigin de chuid Gandhi, nó a mhacasamhail, le léamh ar leathanach an eagarfhocail.

Ní bhíonn a leithéid sin ar na nuachtáin seo againne - sea, bíonn ráiteas Caitliceach nó Protastúnach nó Giúdach le léamh ó am go chéile, nó nótaí Preispitéireacha, abair - ach is ag cosaint a ngort féin a bhíonn na heaglaisí an t-am ar fad agus níl glacadh leis an éacúiméineachas i dtaca le scolaíocht de.

Níl an chaoinfhulaingt tuisceanach ar bharr an churaclaim. A mhalairt ghlan. Córas iomaíochta an córas seo againne - cogadh na bpointí.

Sé a dúirt Mahatma Gandhi: "Féachaimse orm féin mar Hiondúch, mar Chríostaí, mar Mhoslamach, mar Ghiúdach, mar Bhúdaí agus mar Kung-Fúch..."

Sin is caoinfhulaingt ann, an bráithreachas neamhiomaíochta a mhothaítear istigh.

D'fhéachas ar shuíomh ealaíne ar an Idirlíon le déanaí, omnigalactic, agus dúradh liom má dheinim cuardach go dtiocfaidh mé ar 16,000,000 nasc a bhaineann le Críost agus - fan - 46,000,000 nasc a bhaineann le cogadh.

N'fheadar.

Ní chreidim gach rud ar an Idirlíon. Ní chreidim gach rud a bhíonn sna páipéir ná ar an raidió ná ar an teilifís ach an oiread.

Dá mhéad gleo a bhíonn ann is ea is lú seans a bheidh ag an ngnáthdhuine nach díthreabhach sa díseart é machnamh a dhéanamh ar a nádúr féin agus meas a bheith aige ar áilleacht dhochuimsithe an domhain.

Tá feachtas ar siúl ag Bush agus ag a chomhbhligeaird chun sceimhle a chruthú. Mar is eol dúinn, cuirtear dathanna in airde i Meiriceá chun leibhéal an bhaoil a chur in iúl don phobal.

Ar mhaith leat córas mar sin a bheith i bhfeidhm in Éirinn?

Ní gá duit eagla a bheith ort ach roimh an eagla féin, mar a dúirt an té a dúirt.

Nuair a sciobadh AnScréach le hEdvard Munch, an chéad rud a rith le duine de na finnéithe ná gur ionsaí sceimhlitheoirí a bhí ann.

An sceimhle is mó ar domhan faoi láthair ná eagla roimh an sceimhle féin.